Is í an tréimhse is deacra labhairt nó scríobh faoi ag am ar bith ná an aimsir láithreach anois díreach. Tá sé deacair go leor trácht ar an aimsir chaite, mar cé go bhfuil sí, mar a déarfá, caite, tá teorainn lena bhfuil d’fhianaise ina taobh, ar a laghad go teoiriciúil. Is fusa labhairt ar an aimsir fháistineach óir is féidir leat rud ar bith a rá ina taobh agus tá seans go mbeidh an ceart agat, go háirithe má tá tú doiléir go leor ar nós Nostradamus agus Colm Cille.
Ach guairneán gaoithe, séideán bruithne, cathair ghríobháin is ea an aimsir láithreach atá ag athrú ar luas an tsolais, táimid istigh ina lúba gan aon doras amach seachas an aimsir féin a bhfuil dalladh púicín uirthi. Fairis sin, tá níos mó eolais, chomh maith le heolas nach eolas é in aon chor, á scaipeadh agus á chraobhscaoileadh ar ala an tsoicind ionas nach féidir leis an intinn dhaonna greim a choimeád air.
Tá leabhar ag an bhfealsamh nó ag an tráchtaire Iodálach Roberto Calasso a bhfuil The Unnameable Present air i mBéarla ina ndéanann sé iarracht ar shloinne a chur ar a bhfuil ar siúl timpeall orainn faoi láthair. Baineann cuid mhór den leabhar, áfach, le hathnuachan Ioslaim agus leis an tslí ar bhain cultúr saolta an Iarthair an bonn de, go háirithe an phornagrafaíocht agus an saibhreas thar tomhas. De sin, fíoch an tsaoil Mhoslaimigh i gcoinne ‘an iarthair’, bíodh gur dóigh liom féin gur mhó a bhaineann sin le coilíneachas leanúnach agus le tacaíocht Mheiriceá do dheachtóirí lofa i dtíortha na nArabach.
Bhí leabhar ag Bryan Appleyard, ach tá breis agus tríocha bliain ó shin anois ann, a raibh Understanding the Present mar theideal air, ach is mar ar ghabh an eolaíocht i bhfeidhm orainn is mó is ábhar dó, agus ar éigean go raibh géarchéim na héiceolaíochta ar an gclár an uair úd.
Teens accused of ‘savagely’ beating man (60s) in south Dublin burglary freed due to lack of detention spaces
Rory Stewart: Britons’ view of Ireland has gone from ‘patronising superiority to complete ignorance’
‘You can now carry your shopping if you spend €50-€60. That’s absolutely crazy’
After being quoted up to €25,000 for floors, this handy Wicklow couple did it themselves for €1,500
Dá ainneoin sin, is aoibhinn liom leabhair a bhíonn ag iarraidh scéal mór ár linne a insint is a chiallú, an eachtra dhána, an dearcadh leathan, an radharc ó thaobh na dtaobhanna seachas an duine lag ina chúlóg leithleasach ag grinneadh go ceathrúshúileach ar lúidín a choise bige féin.
Is mó sin tráchtaire a chuir a bhundún amach ag iarraidh breith ar luaineacht na linne. Ach an oiread leis an duine a ghliúcaíonn amach trí pholl eochrach tuisceana amháin, níl ag aon mhórfhealsamh machnaimh ná pápa polaiticiúil ná claonbhreitheamh creidimh ar bith ach a dhá shúil féin agus pé spúnóigín meabhrach a deonaíodh dó.
Ba theideal oiriúnach é The Age of Empire ar leabhar Eric Hobsbawm ar an tréimhse 1875-1914 mar is idir na lúibíní ama sin is mó a sheas glóir-réim na n-impireachtaí Eorpacha ar scornach na ndonán bochta ar fud an domhain. Teideal maith, ach gan a bheith cruinn beacht mar bhí impireachtaí eile scuabtha leo agus cinn eile ar tí a saolaithe ag an am.
Maidir le lorgaireacht na lipéad, mar sin, cad is féidir a thabhairt ar an aois, ar an am seo a mairimid inti? B’fhurasta Aois na hImpireachta a ghairm uirthi fós, ach tá Sasana agus an Fhrainc slogtha isteach iontu féin de cheal fodair chogaidh thar lear, tá an Rúis leonta in ainneoin a gothaí concais, agus ní heol d’aon duine ó sheachtain go seachtain cad tá ar siúl ag an impireacht is mó dá raibh riamh ann, impireacht Stát Aontaithe Mheiriceá.
Idir an dá linn tá madraí allta an chogaidh scaoilte den iall ag Iosrael arís agus croí an tseandomhain ar crith nuair nach bhfeadair aon duine cad í an chéad chéim eile.
B’fhearr gan aon ainm a chur ar an aimsir láithreach, go fóill.