In ainneoin nach bhfuil aon veileadróm ná raon rothaíochta faoi dhíon ar fáil do rothaithe in Éirinn lena gcuid traenála a dhéanamh, tá éacht bainte amach ag an rothaí as Cill Mhantáin, Lara Gillespie.
Tá roinnt veileadróm in Éirinn ach is raonta rothaíochta amuigh faoin aer iad. I mí Lúnasa 2024, ceadaíodh an chéad raon rothaíochta faoi dhíon in Éirinn, ar an gCampas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath. Beidh raon rothaíochta 250 méadar agus suas le 12 chúirt bhadmantain san áis, chomh maith le breis is 1,000 suíochán do lucht féachana. Cuireadh maoiniú €99.6 milliún ar fáil do Walls Construction leis an togra a chur i gcrích agus táthar ag súil go n-osclófar an áis nua i lár 2028. Ciallaíonn sé sin, áfach, nach mbeidh an áis traenála ar fáil in am do rothaithe a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na hÉireann sna cluichí Oilimpeacha in Los Angeles in 2028.
Tá an dara teideal domhanda buaite ag Lara Gillespie, tar éis di bonn óir a thabhairt abhaile léi ag Craobhacha Domhanda UCI sa tSín an mhí seo caite. Bhuaigh sí a céad teideal sa tSile anuraidh. Chruthaigh sí go láidir leis an mbua is deireanaí a ghnóthú. B’éigean di 100 cuaird den raon rothaíochta a dhéanamh agus bhí uirthi imeacht de ráib tar éis gach deichiú cuaird. Bhuaigh Lara an dara ceann agus an cúigiú ceann freisin! Tháinig sí sa dara háit sa seachtú agus sa naoú ráib. Bhí pointí dúbailte ar fáil don chuaird dheireanach agus tháinig Lara sa dara háit sa bhabhta cinniúnach sin.

Tá an-mheas ag Lara ar a ceantar dúchais agus taitníonn suaimhneas agus síocháin na tuaithe go mór léi. Creideann sí go gcabhraíonn an t-aer úr go mór léi agus itheann sí bia orgánach freisin. Deir Lara go bhfásann a máthair glasraí agus nach mbíonn mórán gá a bheith sa tóir ar bhia sna siopaí. Níl aon amhras ach go bhfuil an-tairbhe ag baint le bia orgánach agus folláin. Tá go leor imní léirithe ag daoine faoin mbia próiseáilte a itear na laethanta seo, agus faoi inbhuanaitheacht an chórais bia féin. Ar ndóigh, tá alltacht léirithe ag iascairí, a bhíonn ag saothrú a mbeatha amuigh ó chósta na tíre seo, nach linn formhór an éisc a thuilleadh. Tá a córas bia féin ag Suzanne Clarke, máthair Lara, áfach, a chinntíonn go mbíonn go leor bia sláintiúil acu. Ní bhíonn go leor ama ag Lara sa bhaile ach tá an t-am a chaitheann sí lena muintir an-tábhachtach di.
RM Block
Bhain sí céim amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - céim sa tSláinte agus Eolaíocht Feidhmíochta a bhí idir lámha aici. Ba dhuine an-spórtúil a bhí inti i gcónaí. Chuir Lara suim sa lúthchleasaíocht agus í ag fás aníos. D’imir sí peil, d’fhreastail sí ar roinnt feiseanna don damhsa Gaelach. Bhí Sarah Healy, an curadh Eorpach, ina ball den ghrúpa reatha céanna. Ghlac Lara páirt i roinnt trí-atlan freisin agus ba é an sin an rud a spreag í le tabhairt faoin rothaíocht. Níor thosaigh Lara ag díriú isteach ar an rothaíocht i ndáiríre go dtí go raibh sí ina déagóir.
In 2017, bhuaigh sí bonn airgid ag Craobhacha Eorpacha na hÓige a bhí ar siúl san Ungáir. Bhí Lara sé bliana déag d’aois agus ní raibh sí i bhfad ag rothaíocht go hiomaíoch ag an bpointe sin. Ní raibh ach thart ar chúpla mí thraenála déanta aici. Ach is cosúil gur lasadh splanc inti an lá sin agus gur chreid sí go mbeadh sí in ann i bhfad níos mó a bhaint amach ar an rothar. Ach is fada an bóthar é gan chasadh. Rugadh Lara le galar gínéiceolaíoch neamhchoitianta agus thosaigh sé ag cur isteach ar a cuid sláinte nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh roinnt fadhbanna sláinte aici don chuid eile dá saol i ndáiríre. Chuaigh sí faoi scian in 2021 agus bhain go leor deacrachtaí lena teacht aniar agus an cneasú. Mar bharr ar an donas, tháinig fiabhras faireoige uirthi ansin agus thóg sé beagnach dhá bhliain uirthi teacht chuici féin ina dhiaidh.

Tháinig Lara sa deichiú háit ina rás sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras. D’admhaigh sí, in agallamh a rinne sé an lá sin, go raibh sí fós ag foghlaim agus ag cur lena cuid taithí rásaíochta. Cleachtadh a dhéanann máistreacht a deirtear agus is léir go raibh Lara ag cleachtadh! Maidir le rásanna bóithre i mbliana, tá sí ina curadh náisiúnta den tríú huair. Mí an Mhárta seo caite, d’éirigh léi bua suntasach eile a fháil nuair a bhuaigh sí an rás mór le rá, Le Samyn, sa Bheilg. Chríochnaigh sé sa cheathrú háit (de réir rangú pointí) sa Giro d’Italia i mí an Mheithimh. Ag tús mhí Dheireadh Fómhair, tháinig sí sa dara háit san imeacht deireanach den séasúr i dturas domhanda na mban, Turas Oileán Chongming.
Níl Lara Gillespie ach cúig bliana is fiche d’aois anois agus í ar an rothaí baineann is rathúla in Éirinn, riamh. Tar éis rás na bpointí a bhuachan sa tSín an mhí seo caite, tá curiarracht bainte amach aici. Tá sí ina curadh domhanda den dara huair tar éis di an bua a thabhairt léi sa tSile an bhliain seo caite - rud nach bhfuil déanta ag aon rothaí Éireannach eile, bean nó fear. Tá rothaí móra an tsaoil ag gluaiseacht i gcónaí agus Lara Gillespie dírithe ar na cluichí Oilimpeacha in Los Angeles in 2028.
Foclóir:
In ainneoin = despite
veileadróm = velodrome
raon = track
áis = facility
i ndáiríre = seriously
fiabhras faireoige = glandular fever
suntasach = significant
















