Léargas eolach ar Choimisiún na Gaeltachta

Tá leabhar nua faoi scéal agus tionchar an Choimisiúin scríofa ag an Ollamh John Walsh

Dumha Cinn Aille, Acaill, Contae Mhaigh Eo, 1900-1920. Bailiúchán grianghraf Eason (3183). Arna atáirgeadh le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Dumha Cinn Aille, Acaill, Contae Mhaigh Eo, 1900-1920. Bailiúchán grianghraf Eason (3183). Arna atáirgeadh le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Céad bliain ó shin a foilsíodh tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta - ceann de na chéad choimisiúin a bhunaigh rialtas an tSaorstáit, comhartha gur tosaíocht a bhí i gcaomhnú agus in athbheochan na Gaeilge don stát nuabhunaithe.

Labhair Tuarascáil leis an Ollamh John Walsh, údar an leabhair nua Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926, faoi chúlra an choimisiúin agus faoin tionchar a d’imir sé ar bheartas teanga an stáit.

“Is dóigh liom gur cheart féachaint air mar an chéad idirghabháil ar scála mór ar son na Gaeltachta,” a dúirt Walsh, ar saineolaí é ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.

Bhí rialtas an tSaorstáit tar éis dhá bheartas shuntasacha a cheapadh chun stádas na Gaeilge a ardú: croí-ábhar a dhéanamh den teanga sa chóras oideachais agus í a chur san áireamh mar riachtanas fostaíochta sa státseirbhís.

“Ach bhain an Coimisiún leis an nGaeltacht go sonrach,” a dúirt Walsh. “Agus tharla sé sin mar thoradh ar stocaireacht a bhí ar siúl ag gníomhaithe teanga.”

Bhí dlúthbhaint ag athbheochan na Gaeilge le gluaiseacht na saoirse ó dheireadh an naoú haois déag ar aghaidh. Baill de Chonradh na Gaeilge ab ea seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta in 1916. Fiú tar éis dheighilt an Chogaidh Chathartha, níorbh aon ionadh é nuair a bunaíodh an Saorstát go raibh daoine sa rialtas nua a bhí báúil don Ghaeilge.

Mar sin féin, bhí amhras ar an Conradh faoi dhíograis an stáit. “Bhí an ceart acu bheith amhrasach, mar a fheicimid ó thaobh na staire,” a dúirt Walsh.

“Bhuail toscaireacht leis an Aire Oideachais Eoin Mac Néill a bhí ar dhuine de na daoine ba mhó a bhí tacúil don Ghaeilge.

“Bhí triúr ar a laghad ag bord an rialtais a bhí tiomanta don cheist,” a dúirt Walsh.

Orthu sin bhí Earnán de Blaghd, Risteárd Ó Maolchatha agus Eoin Mac Néill.

Bhí an Roinn Airgeadais thar a bheith naimhdeach agus diúltach mar bhíodar ag déanamh aithris ar Roinn Airgeadais Shasana agus meon iarchoilíneach acu.

Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta ag tús 1925 ach ón mbliain roimhe sin bhí brú á chur ar an rialtas gníomh a dhéanamh ar son na Gaeltachta.

“Ba iad Mac Néill agus de Blaghd ba mhó a bhruigh an cheist seo in 1924.”

Ceapadh Risteárd Ó Maolchatha ina chathaoirleach ar an gCoimisiún tar éis dó éirí as mar Aire Cosanta de dheasca faidhbe san Arm i dtaobh iarrachtaí líon na mball a ísliú tar éis an Chogaidh Chathartha.

Deir Walsh go raibh “brú morálta agus polaitiúil” ar an rialtas gníomh a dhéanamh ar son na teanga ag an am.

“Bhíodar in ann a rá go raibh tús áite á thabhairt acu don cheist agus go rabhadar ag glacadh leis go dáiríre,” a dúirt Walsh.

Bhí dhá phríomhaidhm ag an gCoimisiún.

“An chéad aidhm ná fairsingeacht na Gaeltachta a chinntiú agus an dara haidhm ná an Ghaeilge a fhorbairt i gcúrsaí oideachais, riaracháin, agus eacnamaíochta.

“Suimiúil go leor ba é Earnán de Blaghd a scríobh na haidhmeanna sin.”

Taighde

Reáchtáladh suirbhé an Choimisiúin le cabhair ón nGarda Síochána i mí Iúil agus Lúnasa 1925 - bliain sular reáchtáladh daonáireamh na hÉireann 1926.

“Bhí suirbhé talmhaíochta le déanamh ag na Gardaí ar fud na tíre i samhradh na bliana 1925, agus iarradh ar na Gardaí fiosrúcháin a dhéanamh faoi labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ag an am céanna,” a dúirt Walsh.

An bhliain dár gcionn, cuireadh ceist i dtaobh na Gaeilge arís sa daonáireamh, ach ní raibh na freagraí a tugadh ar aon dul lena chéile.

“Má dhéanaimid comparáid idir suirbhé 1925 agus daonáireamh 1926, tá míréir mhór mhillteach i gceantair áirithe,” a dúirt Walsh.

“Tá sampla nó dhó ann inar thit an céatadán cainteoirí Gaeilge ó 80 faoin gcéad go dtí 20 faoin gcéad in imeacht bliana.

“Ní fhéadfaí aon mhuinín a chur i míchruinneas mar sin,” a dúirt Walsh.

Mar sin féin, níorbh ionann na ceisteanna a cuireadh sa dá shuirbhé.

“Na figiúirí atá againn ón gCoimisiún, b’in an cumas Gaeilge a dúirt daoine a bhí acu - seachas an úsáid a bhíodar ag baint as an nGaeilge,” a dúirt Walsh.

“Mar sin, d’fhéadfadh sé go raibh sé fíor go raibh cumas Gaeilge ag 70 faoin gcéad den phobal ach nach raibh ach 20 faoin gcéad á húsáid.

“Bhí an daonáireamh níos foirmeálta agus bunaithe ar mhodh eolaíochta níos cruinne. Bhí sé ar scála mór,” arsa Walsh.

“Mar sin, is féidir linn glacadh leis mar léiriú níos cruinne ar labhairt na Gaeilge ag an am.”

Torthaí

Clúdach Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926 le John Walsh (Cló Iar-Chonnacht).
Clúdach Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926 le John Walsh (Cló Iar-Chonnacht).

Ar an 17 Lúnasa 1926 thug an rialtas cead an tuarascáil a fhoilsiú. Bhí 82 mholadh inti.

“An ceann ba mhó, b’fhéidir, a d’fhan in aigne an phobail ná an deighilt idir fíor-Ghaeltacht agus breac-Ghaeltacht,” a dúirt Walsh.

“B’in áiteanna ina raibh 80 faoin gcéad den phobal a raibh cumas Gaeilge acu - arís cumas seachas úsáid - agus breac-Ghaeltacht, áiteanna ina raibh idir 25 faoin gcéad agus 79 faoin gcéad.

“Bhí sé sin tábhachtach mar gur chruthaigh sé an tuiscint in aigne an phobail gur áit ar leith í an Ghaeltacht.”

Ach cé go raibh Earnán de Blaghd ina Aire Airgeadais, bhí an Roinn “thar a bheith naimhdeach agus diúltach”.

“Bhíodar ag déanamh aithris ar Roinn Airgeadais Shasana agus meon iar-choilíneach acu. Ba iad an Roinn Airgeadais a chuir poll sa bhád ar deireadh ó thaobh an Choimisiún.”

Gné eile atá fós ina cnámh spairne is ea an córas oideachais.

“Ó thaobh cúrsaí oideachais de, bhí an Coimisiún thar a bheith cáinteach ar an rialtas,” a dúirt Walsh.

“Easpa físe” don oideachas sa Ghaeltacht ba chionsiocair leis sin.

“Is ar éigean go raibh aon mheánscoil sa Ghaeltacht, mar shampla, agus ní raibh meánscolaíocht saor in aisce ar fáil ag an am. Ach an moladh ba radacaí a rinne an Coimisiún ná gur cheart go mbunófaí meánscoileanna saor in aisce sa Ghaeltacht.

“Dar ndóigh, níor tógadh é sin isteach go dtí na seascaidí go náisiúnta,” a dúirt Walsh.

“Ní raibh seans ann go nglacfaí leis, ach bhí an Coimisiún den tuairim go raibh daoine ag fágaint na scoile ag aois a 12 agus nach raibh scolaíocht eile ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine ar theastaigh uathu gairm a bhaint amach dóibh féin.”

Moladh dul i ngleic le droch-chaighdeán Gaeilge múinteoirí bunscoile freisin. Bhí an tríú cuid de mhúinteoirí bunscoile nach raibh in ann teagasc trí mheán na Gaeilge agus bhí easpa mhór téacsleabhar ann.

“Moladh go bhfaigheadh múinteoirí a bhí cumasach i nGaeilge bónas pá agus moladh é sin chomh maith do ghardaí agus do státseirbhísigh eile.”

“Moladh scéim athlonnaithe ar scála ollmhór – go n-aistreofaí daoine as an nGaeltacht go talamh níos fearr taobh amuigh den Ghaeltacht.”

Ní raibh aon chaint ar fhorbairt réigiúnach eacnamaíoch ag an am.

“Bhí polasaí eacnamaíoch amháin don stát, ní raibh an Roinn ag iarraidh an iomarca airgid a chaitheamh nuair a bhíodar ag iarraidh gearradh siar ar gach rud.

“Agus mar sin, níor tugadh isteach dáiríre ar deireadh ach tacaíochtaí beaga.

“An rud ba mhó nár glacadh leis ná moladh an Choimisiúin go mbunófaí eagraíocht feidhmiúcháin a bheadh freagrach as polasaí na Gaeltachta ag leibhéal an stáit,” a dúirt Walsh.

Deir staraithe áirithe gur theip go hiomlán ar an gCoimisiún, ach dar le Walsh nach féidir a bheith chomh docht daingean sin faoi.

“Theip air go pointe ach d’éirigh le cuid de na moltaí teacht slán agus bhí tionchar dearfach acu go ceann blianta fada,” ar sé.

“Measaim gur leag an Coimisiún síos teimpléid don pholasaí teanga a raibh tionchar fadtéarmach aige agus leag sé síos an tuiscint i measc an phobail gur áit ar leith í an Ghaeltacht agus bhí sé sin tábhachtach.

“D’fhág sé rian dearfach ar bhealaí [ach] b’fhéidir gur chruthaigh sé córas a bhí áisiúil don stát go bhféadfaí a rá ‘Bhuel, táimid ag bunú coimisiúin, féachfaidh muid ar an gceist agus piocfaimid cúpla rud nach bhfuil róchostasach agus déanaimid neamhaird ar an gcuid eile.”

Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926 le John Walsh san fhómhar.

Foclóir:

idirghabháil - intervention;

sochtheangeolaíocht - sociolinguistics;

stocaireacht - lobbying;

míréir - discrepancy

cnámh spairne - bone of contention

cionsiocair - root cause

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is Irish Language Editor at The Irish Times