Tá casadh ar bhóthar Bharr na gCurrach ar an mbealach siar go Conamara, ar a nochtar radharc ar an bhfarraige. Síneann an bóthar amach romhat siar i dtreo an Spidéil. Ligtear osna ón gcolainn.
Sa gceantar seo cuireadh barr maise ar cheann de na halbaim is íocónaí i stair cheol na hÉireann - Fisherman’s Blues le The Waterboys - in ainneoin nach Éireannach a scríobh, ach Albanach fir agus a bhanna, nuair a bhí siad ag cur fúthu i dTeach an Spidéil in 1988.
Tháinig Mike Scott go hÉirinn ar dtús in 1986, ar cuairt ar a chomhcheoltóir, an fidléir Steve Wickham.
“B’éigean dom bogadh ó m’árasán i Londain. Dúirt Steve ‘tuige nach dtagann tú go Baile Átha Cliath? Fan sa seomra breise tamall!’ D’fhan mé leis ar Shráid Lennox go dtí gur éirigh a bhean bréan den cheol déanach istoíche!”
RM Block
D’imigh an chathair i bhfeidhm air, áfach, agus mhair a chuairt na blianta fada.
“Tá meon éagsúil anseo. Thuig mé an difríocht idir Londain agus Albain. Agus tá an éagsúlacht seo níos doimhne fós. Cé go labhraítear Béarla anseo, tá intinn agus samhlaíocht na nÉireannach difriúil. Ceaptar go bhfuil tionchar [na Gaeilge] ar an aigne fós. ‘People still “do be” thinking, just “after” thinking this…’ smaoinítear sna foirmlí sin, fiú as Béarla. Domsa mar scríbhneoir, an cineál duine atá ionam, tá sé níos scaoilte, níos fiáine anseo. Thit mé i ngrá le hiarthar na hÉireann go háirithe.”
Domsa mar scríbhneoir, an cineál duine atá ionam, tá sé níos scaoilte, níos fiáine anseo. Thit mé i ngrá le hiarthar na hÉireann go háirithe.
Labhraíonn sé faoi thionchar an tírdhreacha ar an gceol agus ar an teanga, sin agus ar mheon na ndaoine: “Tá an Ghàidhlig níos corrchnámhaí agus scornúla ná an Ghaeilge. Ceapaim go bhfuil an ceol - agus teanga - faoi thionchar na talún. Tá an talamh anseo níos boige, níos réidhe. Ní hé nach bhfuil sé creagach, ach tá Albain níos creagaí. Ba chainteoir Gàidhlig mo sheanmháthair, ach briseadh an slabhra agus níor tugadh don chéad ghlúin eile í, mar gur bhog a teaghlach chuig na hÍsealchríocha... Ach chloistí an teanga, go háirithe ar an raidió.”
Bhraith sé ar a chompord sa Spidéal mar sin, agus an Ghaeilge le cloisteáil ina thimpeall. Ní raibh Mike ach 10 mbliana d’aois nuair a bheartaigh sé go raibh gairm an cheoltóra roimhe. Mhúnlaigh ceol na 60idí agus na Beatles go háirithe é. “Labhair chuile dhuine faoi na Beatles. Nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois d’eisigh siad She Loves You. Ansin Hard Day’s Night. Bhí gach albam éagsúil ón gceann roimhe. Thug sé le fios dom gur chóir go gclaochlódh an ceol… agus sin lena raibh mé ag súil mar sin, go ndéanfainn amhlaidh le mo cheol féin.”
Bhronn cara teaghlaigh pianó air mar bhronntanas, féirín a mhúnlaigh laethanta a óige. “Rithinn abhaile ón scoil agus chasainn ar feadh na n-uaireanta fada é - chomh crua sin gur briseadh neart eochracha. Ar feadh na mblianta, scríobh mé gach amhrán i ngléasanna ar nós E maol nó D maol, toisc go raibh na heochracha dubha fós ag feidhmiú.”

Oibríonn saontacht agus cruthaitheacht as lámha a chéile go minic. Lig Mike don fhiosracht agus don nuálaíocht gníomhú, rud atá le cloisteáil i stíl spraíúil luathcheol The Waterboys. Athraíonn an próiseas scríbhneoireachta le himeacht ama, áfach, agus an rud ar thug sé “divine mystery” air agus é sna 20idí, aithníonn sé mar phróiseas céimneach anois é: “bím ag faire ar an amhrán ag teacht le chéile, céim ar chéim, agus tuigim an rud atá ag tarlú le chuile chéim.”
Taifeadadh Fisherman’s Blues i ndiaidh tréimhse thraochta agus sos fada.
“Ní raibh uaim filleadh ar an stiúideo i mBaile Átha Cliath agus na patrúin chéanna oibre a bheith againn. Nuair a chruthaíonn tú istoíche mar a bheadh créatúr oíche ionat, bíonn tú as alt leis an saol mór. Mar sin cheap mé tuige nach gcríochnóinn in Iarthar na hÉireann é?
“Ball dár gcriú, John Dunford - bainisteoir Sharon Shannon a bhí ann ar feadh na mblianta sular cailleadh é - thiomáin sé chomh fada leis an gClár agus An Caoláire Rua ag breathnú ar hallaí pobail, scoileanna, bálseomraí… ach ní raibh aon rud ceart.”
Agus iad ag ól sa Spidéal, mhínigh siad a gcás sa teach tábhairne. Sul i bhfad, bhí glaoch curtha ar mhuintir Theach an Spidéil. Teach mór le radharc ar an bhfarraige, timpeallaithe ag crainn.
“Bhí Mrs. Buckley ag cur fúithi ann. Bhí sí gann ar airgead, agus cónaí uirthi i gcúinne amháin den teach, a bhí deacair le téamh óir bhí sé chomh mór sin. Bhog muid isteach, agus shocraigh muid ár dtrealamh taifeadta ann.”
Thum siad iad féin sa bpróiseas taifeadta, agus i saol agus cultúr na háite freisin, rud atá le sonrú ar rianta an albaim, go háirithe ar a leagan de The Stolen Child (le W.B. Yeats) ar a bhfuil an t-amhránaí Tomás Mac Eoin le cloisteáil.
“Bhí raca téipeanna sa siopa áitiúil… sean-nós Chonamara den chuid is mó. Bhí ceann ar leith a thaitin go mór liom. Ar an gclúdach bhí leaid ina shuí os comhair a thí. Fiche Bliain ag Fás a bhí air. Ceann de na hiontaisí is mó ar ar tháinig mé riamh!”
Nuair a bheartaigh sé dreas cainte a chur le Stolen Child, thuig sé cén glór ab fheiliúnaí len é a rá. “Bhí scríofa ar an téip gur ar an gCeathrú Rua a bhí Tomás. Thiomáin baill an bhanna siar, agus isteach leo sa teach tábhairne ag fiafraí d’fhear an bheáir cá n-aimseoidís é! Carachtar iontach a bhí ann. Sna caogaidí, dathúil, greannmhar. Bhí sé bacach, ildathach mar dhuine, mar a bheadh carachtar ó shaol eile ann. Agus d’aontaigh sé go ndéanfadh sé an píosa a thaifeadadh!”
Cuireadh fáilte rompu i saol ceoil na háite, ní hamháin le linn na tréimhse sin i measc na gceoltóirí, ach i gcroí éisteoirí na hÉireann ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh sin. Cloistear “bhúhúhú” Fisherman’s Blues ag seisiúin cheoil i ngach cearn den tír fós. A ndílseacht don áit ba chúis leis sin dar le Mike: “tháinig Rolling Stones ... le hamhrán a chasadh le Frankie Gavin nó cibé rud, ach ansin d’éalaigh siad leo arís. D’fhan muidne. Chloígh muid leis. Chuaigh Trevor ag casadh le Sharon Shannon, is ceoltóir traidisiúnta anois é. Tá cónaí ar Steve i Sligeach. Is mise an t-aon duine a d’fhill ar rac agus ról!”
Tá cuimhní geala aige ar an tréimhse sin i measc na gceoltóirí traidisiúnta áfach, ag roinnt scéalta óna laethanta i mbun seisiún leo - agus ag freastal ar Oireachtas na Samhna leo fiú. “Bhí mé ann oíche an chomórtais mhóir amhránaíochta. Is cuimhin liom a bheith sa mbeár ina dhiaidh, le Séamus Ó Beaglaoich agus grúpa fear eile. Ba phribhléid í a bheith ina gcomhluadar agus iad ag casadh amhrán. Máistrí iad ar fad, ach Séamus - is guth órga a bhí aige. A voice from the spring of the world from the morning of the moon.”
Labhraíonn sé go ceanúil faoin earrach a chaith siad sa Teach mór sin ar an Spidéal. “Earrach álainn a bhí ann, rothlaínn chuig an teach mór ar maidin, ag saor-rothlú liom síos an cnoc agus ansin cois trá chuig Teach an Spidéil féin. Bhí sé draíochtúil. Bhíodh bricfeasta againn sa teach mór le chéile. Yeah, bhí sé cool.”

Tá an draíocht sin le cloisteáil ar an albam, a bhfuil rian na farraige agus na háite le brath air, chomh maith le lorg chuile dhuine a ghlac páirt sa leagan áirithe sin de bhanna The Waterboys (ina raibh tuairim is 85 cheoltóir éagsúla thar na blianta dar le Mike): Mike féin ar ghiotár, Steve ar an bhfidil, Anthony [Thistlethwaite] ar an sacs, agus Trevor [Hutchinson] ar an dord. An cumas tobchumadóireachta a bhí acu ba chúis le rath na seisiún seo. “An t-amhrán We Will Not Be Lovers, taifeadadh in aon téic amháin é. Bhí liric agam, thosaigh mé ar an ngiotár, chuir siad an téip ar siúl… Tháinig an banna isteach duine ar dhuine, ag tógáil ar an méid a bhí á chasadh agam. Níor casadh é ach uair amháin. Sin atá ar an gceirnín nua.”
Tá an t-amhrán áirithe sin théis athbheochan a bheith aige ar TikTok, agus glúin nua á chloisteáil, de bharr gur casadh é ar an tsraith de chuid Netflix Something Very Bad Is Going To Happen.
Tá nósanna éisteachta athraithe ó bhí Mike óg: “Bhí ról lárnach ag an gceol i bhforbairt an chultúir ar bhealach nach bhfuil anois. Saol eile a bhí ann. D’fheiceadh chuile dhuine an t-amhrán céanna, an t-amhránaí céanna, ar an teilifís náisiúnta. Bhí chuile dhuine ag faire ar na rudaí céanna. Anois táimid ar fad inár mbolgáin féin, inár gcluasáin nó seinnliostaí féin.”
Cuireann sé fáilte mar sin roimh an lucht éisteachta óg nua seo agus an t-eispéireas comhroinnte a bhaineann leis. “Táim sásta go bhfuil aitheantas á fháil ag an amhrán sin ar deireadh!”
Anuas ar an aitheantas áirithe sin, tá saol nua á thabhairt do na hamhráin in athuair ar cheirnín nua Atlantic Rain: The Lost Fisherman’s Blues Recordings a eisíodh i mbliana, agus ar ardáin ag Fisherman’s Blues Revue a thiocfaidh go 3Arena Bhaile Átha Cliath ar an 5 Meán Fómhair, ag cur fáilte in athuair roimh Steve Wickham agus Steve Earle ar an stáitse in éindí le Mike. Bhúhúhú.
Foclóir:
téamh = heat
a chomhcheoltóir = his fellow musician
ceanúil = fondly
athbheochan = revival
nósanna éisteachta = listening habits


















