Nuair a d’fhógair an DUP an tseachtain seo caite go raibh sé i gceist ag an bpáirtí meicníocht vótála a úsáid chun stop a chur leis an mBille Gaeloideachais, níor chuir sé ionadh ar mhórán i bpobal na Gaeilge.
Seans go gcuirfeadh a fhuarchúisí agus a fógraíodh an crosadh alltacht ar mhórán daoine i ndaonlathas iolraíoch ar bith, ach ní mar sin a bhíonn i dTuaisceart Éireann.
Cruthaíodh an mheicníocht ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’ mar chosaint do mhionlaigh ar thromlach vótála an mhóraimh sa Tionól sa chás go bhféadfadh pé Bille nó reachtaíocht atá beartaithe leatrom nó dochar éigin a dhéanamh dá gcearta.
Ach dar le pobal na Gaeilge, is a mhalairt ar fad a bhí i gceist leis an mBille Gaeloideachais. Bhí súil le Bille i bhfad níos uileghabhálaí bunaithe ar chreat an Achta don Oideachas Imeasctha a chuir dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais oideachas imeasctha a spreagadh.
RM Block
Ach athraíodh na rialacha in 2024 chun scóip na mBillí Comhaltaí Aonair a chúngú. As sin amach bheadh orthu díriú ar aon chuspóir polasaí amháin seachas ar reachtaíocht uileghabhálach.
“Caithfidh Billí Comhaltaí Aonair a bheith i bhfad níos teoranta agus scóip na mBillí sin a bheith thar a bheith sonrach ar ábhar ar leith,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide Chonradh na Gaeilge, le Tuarascáil.
Mar sin, sprioc phraiticiúil a bhí le Bille an Oideachais, píosa reachtaíochta a chuir Pat Sheehan, Comhalta den Tionól Reachtach (MLA) de chuid Sinn Féin, chun cinn.
“An sprioc a bhí leis ná dualgas reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais plean a thabhairt chun tosaigh gach trí nó ceithre bliana chun soláthar foirne na nGaelscoileanna a phleanáil - sin an méid a rinne sé,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
Tá breis agus 7,000 dalta in earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh i láthair na huaire. Ach, mar a mhínigh Ó Tiarnaigh, tá an earnáil faoi “an-chuid brú”.
Tá dhá chúis leis sin, dar leis.
“An easpa tacaíochta a tugadh don earnáil ó bunaíodh í ó thuaidh i dtús na seachtóidí, an dí-infheistíocht a rinneadh thar an tréimhse ama sin, agus ag an am céanna an fás ollmhór atá ag teacht ar an earnáil le 20 bliain anuas.”
Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil sé “iontach deacair” ar scoileanna teacht ar mhúinteoirí le speisialtacht sna sainábhair - an eolaíocht agus an mhatamaitic go háirithe – ach go bhfuil sé “níos deacra fós” teacht ar theiripeoirí, agus ar mhúinteoirí atá oilte i riachtanais speisialta oideachais.
“Nuair a bhíonn deacracht ag páiste lena chuid foghlama, nó nuair a bhíonn riachtanais speisialta aige, is minic gur i mBéarla a oibríonn an teiripeoir nó an measúnóir, agus gur i mBéarla a bhíonn na huirlisí measúnaithe féin,” a dúirt sé.
Bíonn sé níos déine fós ar pháistí an-óg a thagann ó theaghlaigh lán-Ghaeilge nach dtosaíonn ar an Bhéarla go dtí go mbíonn tamall maith caite acu ar scoil.
“Go minic, an toradh a bhíonn air sin ná go moltar dóibh an Ghaelscoil a fhágáil agus dul go scoil Bhéarla,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
Cé nach réiteach iomlán a bheadh sa Bhille, cabhair mhór a bheadh ann do na scoileanna.
“Rachadh an Bille seo bealach fada chun freastal a dhéanamh ar na riachtanais atá acu ó thaobh múinteoirí a earcú.
“Is mór an trua nár éirigh leo é a dhéanamh.”
Níorbh aon ionadh mar sin é gur chuir cinneadh an DUP (le tacaíocht ón UUP agus ón TUV) fearg ar phobal na Gaeilge.
“Tá pobal na Gaeilge ar aon ghuth faoi seo agus tá pobal na Gaeilge feargach,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“Bíonn siad ag caint ar ‘crocodile moment’,” a dúirt sé, ag tagairt do ráiteas Arlene Foster in 2017 ina ndúirt sí: “Má thugann tú bia don chrogall, tiocfaidh sé ar ais ag lorg tuilleadh”.
“Ag fágáil na bpáistí ag geataí na scoile inniu, b’shin an chaint uilig,” a dúirt sé.
“Sin mar a mhothaínn sé, go bhfuil muid ar ais ag plé leis an DUP agus leis an Aontachtas polaitiúil trí chéile atá frith-Ghaelach agus atá ag tógáil cinntí suaracha inár gcoinne.
“Ar bhonn pearsanta, tá mo chailíní trí bliana go leith. Thosaigh siad ar aistear Gaelscolaíochta i mí Mheán Fómhair. Beidh siad sa chóras ar feadh cúig bliana déag. Dhéanfadh an Bille seo difear d’aistear foghlama s’acu. Cibé riachtanais a bheidh acu, cibé ábhair a roghnóidh siad nuair a rachaidh siad ar aghaidh go dtí an GCSE agus an tArdleibhéal, déanfaidh sé seo dochar don soláthar agus don eispéireas foghlama a bheidh acu.
“Cuireann sé sin fearg mhillteanach orm. Tá seacht míle páiste agus seacht míle teaghlach eile ann. Níl muid chun glacadh leis seo ar bhealach ar bith. Beidh muid ag troid ar ais ina choinne.”
Níor luaigh ceannaire an DUP Gavin Robinson tada faoi shubstaint na reachtaíochta ach gur de bharr “sotail” Shinn Féin i dtaca lena seasamh ar Bhóthar Gharbhachaidh a bhí a pháirtí chun achainí a dhéanamh. Mhaígh an UUP go mbeadh éagothroime sa Bhille a thabharfadh céim in airde do phobal na Gaeilge os cionn an ghnáthphobail.
Ach dar le hÓ Tiarnaigh nach bhfuil aon bhunús leis an argóint sin.
“Chualamar iad ar an raidió, chonaiceamar iad ar an teilifís ag rá ‘Ní féidir linn cos in airde a thabhairt d’earnáil amháin thar earnáil eile’. Bheadh sé sin fíor sa chás dá mbeadh gach earnáil ag tosú ón phointe céanna.
“Ach níl muid ag tosú ón phointe céanna.
“Níl aon duine ag séanadh go bhfuil fadhb ó thuaidh maidir le múinteoireacht fud fad na hearnála, ach tá sainfhadhbanna agus sainriachtanais ag earnáil na Gaelscolaíochta nach bhfuil ag aon earnáil eile agus déanann an UUP beag is fiú den idirdhealú sin.” a dúirt sé.
“Amaidí sheicteach,” dar leis, atá taobh thiar den seasamh atá á ghlacadh i gcoinne an Bhille.
“Chinn an DUP agus an UUP veto a úsáid ar bhonn frith-Ghaeilge agus is mór an náire é,” a dúirt sé.
Ciallaíonn úsáid ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’ gur féidir cosc a chur ar iarracht ar bith bille a rith, fiú sa chás ina mbeadh tromlach de vótaí an Tionóil ar a shon.
“Sin an rud is suaraí faoi,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“Bhí tromlach na gcomhaltaí tofa – Sinn Féin, SDLP, Páirtí na Comhghuaillíochta agus PBP (Pobal Seachas Brabús) – ar son an Bhille seo.
“Ní hamháin go raibh an cinneadh seo seicteach, ach bhí sé frith-dhaonlathach mar gur chuir sé ar ceal, chuir sé ar athló daonlathachas an Tionóil. Ní hé seo an chéad uair ar baineadh úsáid as an veto seicteach i gcoinne na Gaeilge agus ní bheidh sé ar an uair dheiridh,” a dúirt sé.
“Tá stair san áit seo maidir le naimhdeas agus cos ar bolg don Ghaeilge.”
Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil dualgas ar rialtais na hÉireann agus na Breataine faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta an t-oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn.
“Briseann an t-iompar seo spiorad an chomhaontaithe fosta agus an gheallúint an gníomh diongbháilte sin a dhéanamh.”
“Tuigtear dúinn go mbeidh coicís acu chun athmhachnamh a dhéanamh ar an chinneadh agus gur gá dóibh athdhearbhú a dhéanamh i gceann coicíse.”
“Beidh muidne ag iarraidh go mbeidh na húdaráis ag amharc ar úsáid an veto sin a ceapadh chun mionlaigh a chosaint lena chinntiú nach féidir é a úsáid le mionlaigh a bhriseadh.”
Foclóir
achainí ar bhonn ábhar buartha - petition of concern
Bille Comhalta Aonair - Private Member’s Bill
daonlathas iolraíoch - pluralistic democracy
cinneadh - decision
Amaidí - nonsense
dualgas - responsibility



















