Náire! Náire! Náire!

Tá an rialtas ag diúltú víosaí a thabhairt do mhic léinn ón bPalaistín, agus is sleamhain iad na leithscéalta

Cá bhfuil na bainc in Gaza?  Grianghraf: Ahmed Al Arini/AFP via Getty Images
Cá bhfuil na bainc in Gaza? Grianghraf: Ahmed Al Arini/AFP via Getty Images

Ba mhinic aithis á caitheamh linn toisc gur dhiúltaíomar glacadh le teifigh Ghiúdacha ó Ghearmáin na bhfealsamh is an cheoil chlasaicigh is an ardchultúir i dtríochaidí na haoise seo caite. Go deimhin féin, d’áitigh Oliver J Flanagan, an Teachta Dála mórcháile fadmharthanach ina óráid thionscnaimh i dTeach Laighean gur cheart dúinn aithris a dhéanamh ar na Naitsithe agus na Giúdaigh ‘a ruaigeadh’ as an tír. Ní sinne an t-aon tír amháin ina raibh an galar gránna frith-Sheimíteach go daingean sa chultúr Críostaí, agus bíonn go minic mar leithscéal dá mbeadh a fhios againn cad a bhí ar siúl go láneolgaiseach sna campaí báis agus sna geiteonna dúnta príosúnda go mbeadh a mhalairt de phort againn.

Ach tá’s againn cad tá ar siúl anois. B’fhéidir go bhfuil ár n-ár laethúil gan a bheith á thabhairt dúinn inniu ar gach scáileán, ach ardaítear an chaille de bheagán agus ní fada uainn foirgneamh eile leagtha in Gaza, teaghlach eile ina ghal, gluaisteán pléasctha san aer, smionagar déanta de scoil nó d’ospidéal. Déan scríobadh oiread na fríde fós tríd an luifearnach spóirt, cheiliúrán, dhuaiseanna scannán, bhladar polaitiúil, agus tiocfaidh tú ar thithe eile gafa ag plandóirí Iosraelacha ar an mBruach Thiar, ar phobail á ndíbirt as bailte, ar fheirmeacha á scrios, ar bharraí á lot. Is é sin le rá, tá an cinedhíothú ar siúl fós os comhair ár dhá súil, cé nach dtaispeántar é.

Dá ainneoin sin, tá an rialtas, nó géag lofa éigin díobh, ag diúltú víosaí a thabhairt do mhic léinn ón bPalaistín atá ag iarraidh teacht anseo ar scoláireachtaí ollscoile. Dob ait leat sin, lánait, mar ceadaítear tuairim is 40,000 víosa gach bliain do mhic léinn ollscoile ón iasacht, a bhformhór ón India, ón tSín, ón mBrasaíl agus ó na Stáit Aontaithe. Déarfá, ar an gcéad amharc simplí gur cúrsaí airgid is bun leis sin, óir sluaistíonn na mic léinn iasachta sin lasmuigh den Aontas Eorpach na hoirc is na hairc is airgead na muice de tháillí isteach sna hollscoileanna, airgead nach bhfuil an rialtas sprionlaithe sásta a dhearlacadh in ainneoin a maíte. Ach tá airgead geallta cheana do na mic léinn Phalaistíneacha seo, i bhfoirm scoláireachta nó ó mhaoin phríobháideach, agus ós ní é nach bhfuil i gceist ach tuairim is scór duine, is beag an baol go gcuirfidh siad bearna sa speilp náisiúnta. Caithfidh go bhfuil cúis eile mar sin leis an diúltú ón Roinn Dlí agus Cirt. N’fheadairís cad é? Ní fhéadfadh go mbeadh aon chúis pholaitiúil leis, an bhféadfadh? Ná habair é!

Is Kafkaúil gránna sleamhain iad na leithscéalta a thugtar leis an diúltú. Is beag rud a chuirfeadh múisc ort suas is anuas leo. Ní ghlactar ach le ráitis bhainc bhunúla. Cá bhfuil na bainc in Gaza? Sa chás is gurb ann dóibh, conas a gheofaí a gcuid taifead faoin smionagar? Ní ghlacfar le fótachóipeanna ná le hábhar ar ríomhphost, caithfear a theacht ar an bpost seilmide. Níl aon chóras poist ag feidhmiú in Gaza, mar sin, chaithfí éalú d’fhonn litir a chur sa phost. D’fhonn éalú, chaithfí cead imeachta a fháil sa chéad áit...

Níos lúbaí, cleasaí, sleabhcánta, mí-ionraice go mór ná sin is ea an gearán go mbíonn bearnaí sa chuntas oideachais ag na mic léinn. Bearnaí i do chuid oideachais agus na buamaí ag titim ort go hoícheantúil, do choláiste ar lár, do chuid múinteoirí nó ollúna marbh nó sa charcair, do chuid leabhar ina luaithreach agus gan d’fhoras staidéir agat ach an mhuir mhór ghorm dá mbeadh cead agat snámh uirthi!

Ní raibh náire riamh orm maidir le státseirbhís na hÉireann go dtí anois. Cén t-aire nó daoine atá á stiúradh? Mar is beart daonna mídhaonna é seo, beart náireach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar