Bíonn tóir ag an-chuid daoine ar a sinsir, cérbh iad, cad as dóibh, cá raibh cónaí orthu, cad í an obair a bhí acu. Nuair a tháinig torthaí dhaonáireamh 1926 amach i mbliana, bhí daoine réidh ullamh léimt ar an idirlíon ar uair an mheán oíche nuair a cuireadh ar fáil iad. Táim cinnte go bhfuarthas go leor eolais a bhain preab as daoine, nó a chuir iontas orthu.
Daoine eile tá sloinnte uaisle acu agus is maith leo a mhaíomh gur de shliocht ríthe nó banríonacha iad, go bhfuil fuil uasal ag rith ina gcuisleanna. Muintir Uí Néill, b’fhéidir, nó Uí Chonchubhair go raibh flaitheas Éireann acu, nó Uí Bhriain a mhaífeadh gaol le Brian Bóraimhe.
Ní mar sin domsa, áfach, mar ní shílim go bhfuil deoir den fhuil ghorm sin im chorp. De mhuintir Anluain mo mháthair, agus ní raibh acu ach leathacra talún agus teachín i mball sceirdiúil i gcuan Chorcaí. A máthair sise, mo sheanmháthair, ní raibh puinn tailimh in aon chor acu siúd. Maolánaigh ba ea muintir mháthair m’athar agus bhí cónaí orthu sin i mbothán ar imeall na cathrach, í ag fuáil éadaí chun snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
Ní fhágann sin ach aon duine amháin eile, an duine a d’fhág an sloinne neamhchoitianta agam, is é sin, athair m’athar, an Titley bunaidh. Níl oiread sin d’eolas againn ina thaobh agus luaití é le cogar mogar folaitheach sa teaghlach. Is amhlaidh gur mairnéalach ba ea é a sheol farraigí an domhain mar chócaire ar longa trádála éagsúla. Is dual go mbeadh mistéir éigin ag baint le mairnéalach, agus cá bhfios cad iad na rúin a bhí aige? Níl aon chuimhne cheart agam air, mar fuair sé bás nuair a bhíos im gharsún agus mé i bhfad níos óige ná mar atáim anois.
RM Block
Nílimid cinnte cad as dó go díreach, ach áit éigin sa Bhreatain go cinnte. Tá sa seanchas nach foláir gurbh as ball éigin gar don bhaile ónar thóg sé a ainm, óir logainm is ea Titley. Ní raibh ann riamh ach ball ar léarscáil dom, spota ar an teorainn idir an Bhreatain Bheag agus Sasana, idir Herefordshire agus Powys. Is é sin go dtí i mbliana nuair a bhíomar ar saoire teaghlaigh i dtuaisceart na Breataine Bige agus gur shocraíomar ar chuairt a thabhairt ar an áit sin a thug a ainm dúinn.
Turas, n’fheadar, 160 éigin míle ann agus as arís a bhí ann dúinn, ach ba chuma. Ghabhas féin, iníon liom agus a fear céile, mac liom agus a mhac siúd, an bóthar ó dheas, ar mhótarbhealach i dtosach, agus ansin ar bhóithre a bhí ag éirí níos cúinge agus trí cheantair ag éirí níos tuaithe, fad na teorann idir Sasana agus an Bhreatain Bheag, ainmneacha Breatnaise agus Béarla ag malartú a chéile, leithéidí Ivington ansin Llandridrod, Blakemere ansin Pontolgach, Slobdon ansin Llangadfan.
Go dtí ar deireadh gur shroicheamar é. Cad leis go rabhas ag súil? Ní fios, dáiríre. Ní fhéadfaí sráidbhaile a thabhairt air, óir ní raibh aon tsráid ann. Stráice de bhóthar a ghabh thar sheanséipéal ar thaobh amháin, teach nó dhó laistiar d’fhálta ar an taobh eile, agus an t-aon fhoirgneamh a bhfuil aon cháil air, bialann nó teach tábhairne a thuill réalta Michelin. Seachas é sin, ghluaisfeá tríd gan é a thabhairt faoi deara.
Cad a mhothaigh mé mar sin? Ní féidir liom a rá gur oilithreacht de shaghas ar bith a bhí ann. Mar sin féin, sásamh éigin, gur leagas cos ar an áit as a dtáinig duine éigin de mo shinsir, duine a d’oibrigh sna goirt sin mórthimpeall ní foláir, is duine a d’fhág chun tabhairt faoin saol mór, mar a dhéanaimid ar fad.













