Ó St Gallen i gcéin

Lámhscríbhinní Gaeilge fillte ar Éirinn tar éis breis agus míle bliain

An leathanach ar a bhfuil an véarsa beag ar na Lochlannaigh san imeall ar bharr.
An leathanach ar a bhfuil an véarsa beag ar na Lochlannaigh san imeall ar bharr.

FOCLÓIR: Gleoite -pretty; ollásach - magnificent; faoi choimirce – in the charge of; naomh – saint; stádas – status; gamhna – calves; lámhscríbhinn – manuscript; oilithreacht -pilgrimage; sceimhle – terror; réad - object.

Suite dhá chiliméadar déag nó mar sin ó bhruacha an Bodensee i gcroílár na hEorpa atá St Gallen, cathair ghleoite Eilvéiseach ina bhfuil daonra thart ar 70,000 duine. Cé nach cathair mhór í, tá cáil dhomhanda uirthi de bharr na seod atá faoi choimirce an Stiftsbibliothek, leabharlann Mhainistir Sankt Gallen.

Ach tá nasc Gaelach leis an chathair seo freisin. Is ann, ar bhruach abhainn na Steinach, a bhunaigh naomh Éireannach - duine de dheisceabail Naomh Columbáin - pobal beag eaglasta thart ar an bhliain 612. Gall nó Gallus a bhí air agus sna blianta a lean, d’fhás mainistir agus cathair St Gallen a ainmníodh ina dhiaidh.

Leabharlann Mhainistir Sankt Gallen
Leabharlann Mhainistir Sankt Gallen

Tá leabharlann Mhainistir Sankt Gallen ar cheann de na cinn is ársa ar domhan agus bhain an clochar ollásach agus an Stiftsbibliothek stádas amach mar Láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO in 1983. I measc na seod is luachmhaire atá faoina gcoimirce, tá cnuasach lámhscríbhinní ina bhfuil tuairim agus 160,000 téacs ann. Tá lámhscríbhinní ríluachmhara Éireannacha ina measc sin, agus tá cuid acu tar éis filleadh ar na críocha seo den chéad uair le míle bliain mar chuid de thaispeántas tábhachtach atá á reáchtáil san Ard-Mhúsaem Náisiúnta.

READ MORE

Chaith Naomh Gall tréimhse i mbun staidéir faoi Naomh Comhghall i Mainistir Bheannchair agus is ann a chas sé ar Naomh Columbán. Sa bhliain 590 d’fhág sé Éire le Columbán agus aonar déag eile chun aghaidh a thabhairt ar an Eoraip.

Dar ndóigh, ba nós le manaigh na hÉireann dul thar lear ar oilithreacht, chun an Chríostaíocht a scaipeadh agus go minic chun éalú ón ngéarleanúint sa bhaile. Bhunaíodar mainistreacha, ionaid léinn agus ionaid screaptra ar fud na hEorpa agus is minic a bhreith siad lámhscríbhinní agus réada eaglasta leo.

Scriosadh agus cailleadh go leor de lámhscríbhinní na hÉireann de bharr ionsaithe na Lochlannach agus an ghéarleanúint a tharla thar na céadta bliain a lean. Is foinse luachmhar eolais iad na cinn a mhair agus is astu a eascraíonn cuid mhór den tuiscint atá againn ar dhearcadh ár sinsir ar an saol.

Deireann nóta amháin Laidine go bhfuil an dinnéar réidh, agus luann nótaí eile Gaeilge an uair den ló. Tá ceithre thagairt do ghrágaíl na n-éan, nó na manach eile b’fhéidir

—  An tOllamh Pádraig Ó Macháin

I measc na n-ábhar atá iontu tá Dlíthe na mBreithiúna, mórscéalta na hÉireann - Táin Bó Chuailgne, mar shampla, an naomhsheanchas agus saol Naomh Pádraig, sin agus réimsí eile amhail gnásanna leighis, an gramadach agus sanasaíocht teanga.

Is mór an nuacht mar sin é nuair a fhilleann lámhscríbhinn de bhunús na hÉireann ar na críocha seo breis agus míle bliain tar éis dó imeacht ó bhaile.

An tOllamh Pádraig Ó Macháin a bhí i gceannas ar an bhfoireann taighdeoirí a rinne staidéar ar lámhscríbhinní Éireannach leabharlann St Gallen, agus thug sé léargas Thuarascáil faoi na réada luachmhara seo.

“Is mó manach agus leabhar féna ascaill aige a thug an turas fada air féin ó luathmhainistreacha na hÉireann go dtí an mhainistir eile thall i dtuaisceart na hEilvéise, mar ar fhás cathair St Gallen timpeall uirthi le himeacht aimsire.”

I measc na lámhscríbhinní Éireannacha atá i gcnuasach an Stiftbibliothek tá an Institutiones Grammaticae Priscian, cóip de leabhar gramadaí Laidine a scríobhadh ar leathanaigh déanta de chraiceann gamhna in 850 i Mainistir Naondroma, ar Inis Mochaoi i Loch Cuan, Co an Dúin.

Deirtear go bhfuil an lámhscríbhinn seo, ar a dtugtar Lámhscríbhinn (LS) 904, mar a bheadh ’Cloch Rosetta’ na Sean-Ghaeilge, ós rud é go bhfuil cuid mhór den eolas atá againn ar shanasaíocht agus ar ghramadach na Sean-Ghaeilge bunaithe ar nótaí a scríobhadh ar imill leathanaigh na lámhscríbhinne.

Tá ‘Friotail thar Farraige: Éire agus St Gallen san Eoraip sa Luath-Mheánaois ’ ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann go dtí an 24 Deireadh Fómhair. Tá níos mó ná 100 réad ón ré mheánaoiseach as ar eascair na lámhscríbhinní ar taispeáint freisin.
Tá ‘Friotail thar Farraige: Éire agus St Gallen san Eoraip sa Luath-Mheánaois ’ ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann go dtí an 24 Deireadh Fómhair. Tá níos mó ná 100 réad ón ré mheánaoiseach as ar eascair na lámhscríbhinní ar taispeáint freisin.

Míle bliain ina dhiaidh sin, nuair a aimsíodh an leabhar mór seo i leabharlann Mhainistir Sankt Gallen san Eilvéis, baineadh leas as i dteannta foinsí eile chun an teanga a dtugaimid Sean-Ghaeilge inniu uirthi a chruthú as an nua. Bhí an t-athchruthú sin bunaithe ar na nótaí Gaeilge úd sna himill agus idir na línte,” a dúirt an tOllamh Ó Macháin.

Is nótaí mínithe iad a bhformhór, ach mar a dúirt an tOllamh Ó Macháin, “tá tábhacht nach beag chomh maith ag baint leis na nótaí fáin, na hainmneacha, agus na ráitis bheaga atá scríte sna himill ag na scríobhaithe agus na mic léinn.”

“Tuigimid ar na scríbhinní imill - na marginalia - cúinsí scríofa an leabhair féin, go háirithe na hábhair scríbhneoireachta - dúch agus meamram, an dorchacht, an fuacht, an caidreamh a bhíodh ag na manaigh agus na mic léinn lena chéile - an t-ól agus na béiltí le háireamh ansan, agus a thugtha is a bhídís don staidéar agus do cheird an léinn.”

Déanann cuid de na nótaí tagairt do dhoiléire an téacs, cáineann cuid eile caighdeán an dúigh agus an fuacht, rud “a bhí ina namhaid riamh ag na fir phinn.”

“Deireann nóta amháin Laidine go bhfuil an dinnéar réidh, agus luann nótaí eile Gaeilge an uair den ló. Tá ceithre thagairt do ghrágaíl na n-éan, nó na manach eile b’fhéidir,” a dúirt an tOllamh Ó Macháin.

“Tagraíonn dhá nóta, ceann acu scríte in Ogham, don mheisceoireacht,” a dúirt sé.

Tá eolas ann freisin ar ainmneacha na daoine a bhí ag plé leis an lámhscríbhinn.

“Tugann nóta amháin le fios gur Maol Pádraig ab ainm do dhuine de na scríobhaithe, agus tuigtear ar nóta eile gur Maol Brighde ab ainm don té a raibh scríobh an leabhair faoina stiúir.”

Ach b’fhéidir ar chuid de na nótaí is suaithinsí dá bhfuil ann, tá trí dhán Gaeilge, “dánta gleoite a léiríonn suim na manach sa litríocht dúchais,” a dúirt an tOllamh Ó Macháin.

Ar cheann acu sin, tá véarsa atá scríofa ar bharr leathanach amháin. Ba mhinic a rinne loingeas na Lochlannach ionradh ar cheantar Loch Cuan agus tugann an dán léargas ar leith dúinn ar imní a bhíodh ar mhanaigh ina dtaobh.

“Spioraid an ‘haiku’ atá ann sa mhéid is go mba dhóigh leat gur ag gearán ar an aimsir a bhí an t-údar sa chéad leath den véarsa ach go gcasann an scéal go hiomlán sa dara leath agus tuigtear gur moladh na drochaimsire atá ann,” a mhíníonn an tOllamh Ó Macháin.

“Véarsa comhaimseartha é seo mar sin a léiríonn níos fearr ná aon téacsleabhar staire an sceimhle a bhíodh ar mhanaigh rompu.”

Is acher in gaíth innocht / fufuasna fairggae findfholt / ni ágor réimm mora minn / dond laéchraid lainn óa lothlind.

“Is géar an ghaoth anocht/suaitheann sí gruaig fhionn na farraige/ní heagal liom ruathar na mara glaine/ do na laochra fíochmhara ó Lochlainn.”

“Is fiú a lua freisin gur téacs is ea é ina gcastar orainn samplaí fíor-luatha den síneadh fada,” a dúirt sé.

Is cosúil nuair a shroich LS 904 an Eoraip gur bhain mic léinn úsáid as stíleas le tarraingt ar an lámhscríbhinn.

“Déanamh teibí atá ar fhormhór na líníochtaí seo. Cuid eile acu, cuntanóis dhaonna atá iontu. Agus tá cuid an-bheag acu a bhfuil cuma gháirsiúil orthu. N’fheadar cad déarfadh Maol Brighde nó Brighid Naofa féin,” a dúirt an tOllamh Ó Macháin.

Taighde

Baineadh úsáid as teicnící nua-aimseartha ghéiniteach DNA mar chuid den taighde a choimisiúnaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann don taispeántas.

Deimhníodh gur le craicne ba Éireannach a cruthaíodh ceithre cinn de na lámhscríbhinní agus gur le dúch déanta le hábhar as neadacha foichí i gcrann darach a scríobhadh iad, rud a bhí ina ghné shainiúil aitheanta i dtáirgeadh lámhscríbhinní Éireannacha le linn na luath-mheánaoiseanna. Tá níos mó ná 100 réad ón ré mheánaoiseach as ar eascair na lámhscríbhinní ar taispeáint freisin.

Tá ‘Friotail thar Farraige: Éire agus St Gallen san Eoraip sa Luath-Mheánaois ’ ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann go dtí an 24 Deireadh Fómhair

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.