Sa bhliain 2010 bhí an gnáthshioscadh agus cabaireacht ar siúl i measc an aosa litríochta maidir le cé a bhainfeadh Duais Nobel na Litríochta. Is fíor go bhfuil an duais áirithe sin ar an duais is lú meas de na duaiseanna Nobel ar fad seachas Duais Nobel na Síochána a n-áirítear buamadóirí breátha ar nós Henry Kissinger agus Barack Obama ar a bhfuaid.
Bíodh gurbh é Mario Vargas Llosa breith an choiste rúnda a shocraíonn na nithe seo an bhliain sin, bhí plód d’iriseoirí agus de lucht faisin na nuachta ag feitheamh go mífhoighneach lasmuigh de theach Ngugi Wa Thiong’o, an scríbhneoir as oirthear na hAfraice arbh é rogha na ngeallghlacadóirí é ag an am, agus go ceann suim bhlianta ina dhiaidh sin.
Is é is dóichí nárbh é an lipéad ‘scríbhneoir ó oirthear na hAfraice’ ná ‘scríbhneoir Céineach’ ab fhearr leis, ach scríbhneoir Kikuyu (mar a litrítear anois í). Óir, cé gur thosnaigh sé ag scríobh i mBéárla faoin ainm James Ngugi, dhiúltaigh sé dá ainm is dá theanga chéadfhoilsithe is gur chrom feasta a shaothar a scríobh ina theanga dhúchais, is í sin, sa Kikuyuís, teanga na Mau Mau.
Ní móide go mbeadh aon bhreith aige ar dhuais Nobel na litríochta murach gur aistrigh sé agus gur aistríodh a chuid úrscéalta agus a chuid machnaimh go Béarla ina dhiaidh sin. Instear eachtra air nuair a bhí úrscéal aistrithe dá chuid i mBéarla á chur i láthair an phobail aige. Ní heol dom go baileach cén ceann é ach ceapaim gurb é Wizard of the Crow a bhí ann.
Fiafraíodh de ón urlár aníos cad ina thaobh nár scríobh sé sa Bhéarla sa chéad áit é.
Thóg sé an t-aistriúchán Béarla ina ghlac agus dúirt sé ‘Dá mbeadh an leabhar seo ann ar dtús, ní bheadh an leabhar seo (an bunleabhar Kikuyuíse) ann in aon chor.’
Is é a dhála sin ag aon teanga eile é nach bhfuil istigh sa chlub, sa chumann, sa bhunaíocht uilechoiteann. Ní bhaineann cumhacht an domhain ar fad le réimeas míleata, le saighdiúirí ar an talamh, le buamaí á leagadh anuas, le ciníocha a bheith á ndíothú cé go bhfuil siad go dlúth agus i bhfogas dá chéile.
Ní luafaí Ngugi wa Thiong’o in aon chor ná ar chor ar bith maidir leis an duais Nobel litríochta murach go raibh a shaothar foilsithe i dteanga fhorleathan dhomhanda; ní chloisfí giob ná gíocs faoi dá mba sa Khikuyís a bhreac sé gach rud riamh anall.
Ní cúrsaí iontais é gurb é an Béarla an teanga is mó a shaothraigh daoine a bhain an duais amhrastúil seo, agus ina dhiaidh aniar, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis, an Rúisis, teangacha mórchoncais agus díothú pobail iad go léir, ait le rá. Ait le rá chomh maith nár bronnadh duais mhór Oireachtais litríochta an domhain ach ar lucht cleite teangacha neamhEorpacha naoi n-uaire as 121 duais ar fad. Uair amháin don Araibis (491m cainteoirí), uair amháin don Bhengáilis (283m cainteoirí, ce gur scríobh Rabindrinath Tagore sa Bhéarla chomh maith), uair amháin sna teangacha Turcacha (200m cainteoirí, agus dhá thuras don teanga is mó cainteoirí ar domhan, an tSínis.
Chuige seo, go bhfuair Ngugi wa Thiong’o bás an tseachtain cheana, ceithre scór agus ocht mbliana d’aois, duine de scríbhneoirí móra an domhain nach bhfuil aon insint mhór air toisc nach raibh sé cráite faoin existentialisme, ná faoi choinsias na buirgéiseachta, ná faoi óige lofa, faoi bhriseadh croí um leannán a thréig, faoi mhian bheag phearsanta nár comhlíonadh, faoi chiarsúr nár iarnáladh, nó faoi bhriosca a d’ith nó nár ith sé, ach gur scríobh sé go pearsanta paiseanta faoi éagóir na cumhachta.
Ba leor sin le nach n-éistfí leis.