Tá cnuasach filíochta eile scríofa ag an chumadóir amhrán mór le rá Ryan Hennessy, agus an uair seo tá leagan deas Gaeilge le dul le hachan cheann den 32 dán. Is í Póilín Rainsford, bean chéile Jimmy Rainsford ó Picture This, a chuir Gaeilge ar na dánta sa leabhar galánta seo In Another Lifetime.
Ag seoladh an leabhair i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, dúirt Hennessy go bhfaigheann sé spreagadh ar leith ó chultúir agus ó theangacha eile timpeall an domhain.
“Tá dúil mhór agam i bhfilíocht agus litríocht na Peirse, cé nach bhfuil focal Peirsise agam. Is breá liom an stíl atá acu. Tá a fhios agam go bhfuil bealaí áirithe le rudaí a rá i nGaeilge nach bhfuil againn sa Bhéarla agus bhí suim agam mo chuid filíochta féin a fheiceáil i dteanga eile. Cheap mé go mbeadh sé cosúil le dearcadh iomlán eile a chur os comhair an lucht léite. Is dóigh gur cic sa tóin atá ann freisin mar gheall nach bhfuil mórán Gaeilge agam féin. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Sílim go bhfuil go leor daoine mar sin, nuair a fhágann siad an scoil agus nach leanann siad ar aghaidh leis an Ghaeilge. Is cinnte go bhfuil náire orm faoi.
“Bhí mé ag iarraidh onóir a thabhairt dár dteanga dhúchais agus glacadh le gach aon seans a bhíonn agam é sin a dhéanamh. Tá an t-ádh orm a bheith in ann an Ghaeilge a scaipeadh agus a chur i lámha daoine eile timpeall an domhain. Tá mé in ann a thaispeáint do dhaoine, ar bhonn idirnáisiúnta, gur fíortheanga í an Ghaeilge agus go bhfuil sí ag bláthú i mbéal an phobail.”
RM Block
Tá In Another Lifetime ar fáil anois.

Sperrin Design ag dul ó neart go neart
Agus an dara bliain de Sheachtain Faisin na hÉireann tagtha chun críche, is iomaí dearthóir agus stíleálaí Éireannach a tháinig chun cinn ar an ardán le linn na seachtaine. Bhí éadaí ó chuid de na brandaí is mó i dtionscal an fhaisin in Éirinn le feiceáil ann, brandaí cosúil le Paul Costelloe, Aoife Ireland, Sasha Donnellan, Louis Copeland agus Dare to Howl, ach is í Karen Hegarty ó Sperrin Design a sheas amach dom féin go pearsanta.
Is as Contae Thír Eoghain do Karen Hegarty agus dearann sí éadaí comhaimseartha ildaite, a nascann “oidhreacht tuaithe na hÉireann agus fuinneamh fhaisean comhaimseartha na sráide i mBéal Feirste”. Is breá liom go mbíonn na píosaí uilig solúbtha agus is féidir iad a chaitheamh agus a stíleáil ar bhealaí éagsúla, agus tá an t-éadach trom taipéise a úsáideann sí go hálainn ar fad.
Chaith Saoirse-Monica Jackson dungaraithe Sperrin Design i siút Vogue ag tús na bliana seo, agus más aon chomhartha é sin don bhranda, ní i bhfad go mbeidh Sperrin Design i measc na mbrandaí is mó agus is aitheanta sa tír seo.
Téigh chuig www.sperrindesign.com le héadaí Sperrin Design a cheannach. Tá sí ar na meáin shóisialta fosta @sperrindesign.

Ceardlanna á líonadh go gasta do Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2026
Tá ráchairt mhór ar ranganna Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair i mbliana agus tá na spásanna ar na ceardlanna éagsúla á líonadh go gasta. Gach bliain, tagann scoth na gceoltóirí agus na ndamhsóirí Éireannacha le chéile i nGaeltacht Thír Chonaill lena saineolas a roinnt agus faigheann an lucht féachana deis ar leith bualadh le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír leis an cheird a fhoghlaim. I measc na dteagascóirí i mbliana beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Sinéad McKenna, Oisín Murphy, Méabh Mulligan, Marty Barry agus go leor leor eile.
Moltar do dhaoine “gan é a fhágáil go dtí an bomaite deireanach” agus a spás a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Beidh na ceardlanna ar siúl ó 10am-1pm gach lá idir an 28-31 Nollaig 2026. €125 an costas atá ar gach sraith.
Tá tuilleadh eolais faoi na ceardlanna agus faoi Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2026 ar fáil ag www.scoilgheimhridh.com.

Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – Trá Pháidín
Comharghrúpa traidisiúnta “trialach” is ea Trá Pháidín atá ar an fhód ó 2019. Is cinnte go bhfuil a stíl féin acu, stíl nach bhfuil le cluinstin in áit ar bith eile dar liom, ach níl aon dabht go bhfuil tallann ar leith ag na buachaillí seo. Thug siad ‘Albam na Bliana’ abhaile leo ó Ghradaim NÓS 2024 agus tá ag éirí go hiontach maith leis an albam úrnua, Cloch ‘s Claí, atá díreach eisithe acu.
Albam aorach searbhasach atá san albam nua, a chaitheann súil ar “acmhainn thairbheach na Gaeilge” agus a phléann saol na Gaeltachta agus stádas na Gaeltachta trí shúile mhórphobal na hÉireann. Ní minic a tharlaíonn sé go mbím ag pléascadh amach ag gáire agus mé ag éisteacht le ceol, ach tá cúpla amhrán san albam seo a bhainfeadh gáire os ard asat! (Féach lch 12)
Is féidir éisteacht le Cloch ‘s Claí agus é a cheannach ar Bandcamp ag www.trawfawdeen.bandcamp.com. Tá tuilleadh eolais faoi chamchuairt na bliana seo ar fáil ag @trawfawdeen ar na meáin shóisialta.














