Is é an focal gráig bunábhar na díospóireachta a bheas againn inniu. Focal é nach gcluintear ach go hannamh i gcaint an lae inniu cé go bhfuil fianaise ann ó roinnt áitainmneacha go bhfuil sé sa teanga le cuid mhaith de 1,000 bliain.
Tá cruth nó déanamh ar leith ar an ghráig – is beag nach i bhfoirm ciorcail a bhíonn sí agus mol láidir adhmaid ina lár agus géaga ag teacht amach aisti mar a bhíonn ar roth rothair. Is dóiche gur sin an fáth a bhfuil áitainmneacha againn a bhfuil an focal Gráig, nó leagan éigin de, le fáil iontu ar fud na tíre.
Bíonn na bailte seo déanta nó tógtha agus cuma ciorcail orthu ar shuíomh na dtithe ó thús báire. Is léir gurb í íomháigh na gráige a tháinig in intinn na ndaoine nuair a baisteadh an t-ainm ar áit mar seo an chéad lá riamh.
Tá An Ghráig in Iarthar Dhuibhneach agus is minic trácht ar an bhaile seo sna meáin Ghaeilge mar go mbíonn tarraingt mhór daoine agus scoláirí ar an áit. Tá áiteanna eile ann agus is léir gur seanáitribh iad inar mhair manaigh nó comhluadar eaglasta éigin agus go raibh na tithe buailte ar a chéile agus iad spréite amach agus déanamh gráige orthu. Sampla maith den chineál seo tógála é an baile i gContae Chill Chainnigh a dtugtar Gráig na Manach air. Scríobh an t-údar Conallach Tadhg Ó Rabhartaigh leabhar darbh ainm Gasúr de chuid Bhaile na nGrág. Is leagan eile den fhocal gráig é grág.
RM Block
...tá focla go leor eile againn atá bunaithe ar an fhocal <i>gráig </i>agus is maith is fiú iad seo a spíonadh beagán le fáil amach fán dóigh ar leathnaigh a gciall.
Tá seans gur in iarthar na hÉireann agus in áit ar bith sa tír a bhfuil portach le fáil is mó a tháinig daoine trasna ar ghráigeanna. Bhí coillte go tiubh sna háiteanna seo na céadta bliain ó shin. Nuair a thit siad le himeacht aimsire, fágadh ansin iad ina luí sa phortach go dtí gur thosaigh daoine á dtochailt le díon a chur ar a gcuid tithe. Bhíodh orthu na crainn a ghearradh ó na fréamhacha agus is minic a fágadh bun an chrainn nó an ghráig ina luí sa phortach.
Ach fuarthas úsáidí eile a bhaint astu – mar gheaftaí ar chuibhrinn nó ar gharraithe. Cuireadh mar leapacha i gcruacha coirce nó arbhair iad. Leagadh síos ar urlár draentaí nó draenacha iad.
Ach seans gurb é an úsáid is fearr a baineadh as bun na ngráigeanna go ndearnadh rópaí astu agus gléasanna eile le hainmhithe a choinneáil ceangailte agus le húsáid ag iascaireacht. Mhairfeadh cuid de na rópaí blianta fada.
Tiocfaidh muid ar ais chuig déanamh na rópaí seo lá éigin eile.
Ach tá focla go leor eile againn atá bunaithe ar an fhocal gráig agus is maith is fiú iad seo a spíonadh beagán le fáil amach fán dóigh ar leathnaigh a gciall. Focal suimiúil a bhí sa teanga uair amháin agus b’fhéidir go fóill féin an comhfhocal gráigbhaile – is é sin baile atá tógtha ar chuma na gráige. Ní hiontas linn sin mar ba mhinic na tithe tógtha in aice a chéile ag na Gaeil agus an talamh curaíochta agus féir scaite amach ón áit a mbíodh An Clachán nó na tithe cónaithe tógtha.
Ar ndóigh, d’fhás an focal grágán go nádúrtha as an fhocal gráig de réir rialacha na Gaeilge. Is é an chiall nó an bhrí atá leis bailiúchán de rud ar bith atá casta agus caite trasna ar a chéile. Is do ghruag chatach a bhíonn ar dhaoine is mó a úsáidtear é. Úsáidtear an focal céanna ag cur síos ar bhun crainn nó ar ghráig a bhíonn fágtha i ndiaidh crann a bhaint. Deirtear - chuaigh siad i ngreim grágáin ina chéile ‘they were entangled in each other’s hair’. Anois, luaigh muid cheana féin in alt eile go gcuirtí an dlí ar mhná a bhíodh ag troid agus iad ar ghreim gruaige lena gcéile comhraic. Deirtear go minic fosta fá dhuine a bhíonn ag ól – Tá braon sa ghrágán aige – He has a drop taken. Sin a dheireadh inniu.
Nóta don léitheoir: Má tá ceist ar bith agat ba mhaith leat a chur ar Dhónall i dtaobh focal, nathanna, logainmneacha nó sanasaíocht na Gaeilge, seol teachtaireacht chugainn ag sceal@irishtimes.com.
Foclóir
Comhfhocal = Compound word.
Comhluadar = Congregation
Cuid mhaith de = The most part of
Go tiubh = Plentiful
Gráig = A village, a stump of tree
Íomháigh = Image
Mol = Hub of wheel
Seanáitribh = Old habitation
Tochail = Dig up, excavate



















