An marú ina thaispeántas

Tá an bharbaracht ag borradh arís

Maolra Seoighe: Crochadh é in 1882 tar éis gur reáchtáladh a chás trí Bhéarla, agus gan focal Gaeilge ag a abhcóide.
Maolra Seoighe: Crochadh é in 1882 tar éis gur reáchtáladh a chás trí Bhéarla, agus gan focal Gaeilge ag a abhcóide.

Nuair a crochadh Maolra Seoighe san éagóir de dheasca dhúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882 chuaigh an t-éamh a scaoil sé amach agus an rópa ar a mhuineál ‘Táim chomh neamhchiontach leis an leanbh sa chliabhán’, chuaigh an liú sin trí chroí an chirt ag an am agus tá le clos ina shonaphéin ó shin. Níorbh é an t-aon duine a crochadh san éagóir in Éirinn é, fág polaitíocht agus ceannairc as an áireamh.

B’éigean don stát leithscéal a ghabháil nó pardún a thabhairt do Sylvester Poff agus James Barrett a cuireadh chun báis toisc gur ciontaíodh i ndúnmharú Thomas Browne iad i gCiarraí timpeall an ama chéanna is a tachtadh Maolra Seoighe leis an rópa cnáibe. Agus níos déanaí faoinár gcóras dúchais féinig, ba scannalach mar ar daoradh Harry Gleeson chun báis i ndúnmharú Moll McCarthy gar do Loch Ceann i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1941.

Ní hé an crochadh san éagóir, nó an friochadh sa chathaoir leictreach, nó an t-instealladh nimhe an cás is láidre in aghaidh phionós an bháis, ach go díreach gur lánait an t-áiteamh go bhfuil dúnmharú mícheart agus mímhorálta agus go ndéanfaí dúnmharú eile d’fhonn sin a léiriú.

Mar sin féin tá stáit áirithe á chleachtadh go rábach fós – an tSín (faoi rialtas cumannach aindiaga), an Iaráin (faoi rialtas Shia), an Araib Shádaisteach (faoi rialtas Sunni) agus na Stáit Aontaithe (faoi rialtas lánChríostaí). Thabharfadh seo le fios gur lag é cumhacht chreidimh nó idé-eolaíochta ar bith in aghaidh dúil an duine sa díoltas, dúil a léirítear le fíoch áthastúil agus le binb bharbartha ar na meáin mhíshibhialta aon uair go dtarlaíonn eachtra ghránna ar bith.

Chonaiceamar imir bheag den bharbaracht mhórálach sin le déanaí nuair a d’fhógair Pete Hegseth, rúnaí cogaidh Trump, go rabhthas le dúnmharú Nidal Hassan a chraoladh beo. Níorbh fhada gur cuireadh ina choinne sin, óir tá sé ceart go leor foirgnimh a leagadh agus teaghlaigh iomlána a smidiríniú, ach ná taispeántar na corpáin á dtarraingt aníos as an smionagar.

Dá bhfillfí ar dhúnmharuithe oifigiúla a chraoladh beo nó a thaispeáint go poiblí ní bheadh ann ach athimirt ar chleachtadh a bhí coitianta ar feadh na mblianta gan áireamh. Ba chuma nó cluiche craoibhe iomána na Mumhan na sluaite a bhíodh ag na básuithe poiblí ar fud na hEorpa, flaigín tae agus ceapairí liamháis san áireamh. Níl aon amhras ná dá dtosnófaí orthu arís go mbeadh na múrtha airgid le déanamh ag comhlacht teilifíse nó ag entrepreneur éigin a mbeadh bua na poiblíochta aige.

Tar éis an tsaoil ba mhór an t-éileamh a bhíodh ag an meridianum spectaculum nó taispeántas an mheán lae sa Róimh nuair a chuirtí ainmhithe allta á bhféachaint le daoine i lár an airéana. Chuir an fealsamh impire Marcus Aurelius ina gcoinne, ní toisc go raibh siad cruálach agus uafásach, ach toisc go raibh siad leadránach. Is amhlaidh go mbíodh an toradh céanna orthu an t-am ar fad. Is annamh a bhíonn an lá ag an tarbh sa corrida.

Mar a chéile, chuir an caitheamh aimsire seo as don fhealsamh eile úd, Seinice, ach ní de bharr pianfhulaingt na bpríosúnach ach de thoisc an phléisiúir a thug sé don lucht féachana. Is ar an gcúis chéanna a cuireadh deireadh le béarghríosú sa Bhreatain san 17ú haois, ní le trua don mhathghamhain ach ar eagla go mbainfí taitneamh as.

Ach an oiread le ciapadh príosúnach, a cheapamar a bheith imithe de dhroim an tsaoil ach a tugadh ar ais le lánchead dlí agus le faomhadh fealsúnachta tar éis ionsaí na hAraibe Sádaistí ar na Stáit Aontaithe i 9/11, níl aon chúis nach bhfeicfimis bású poiblí arís agus daoine ag gliúcaíocht air le crispeanna agus le cóc.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar