Titim na dtúr

Siúlóid i Maigh Nuad a spreag Séamus Kavanagh le machnamh a dhéanamh ar an meath mór a tháinig ar chóras na n-uaisle Sasanacha in Éirinn, agus ansin ar an Eaglais Chaitliceach ina dhiaidh.

Túr Thír Chonaill in eastát Theach Carton.
Túr Thír Chonaill in eastát Theach Carton.

Le linn siúlóidí timpeall eastát Theach Carton i Maigh Nuad is gnách liom stopadh ag Túr Thír Chonaill ar an tslí chun súil a chaitheamh ar an tírdhreach mealltach mórthimpeall.

Is séadchomhartha suaithinseach íocónach é an túr. Ainmníodh é as Richard Talbot, chéad Iarla Thír Chonaill a rugadh i dTeach Carton agus a bhí ina Fhear Ionaid Rí Shasana in Éirinn ó 1687-1689.

Tá túr eile i mbaile Mhaigh Nuad: spuaic chaol ard shéipéal Choláiste Pontaifiúil Naomh Pádraig. Is airde spuaic an tséipéil, a tógadh in 1885, ná túr Thír Chonaill, fág go bhfuil an séipéal ar leibhéal na talún agus an túr ar chnoc ard.

D’fhéadfá a shamhlú go ndearna an cliarlathas é d’aon ghnó chun a chur in iúl do Dhiúc Laighean i gCarton go raibh a seal tugtha ag na tiarnaí talún agus go raibh an Eaglais ag teacht i gceannas ar an tír as seo amach.

Rith sé liom gur sheas an dá thúr do chumhacht na Cinsealachta agus na hEaglaise Caitlicí faoi seach. Spreag siad mé chun smaoineamh ar an gcineál cumhachta a bhíodh acu agus ar an tionchar a d’imrídís ar shaol na ndaoine le linn a ré. Chuimhnigh mé freisin ar an gcaoi ar tháinig an meath tubaisteach orthu.

In 1795, bunaíodh Coláiste Naomh Pádraig mar chliarscoil náisiúnta le cúnamh airgid ó rialtas na Breataine. Roimhe sin oileadh ábhair sagairt Éireannacha ar an Mór-Roinn. Ach beartaíodh go gcuirfí oiliúint ar na mic léinn i Maigh Nuad as sin amach. Cúis amháin leis sin ná go raibh an chléir imníoch go dtiocfadh na mic léinn faoi thionchar smaointeoireacht réabhlóid na Fraince.

Ón 18ú haois ar aghaidh bhí na boic mhóra lonnaithe i mbeagnach gach paróiste in Éirinn. Ba iad na Tithe Móra a thóg siad an léiriú ba shoiléire dá gcumhacht agus dá rachmas. Rialaigh siad gach gné de shaol na tíre: na húdaráis áitiúla, cúrsaí airgeadais, cúrsaí fostaíochta agus dlí.

Rinne roinnt de na tiarnaí talún obair mhaith ar leas an phobail áitiúil ar ndóigh. Mhaoinigh siad bailte, sráidbhailte, droichid, bóithre, canálacha agus sráideanna ar fud na tíre. Cé gur bhunaíodar córas nua bunoideachais in 1831, rinneadar an-dochar don teanga dhúchais toisc gur chuireadar cosc ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna.

D’fhostaíodar na mílte duine ar a n-eastáit mar fhreastalaithe agus oibreoirí feirme. Cé gur chaith go leor acu go maith leis na tionóntaí agus na hoibreoirí, lena n-ais sin, áfach, bhí roinnt tiarnaí talún freagrach as an gcos ar bolg, as an ansmacht, as an gcruálacht agus as an tíorántacht a d’imrítí ar dhaoine.

Ba mheasa fós gur dhíbir siad na mílte tionónta as a gcuid tithe le linn an Ghorta Mhóir – gníomh suarach a d’fhág na céadta míle duine ar thaobh an bhóthair.

Nuair a tháinig deireadh leis na Péindlíthe i dtús an 19ú céad, neartaigh ar fhéiniúlacht na gCaitliceach agus thosaigh an chléir ag cur go dian in éadan an stáit leatromaigh. Ó Acht Fhuascailt na gCaitliceach in 1829 ar aghaidh chuaigh cumhacht agus tionchar na hEaglaise ó neart go neart.

Méadaíodh ar líon na séipéal mór agus na dtithe móra a tógadh sna paróistí agus sna deoisí. D’fhéadfá a rá gur malartaíodh Tithe Móra na n-uaisle ar Thithe Móra na cléire.

Ba bheag réimse den saol nach raibh an Eaglais fite fuaite ann. Bhí tionchar agus smacht iomlán aici ar chúrsaí creidimh, sláinte, oideachais agus ar chúrsaí moráltachta gnéis go háirithe. Chothaigh siad deargnáire, ciontacht agus féinfhuath i ndaoine go háirithe maidir le caidreamh collaí.

Ní bheadh sé cothrom an chléir uile a fhliuchadh leis an aon chith amháin. Glacadh leis go huile is go hiomlán go ndearna na mílte ball den Eaglais obair iontach thar na blianta fada. Bhain siad cáil amach mar oideachasóirí, altraí, cúramóirí, sagairt agus misinéirí ar fud na cruinne.

Fiú amháin sa lá atá inniu ann, faigheann na céadta milliún duine faoiseamh agus sólás ina gcuid creidimh i saol seo an bhróin agus an chrá.

Ba mhór an t-ísliú céime do na móruaisle talún ag deireadh an 19ú céad. Nochtar scéal an mheatha i roinnt eachtraí stairiúla sa tír agus ar an Mór-Roinn.

Chuir Cogadh na Talún sna 1880idí agus an ghluaiseacht chun Rialtas Dúchais a bhaint amach go mór isteach orthu. In 1903, de thoradh Acht Thailte na hÉireann, briseadh na heastáit talún agus dáileadh an talamh ar na tionóntaí agus ar na tuathánaigh.

Le linn an Chogaidh Mhóir in 1914-1918, maraíodh líon mór daoine de chúlra na n-uaisle agus chaill úinéirí na n-eastát misneach agus dóchas dá bharr.

I gcaitheamh an achrainn réabhlóidigh idir 1916-1923 bhí doicheall forleathan roimh uaisle na talún. Dhóigh an IRA thart ar 400 de na Tithe Móra le linn Chogadh na Saoirse idir 1919-1921 de bharr gurbh ionadaithe agus gníomhairí an choilíneachais iad.

Chuir an feachtas sin teann scéine ar roinnt úinéirí agus thréig cuid acu a n-eastáit dá bharr. Bhí a lán de na heastáit báite i bhfiacha chomh maith agus ní raibh siad inbhuanaithe ó thaobh airgid de.

Ba shampla cruthanta é titim Dhiúic Laighean i dTeach Carton mar léiriú ar an gcaoi a bhí ar na tiarnaí talún ag an am. Bhí na Diúic i mbarr a maitheasa sna 1870idí ach laistigh de chaoga bliain ní raibh aon trácht orthu sa Phoblacht nua nár aithin teideal ar bith. Cheap siad, b’fhéidir, go raibh siad slán sábháilte faoi chosaint na himpire ba chumhachtaí ar domhan.

B’olc an chríoch a bhí ar Edward, a fuair an Diúcacht le huacht in 1922. Bhí sé ar an ngannchuid agus é ina chónaí i Londain. Thángthas ar a chorp ina sheomra leapa in 1976 tar éis dó lámh a chur ina bhás féin.

Ba mhór an chéim síos don Eaglais céad bliain i ndiaidh chliseadh na huasaicme. B’iomaí cúis leis an meath.

Thosaigh an meathlú sna 1960idí agus d’éirigh níos measa ó na 1970idí ar aghaidh. Bhí tionchar mór ag an reachtaíocht shóisialta ón Aontas Eorpach ar staid na hEaglaise abhus. Mar shampla an reachtaíocht homaighnéasachta, an dlí a bhaineann le colscaradh, agus pósadh comhghnéis a ndearna an rialtas dleathach iad in Éirinn. Dlíthe atá díreach in aghaidh an teagaisc Chaitlicigh.

Tháinig laghdú tubaisteach ar líon na n-iarrthóirí a bhí ag dul leis an tsagartacht ó na 1970idí ar aghaidh. Ina ainneoin sin, cloíonn an Eaglais go diongbháilte leis an bpolasaí a chuireann cosc ar mhná a bheith ina sagairt nó a bheith ceaptha i bpoist shinsearacha sa chliarlathas.

Ach bualadh an buille ba throime ar an Eaglais nuair a tháinig na scannail chun solais faoi mhí-úsáid ghnéis ar pháistí. Bhí roinnt de na hoird rialta freagrach as an gcruálacht, pionóis agus faillí a rinneadh ar pháistí sna hinstitiúidí éagsúla chomh maith. Níos measa fós, cheileadar an éagóir.

An rud is iontaí maidir leis an dá eagraíocht seo ná an luas rábach a bhí faoina dtitim ó thaobh údaráis, tionchair agus creidiúnachta de

Tá an Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá!

Foclóir: spuaic - steeple; cúnamh airgid - financial assistance; tionóntaí - tenants; i mbarr a maitheasa - in their prime; ina ainneoin sin - despite that; creidiúnacht - credibility