Déanfaimid scrúdú inniu ar na húsáidí agus na cialla go léir a leanann an focal beag sin ‘col’ i stair na teanga seo againn agus i gcaint an lae inniu. Tugann sé soiléiriú dúinn ar chuid de na bealaí a dtagann athruithe céille ar fhocail agus an bhaint atá ag bunbhrí an fhocail leis na hathruithe féin agus an treo ina n-athraíonn siad.
Is é an bhunbhrí a bhí leis an fhocal gan cead a bheith ag duine nó cosc a bheith air rudaí áirithe a dhéanamh. Mar sin, má rinne tú rud éigin a bhí crosta ort bhí col déanta agat. Dá bharr sin, leathnaigh ciall an fhocail chuig suíomhanna eile úsáide, mar shampla, peaca nó feall a dhéanamh.
De réir a chéile tháinig méadú ar na gníomhaíochtaí a bhí cosctha ar dhuine go háirithe peacaí de chineálacha éagsúla agus go háirithe cúrsaí gnéis agus caidreamh idir fir agus mná.
Bhí col ar dhaoine a bhí róghaolmhar nó rómhuinteartha dá chéile pósadh agus leag an eaglais Chaitliceach síos rialacha cinnte ag tabhairt míniú ar an chosc a bhí i gceist. Ba é an gaol fola an col ba mhó a bhíodh le scrúdú agus chaithfí cead easpaig a fháil sula bhféadfadh lánúin a bhíodh róchóngarach i ngaol pósadh. Tá a fhianaise sin go fairsing sna cáipéisí a bhaineann le cúrsaí pósta ón bhliain 1864 ar aghaidh nuair a cuireadh iachall go dlíthiúil ar lucht eaglaise den chéad uair taifead a choinneáil ar aon ghaol gairid a bhíodh idir lánúineacha a bhí á bpósadh. Is tuairiscí tábhachtacha na taifid sin dóibh sin a bhíonn ag lorg gaolta agus ag cur crann ginealaigh teaghlaigh le chéile le blianta beaga anuas.
RM Block
Bhí col ar dhaoine a bhí róghaolmhar nó rómhuinteartha dá chéile pósadh agus leag an eaglais Chaitliceach síos rialacha cinnte ag tabhairt míniú ar an chosc a bhí i gceist.
As sin ar ndóigh a tháinig úsáid na bhfocal col ceathar - col ceathrair, col seisir, col ochtair srl. - isteach sa chaint agus riachtanas leo. Tá bealaí eile ann i gcanúintí éagsúla leis an ghaol chéanna a chur in iúl. I nGaeilge Uladh bunaíodh an chaint faoi ghaol ar an fhocal Ua/Ó a chiallaigh garpháiste i dtús aimsire. Is garmhac ba chiall dó níos moille sa teanga. Seo mar bhí an gaol á léiriú - clann agus Ó, dhá Ó, Ó agus fionnó agus dubhó. Is as an úsáid seo fosta a tháinig an leagan cainte ‘Níl siad ar na hóí le chéile’, is é sin níl siad mór nó ag caint le chéile.
Tháinig síniú eile céille isteach i gcaint na ndaoine ansin mar gheall ar an bhéim a cuireadh ar ghníomhaíochtaí peacúla nó míchearta agus bhraith daoine ciontach agus thosaigh siad ag cur locht agus milleán orthu féin. Arís eile is é an focal col ar baineadh úsáid as den chuid is mó – bhí col orthu pósadh (ní raibh cead acu/bhí cosc orthu pósadh.)
Níos moille arís tháinig an chiall ‘fuath’ leis an fhocal col agus d’fhág sin réimse mór eile úsáide i gceist leis. Seo roinnt bheag samplaí – Thug sí col don bhia/fheoil srl. Tabhair faoi deara go dtugtar col do dhaoine agus le hobair i measc mórán rudaí eile – Ghlac sé col le Dónall, ghlac siad col lena gcuid oibre.
Is cosúil an úsáid seo agus an úsáid a bhaintear as an fhocal ‘geis’, cé gur minic draíocht ag baint le húsáid an fhocail sin i seanscéalta agus i nathanna eile cainte. Seo cúpla eiseamláir – Bhí geis aige leis / Cuireadh de gheasa air gan labhairt / Tá siad faoi gheasa acu.
Léiríonn an abairt ‘Bhí geis aige leis’ go raibh cúis éigin nach fios dúinn ag an duine a rinne gníomh éigin agus gur dócha go raibh piseog nó draíocht éigin taobh thiar de.
Tá úsáid eile den fhocal col atá le fáil sa litríocht ach nach bhfeicim tagairt ar bith dó i bhfoclóirí nua-aimseartha. Is é an trua é mar go mbeadh sé úsáideach acu sin a bhíonn ag tráchtaireacht agus ag tuairisciú ar chluichí agus ar gach saghas caitheamh aimsire eile. Seo a leanas sampla den úsáid atá i gceist agam - Col cluiche - is é sin feall a dhéanamh nó gan a bheith ag cloí le rialacha na himeartha. B’fhéidir gur col chluiche an leagan ab fhearr air.
Foclóir:
Bhí col orthu pósadh = It was forbidden for them to marry
Braith ciontach = Feel guilty
Bunbhrí = Original meaning
Clann agus Ó = First and second cousins
Dhá Ó = Second cousins
Ó agus fionnó = Second and third cousins
Dubhó = Fourth cousin
Crosta ort = Forbidden
Gaol fola = Blood relationship
Glac col le = Detest, hate, be disgusted by
Róchóngarach i ngaol = Too closely related
Tagair do = Refer to

















