Bhí ocras ar an gcailín. Ocras bocht. Níor ith sí le trí lá. Ní raibh ann ach crústa aráin an lá sin. Crústa chomh tirim le gaineamh, chomh crua le cloch. Ba dhóbair di a fiacla nua a bhriseadh. Nuair a bhain sí greim as an arán, d’fhan rud crua ina béal. Cheap sí gur smut d’fhiacail a bhí ann. Ach níorbh ea. Píosa den arán fós, chomh bán leis an mbás.
D’fhéach sí ar a máthair. Bhí sí ina luí sa chúinne. Níor ith sí siúd ach an oiread le laethanta fada. Bhí a craiceann seargtha ar nós fige a d’fhágfaí amuigh faoin ngrian. Malaí folmha ba ea a cíocha donna ar a sileadh síos dóibh.
Níor fhéach sí ar a deartháirín óg. Ní fhéadfadh a dhéanamh arís. Bhí déanta cheana. Sméara beaga buí gan solas ba ea a shúile. Ribí gruaige a chinn scáinte, ach ba mhothall a bhí ann nuair a rugadh é. Páiste mar sin a bhí ann. Níor ghliogar a chéad fhuaim, ach gáire. Gáire ar bith níor airigh sí uaidh le fada. Bhí eagla uirthi dá ndéanfadh sé gáire go dtitfeadh sé as a chéile.
Ní raibh ina chnámha ach brosna. Cipíní arbh fhusa iad a bhriseadh ná maide lasáin. Bhí a easnacha le comhaireamh. A haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig… Níor fhéad sí dul níos faide. Ní raibh sí ag iarraidh gach cnámh dó a fheiscint ná a áireamh.
Bia, bhí bia a dhíth orthu. D’fhaigheadh a athair bia dóibh gach lá. Ach d’imigh sé amach chun bia a fháil maidin amháin agus níor fhill an tráthnóna sin. Níorbh fhios d’aon duine cad d’imigh air. Níorbh fhios d’aon duine cad a bhí ar siúl. Ach bhí a fhios aici nach gcasfadh sé arís. Bíonn an t-eolas sin ag iníon. Uirthi a thit sé bia a fháil.
Ghluais sí amach ón bpluais smionagair ina raibh siad le seachtain. Caithfidh go raibh bia áit éigin. Chonaic sí daoine nár chnámharlaigh iad ar fad, cé nach bhfaca sí duine beathaithe ar bith. Saighdiúir, b’fhéidir, ach tharlódh nach feoil a bhí air ach éadaí. Éadaí feistis ina raibh gach ar bhain leis an saol i bhfolach.
Bhí sé fós ina mhaidin bhán agus gan aon ní le cloisint ach seordán san aer lasnairde. Beacha móra os a cionn a thagadh is a d’imíodh. Uaireanta chuireadh urú ar an ngrian ar feadh cúpla soicind. B’fhaoiseamh éigin é sin cé nár ghean léi an fhuaim a leanadh.
Ní raibh le feiscint ina timpeall ach na foirgnimh leagtha. Clocha ar muin clocha. Bhí sí ar an ród seo cheana. Ag súgradh. An uair sin nuair a bhí súgradh ann. Go tobann bhí bac sa tslí. Foirgneamh mór i lár an bhóthair. É leagtha. B’éigean dreapadh thairis. Dreapadh suas ar dtús. Clocha agus brící ba mhó. Bhíodh daoine anseo tráth. Bhí a fhios aici mar chonaic sí an bhábóg thréigthe. Bhíodh a leithéid aici féin. Ach bhí an bhábóg seo ar leathchois. A ceann féin slán, cibé áit a raibh sí.
Ar deireadh ráinig sí an scuaine. Scuaine an bhia.
‘An í seo scuaine an bhia?’ a d’fhiafraigh sí le dóchas.
‘Cá bhfios?’ an freagra a fuair sí. ‘Deirtear gurb ea. Tá bia ag na Meiriceánaigh dúinn, agus ag an rialtas. Tá na saighdiúirí dár gcosaint.’
Sheas sí sa scuaine. Na céadta ann. Iad ag brú ar a chéile. Liú is gleo ard. Poll i ngach bolg.
Níor chuala sí an phléa…Cos léi in Khan Junis, cos eile in Rafah, smut di in Deir al-Balah, cloigeann in Jabalia.
Ná níor airigh sí an buama ag rá ‘Anois is fearr a thuigeann tú cad is luachanna na hEorpa ann?’