Rud seansúil luaineach é oidhreacht aon phearsa mhór staire a mheas. Pé rud eile de, beifear á chur sa mheá de réir toisí agus tuisceana na haimsire inniu. Óir táimid go léir inár bpríosúnaigh de chuid an lae i láthair, sinn teanntaithe isteach i dtruaill nach sinn féin a cheap, sinn inár mboilb ag snámh ar a bhfuil inár n-aice, seachas briseadh amach d’fhonn amhairc ar an saol go fadbhreathnaitheach.
Sin é an fáth gur chóir oidhreacht Dhónaill Uí Chonaill a mheas san fhairsinge leathan agus ní de réir ar bhain sé amach lena linn féin amháin - sa mhéid is gur bhain sé rud ar bith amach - ná de réir pé boscaí tomhais eile inar mhaith linn é a shacadh.
An Éire a bhí anallód ann dhá chéad caoga bliain ó shin bhí sí ag teacht go mall as greim bíse na ndlíthe pianúla a cuireadh i bhfeidhm go daingean le glúine fada roimhe sin. Ní raibh Ó Conaill ach ina bhunóc bheag phislíneach sa chliabhán nuair a cromadh ar na dlíthe sin a dhíscaoileadh i dtosach. Bhí sé trí bhliana d’aois nuair a ritheadh Acht na bPápairí a thug cead do Chaitlicigh – ababúna! – talamh a bheith acu ina seilbh agus é a fhágaint le hoidhreacht.
Ritheadh achtanna eile sna 1780/90í a thug cead – bualadh mór bos eile – do Chaitlicigh scoileanna a bhunú nó easpag a bheith acu! Fairis sin, bronnadh cead vótála ar an dornán suarach Caitliceach a raibh talamh acu. Go deimhin deimhnitheach féin bhí móramh i dTeach na dTeachtaí ó 1807 i leith ar son ‘fuascailt na gCaitliceach’ agus tugadh guth dó sin go minic, agus mar bharr, buaic agus scoth bhí an Tiarna Grenville, Robert Peel, Diúca Wellington agus William Pitt Óg go léir laistiar den ghluaiseacht. D’fhocail ghearra, bhí fuascailt na gCaitliceach ag teacht beag beann ar Dhónall Ó Conaill ná ar an bhfeachtas abhus. Ní mhaím nár phúróg i gcarn cloch an athraithe a bhí ann, ach is áibhéil ar fad ‘an Fuascailteoir’ a thabhairt air nuair a bhí a leithéid ar na bioráin le fada.
Bhí gleo mór timpeall ar na hollchruinnithe a d’eagraigh sé ar son Aisghairm Acht na hAontachta nó an Reipéil, mar a tugadh air san am. Sárghaisce eagrúcháin agus ardú meanman ba ea iad a thug an pobal le chéile. Thug sé ceannaireacht agus treoir nach bhféadfadh aon duine eile a thabhairt lena linn. B’é Seán Ó Faoláin a bhronn an teideal ‘King of the Beggars’ air ina leabhar den ainm céanna, agus d’áitigh gurbh eisean ‘a thosaigh’ Éire. Ní fheadar mar gheall ar an masla sin, gur lucht iarraidh déirce ba ea an pobal (cé go raibh go leor díobh ann), ach tá smut éigin den cheart aige maidir leis an téis gurbh eisean a chuir cló áirithe ar an tír, cló a mhair síos go dtí ár linn féin. B’é sin, gur dhein sé Caitlicigh dínn.
Ní hé nár Chaitlicigh formhór an phobail, ná nach rabhthas le bheith dílis don seanchreideamh, ná nach raibh maitheasaí móra spioradálta agus tuata le fáil as sin, ach gur dhaingnigh sé féiniúlacht Chaitliceach mar mhalairt ar fhéiniúlacht níos leithne, níos sine, níos fadbhunaithe mar shaoránaigh, Éireannaigh nó mar Ghaeil. Sa saol poiblí, sa dioscúrsa eadrainn féin, ba Chaitlicigh sa chéad dul amach sinn i ndiaidh Uí Chonaill.
Ina theannta sin, b’fhéidir go raibh intuigthe go lorgeofaí aisghairm Acht na hAontachta tar éis scrios Éirí Amach 1798 agus traigéide Roibeard Emmet. Ach níorbh aon neamhspleáchas é an Pharlaimint a bhí á éileamh d’Fhaiche an Choláiste ach tionól teoranta a d’fhágfadh go mbeadh Éire fós ina cábóg don impireacht agus dlúthpháirteach toildeonach i ngach olc dar dhein an impireacht chéanna gus an lá inniu.