Tá an Rómánsachas beo beathaíoch. Tá luach faoi láthair ar an bhféiniúlacht, sainiúlacht, agus sainmhíniú pearsanta, agus iad á lorg sa stair, san oidhreacht, sa gcultúr náisiúnta agus pearsanta, ag cur i gcoinne an homaiginithe chultúrtha is baol dúinn sna meáin le linn mhonaplacht seo an teicnealathais.
Ní mise is moltaí faoi chuid den ‘athghabháil’ seo. Ní dóigh liom gur féidir rian an chaipitleachais ná an choilíneachais a ruaigeadh le díol earraí ná féinbholscaireacht. Ach tá ag éirí linn, dé réir a chéile, ár bhfréamhacha a aimsiú, a ainmniú, agus a thabhairt isteach sa ré seo le, tá súil agam, todhchaí níos gile a mhúnlú.
B’fhiú a lua go mbíonn baol comhghuaillíochta ann idir an athghabháil chultúrtha, an t-éilíteachas agus an ciníochas. Is cúis bhróid é go bhfuil ceoltóirí traidisiúnta agus trialacha inár measc ag tíocht ón bpobal, le fréamhacha sa ndúchas, lena gcraobhacha oscailte do nua-Éireannaigh, agus ardán á thabhairt go leanúnach do dhea-chúiseanna in Éirinn agus ar fud an domhain.
…tá sainfhuaim forbartha go cumasach ag Trá Pháidín le fios domhain ceirde maidir lena n-uirlisí, seánraí agus cúrsaí léiriúcháin…
Chuige sin, seo trí nua-eisiúint a léiríonn an dea-chruth atá ar nuacheol na hÉireann, a bhfuil fréamhacha acu sa dtraidisiún, agus féidearthachtaí ollmhóra i ndán do na cruthaitheoirí a bhfuil ionadaíocht éirimiúil á déanamh acu orainn ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta:
RM Block

The Wran - The Stone Man (eisithe an 9 Deireadh Fómhair)
Ba iad The Wran mo phríomhrogha agus ceoltóirí á roghnú d’ardán na Collchoille ag Electric Picnic i mbliana, agus níor cuireadh aon díomá orm. Ba phribhléid dom luathchóip dá n-albam a fháil ag an am agus táim gafa leis ó shin. Is aoibhinn liom nach bhfuil cur i gcéill i gceist leo. Is ceoltóirí cumasacha iad nach bhfuil gá acu le mórthaispeántas ná áibhéil maidir lena n-íomhá ná fuaim. Deartháireacha iad, dlúthnasc atá le cloisteáil sna harmóin shnasta agus cóiriú teann an cheoil. Sileann a mblas féin trí chuile shiolla agus nóta den albam. Níl drogall orthu spás agus am a thabhairt dá bhfoinn, agus is éasca a bheith sciobtha chun siúil in atmaisféar agus rithim na rianta rollacha. Léirítear meas don traidisiún gan a bheith srianta aige. Ní bhraitheann a rianta nuachumtha, Dunford’s March cuir i gcás, as alt ar chor ar bith leis na hamhráin thraidisiúnta atá bailithe acu le scéalta deoraíochta, agus filleadh ar an dúchas, a insint. Buaicphointe is ea an leagan aoibhinn den amhrán sean-nóis Aird Uí Chuain, atá chomh beo ábhartha anois is bhí sna 19ú céad.

Trá Pháidín - Cloch ‘s Claí (eisithe an 25 Meán Fómhair)
“Níl aon ideas fágthaí againne!” arsa bréag-ionadaí TG4 ag deireadh an amhráin Fothrach an Cheirtleáin. Tá féith ghéar ghrinn agus ideas ag Trá Pháidín féin. Níl aon ghné de shaol na nGael slán óna dteanga ghlic - ó eagraíochtaí teanga go na meáin, ó lucht TikTok na hathbheochana go mífhorbairtí tuaithe agus Gaeltachta. Is maith ann é: tá gá le glórtha neamhbhalbha a chuireann ar ár gcluasa fíorchás na nGael idir mhaith agus olc, agus idir cháineadh agus súgradh, ina stíl scigmhagaidh atá dílis do Myles na gCopaleen, fear a bhfuil tagairt dó ar an albam. Tá stangadh agus spraoi in amhráin ar nós Seachtain na Gaeilge agus Anglicize Everything a bhain gáire os ard asam scaití.
Léiriú atá san albam nach gá géilleadh don domhandú (ná don Bhéarla) le haitheantas a thuilleamh, agus nach gá nideog na sainspéiseanna, scéalta, ná in-jokes na nGael (thaitin Plaza Pheig Sayers thar cionn liom) a chaolú le lucht éisteachta a mhealladh. Anuas air sin, cnagairí gan stad na hamhráin. Ní ghéilltear aon chuid den atmaisféar fairsing don ghreann. Tugann a gcumas ceoil cead a gcinn dóibh a rogha rud a rá, agus deirtear go snasta é in éindí le “ceol traidisiúnta na hÉireann, an t-ornáideachas, an tionlacan agus focla smartáilte eile a bhfuil breis is trí shiolla iontu,” dar leo. Cé go ndiúltódh siad d’ardmholadh intleachtúil (agus ní mise is fearr atá cáilithe chuig léirmheastóireacht intleachtúil), is saothar máistriúil gradamúil é seo. Idir iar-rac, snagcheol, agus uirlisí neamhthraidisiúnta fite go snasta i bhfoinn Ghaelacha agus spreagtha ag an gceol traidisiúnta, tá sainfhuaim forbartha go cumasach ag Trá Pháidín le fios domhain ceirde maidir lena n-uirlisí, seánraí agus cúrsaí léiriúcháin atá eisceachtúil, bíodh an ceol á chruthú i nGaeilge nó go deimhin as Béarla.
Mholfainn an ceirnín a cheannach ó Plugd i gCorcaigh - gnó neamhspleách agus an-seirbhís seachadta go deo - ach tá sé ar fáil go forleathan agus ar Bandcamp i bhfoirm dhigiteach leis.

RÓIS - Mo Léan (le atheisiúint le Domino Records, an 20 Samhain)
Bean eile nach ngéilleann ach dá mian féin. Athdhúisíonn Mo Léan seanchleachtas an chaointe le fuinneamh fíochmhar, fuaim shainiúil agus léiriúchán trialach. Tá sé á eisiúint, go domhanda an uair seo, leis an lipéad ceoil Domino. Fiosraítear deasghnátha agus nósanna a bhaineann leis an mbás agus an tórramh san albam speisialta seo le duine de na ceoltóirí is uathúla atá ag cruthú in Éirinn i láthair na huaire. Tá réimse a glóir agus éagsúlacht a cleachtas eisceachtúil ar chuile bhealach, agus is trí thairseach an alltair a mheallann sí an t-éisteoir le suantraithe, caointe, agus rianta ó Sinéad O’Connor agus The Prodigy araon. Speisialta.














