Is é dícheall an staraí scríobh faoin aimsir chaite le haon chruinneas. Go deimhin, dá bhféadfaí sin bheadh go leor acu ar aon fhocal agus ar aon tuairim, rud is annamh. Is deacra go mór is go fada, áfach, trácht go beacht ar a bhfuil ar siúl inár dtimpeall i láthair na huaire, ar urlár leathan fairsing an lae. Tá cabaireacht gan chríoch ó na hilmheáin agus tráchtaireacht go farrabachall agus tuairimíocht saor le fáil ó thaobh na dtaobhanna níos mó ná mar a bhí riamh, agus teacht ag an ngnáthdhuine sa tsráid nó i ndoircheacht a bhotha féin air go dtí go bhfuil bolg a chloiginn stuptha le hiomad eolais. Is í an cheist go dtéann dínn a réiteach le siúráil ar bith, ná cad is brí leis seo go léir, cá bhfuil an domhan agus an daonnacht ag dul?
Bheadh sé furasta go leor a áiteamh nach bhfuil sna círéibeanna a bhí agus atá ar siúl sa bhFrainc le tamall anuas ach gníomh sealadach. Is de dhual is de dhúchas na mac léinn a bheith ag agóidíocht, ag cur in aghaidh na bunaíochta. Bheinn thar a bheith míchompordach mura mbeadh. Dá mba go rabhadar sásta ar nós uain bheaga dheasa ag dul chun an tseamlais ba mhó ba chúis bhuartha é sin.
Is fíor, leis, gur mhinic iad ag aithris ar a chéile, ionas go bhféadfaí a chur i gcás nach raibh sna círéibeanna agus léirsithe a tharla le déanaí san Iodáil agus sa Bheilg ach faisean. Ina choinne sin thall bhí trioblóid sráide sa Spáinn tamall roimhe sin mar gheall ar an tslí ar díbríodh seanbhean as an teach ina raibh sí ina cónaí ar feadh breis agus trí scór bliain de dheasca ardú cíosa. Deargfhearg in aghaidh na héagóra ba ea sin, agus an léirthuiscint ag fás gur ag lucht an airgid atá an chumhacht agus gur lag é guth an duine, nó cearta daonna féin, nó bunbhá leis an té atá buailte i bhfarradh leis.
Ach féach leat gur thosnaigh suaitheadh na Fraince, ní leis na mic léinn, ná le léirsitheoirí ag cur i gcoinne chostais ataithe na beatha, ach le daltaí scoile. Is í an tsamhail choiteann den dalta gurbh fhearr leis a bheith na céadta míle ó gheata na foghlama agus doicheallach aon chuimilt a bheith aige le scoil ar bith. Dealraíonn, áfach, gurbh iarratais réasúnta go leor a bhí á ndéanamh acu: oideachas níos fearr, foirgnimh shlána, breis múinteoirí, péint gan a bheith ag sileadh ó na ballaí. Níorbh aon phinn órga a bhí acu á n-éileamh, ná strufal dubh Périgord le haghaidh an lóin, na cúisíní maotha faoina dtóin. Is é sin, níorbh aon réabhlóidithe teasaí faobhracha de chuid na heite clé ba bhun leis an treabhlaid, ach daoine ar cás leo an aimsir atá amach rompu, mar is ceart.
RM Block
Tá an chuma air, agus táim ag iarraidh a bheith faichilleach anseo, nárbh iad a bhuail an chéad bhuille, má caitheadh buille ar bith, ach na póilíní, an péas, an Gendarmerie nach bhfuil cáil na cneastachta orthu. Níor chúrsaí iontais é go dtiocfadh daoine eile amach ar an tsráid d’fhonn tacaíocht a thabhairt do na daltaí agus chun a ngráin a léiriú ar na húdaráis ar fearr leo an dorn iata iarainn ná leathchluas féin le héisteacht.
Níl ach mothú, braistint lag ag dúiseacht ionam, cigilt bheag i gcúl na hintinne go bhfuil an bhearna idir an pobal mór - an dream go dtugaimis an chosmhuintir orthu fara an mheánaicme mheasúil féin - agus rialtais tofa lucht cosanta caipitil agus margaí ag dul i méid. Is iad na sráideanna beannaithe an chéad áit a léirítear sin agus ní ar an bpáipéar ballóide.



















