Is uirlis áisiúil í an teicneolaíocht le ceoltóirí nua sean-nóis a chothú, dar leis an amhránaí agus scoláire iomráiteach, Lillis Ó Laoire.
Tá na blianta caite ag Ó Laoire ag foghlaim na n-amhrán, á gceol agus á múineadh, agus tá sé aitheanta mar dhuine de shaineolaithe an traidisiúin.
Tá baint ag fear Ghort an Choirce le hOileán Thoraí le fada i dtaca lena chuid taighde, agus tá cairdeas leanúnach aige leis an phobal ann.
Is ar an oileán sin a thug sé fá deara go bhféadfadh an teicneolaíocht nua tionchar dearfach a bheith aici ó thaobh an cheoil agus an aosa óig de: “Tá Séarlas Ó Baoill anois cúig bliana déag ach tá teacht i láthair ina chuid ceoil a léiríonn an ceangal lena mhuintir roimhe. Tá dúchas ar leith ina ghlór cinn, sílim, agus tá an bhua sin leis as an bhroinn, óna mháthair agus óna athair.”
RM Block
D’fhoghlaim Séarlas amhráin ó YouTube agus gan é ach naoi nó deich de bhlianta, a dúirt Ó Laoire: “Ní raibh mé cinnte an dtiocfadh duine mar sin chun tosaigh, ach tháinig. Agus tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh cosúil leis chun tosaigh sna blianta atá romhainn. Ní bhíonn a fhios agat a choíche caidé atá ag gabháil a tharlú — sin cineál míorúilte a tharlaíos i ngan fhios dúinn.”
Feall atá ann ar an fhilíocht má tá ceol léi agus nach dtugtar aitheantas don cheol sin.
Deir Ó Laoire go mbíonn an déagóir ag foghlaim na n-amhrán as a stuaim féin, gan brú ó dhuine ar bith, agus gur spreag agus gur chuidigh an teicneolaíocht úr go mór leis ón tús: “Sin bua na teicneolaíochta, nó na chéad amhráin a d’fhoghlaim sé, An Seanduine Dóite, cuirim i gcás, d’fhoghlaim sé ó Jimmy Mhary Bhillie [Séamus Ó Dubhgáin] iad. Bhí Jimmy Mhary Bhillie, grásta ó Dhia air, corradh agus deich mbliana faoi na fóide nuair a rugadh Séarlas.”
“An rud is fearr uilig fá dtaobh de, nó i ndiaidh na mblianta ar fad, go bhfuil glúin óg ag teacht chun cinn anois a bhfuil na hamhráin sin acu,” a dúirt sé.
Bhí lámh ag Ó Laoire i bhfréamhú agus i ndaingniú an cheoil sean-nóis ar an oileán na blianta ó shin óir chuir a shaothar suntasach taighde, Ar Chreag i Lár na Farraige, an t-oileán i lár an stáitse ó thaobh na hamhránaíochta de.
Faoi stiúir Ghearóid Uí Chrualaoich i Roinn an Bhéaloidis agus na hEitneolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, cuireadh tús leis an obair as ar eascair Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh, a foilsíodh le Cló Iar-Chonnacht in 2002.
Is mar gheall gur éirigh le Ó Laoire Scoláireacht Fulbright a bhaint amach le dhul go UCLA sna Stáit Aontaithe a thosaigh sé ar an leabhar. I stát órga California dó, bhí Ó Laoire ag éirí le breacadh an lae agus ag dul i mbun scríbhneoireachta de bharr nach raibh cleachtadh aige ar ghrian ghéar ghealánach Los Angeles: “Mhúsclaíodh solas na gréine mé achan mhaidin agus d’éirínn leis an ghrian. Scríobhainn idir 500 agus 1000 focal gach lá agus ansin dhéanainn rudaí eile. Chríochnaigh mé an tráchtas sin in 1999 agus bhí sé ar cheann de na tráchtais dheireanacha a scríobhadh sa mhílaois seo a chuaigh thart. Saothar a dhíríonn ar thraidisiún ceoil Oileán Thoraí atá sa leabhar, na fáthanna a raibh traidisiún na n-amhrán chomh láidir ansin, na dóigheanna a bhí acu leis an traidisiún a chur ó ghlúin go glúin, agus an bhrí a bhain le gabháil na n-amhrán mar chuid de ghréasán cumarsáide agus cultúrtha an phobail.”
I ndiaidh don leabhar a bheith foilsithe, d’éirigh le Ó Laoire Duais Mhic an tSaoir a fháil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Rinneadh leagan Béarla de ina dhiaidh sin agus in 2007 tháinig comheagrán nuashonraithe amach le Scarecrow Press agus Cló Iar-Chonnacht.
Tá an leagan Gaeilge as cló faoi láthair ach tá an ceann Béarla ar fáil go fóill.
Tá go leor scríofa ag Ó Laoire faoi chúrsaí ceoil agus é i measc na nglórthaí is aitheanta sa tír ó thaobh cúrsaí cultúrtha agus ceoil de.
D’éirigh lena shaothar faoi Sheosamh Ó hÉanaí, Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man (2011), a rinneadh i gcomhar le Sean Williams, duais idirnáisiúnta Alan P. Merriam a fháil don mhonagraf ab fhearr ar ábhar eitni-cheoleolaíochta ag comhdháil an Society for Ethnomusicology sa bhliain 2012.
Bhain lámhscríbhinn an leabhair Gradam Phiarais Bhéaslaí don saothar taighde is fearr ag Oireachtas na bliana 1999 agus is iomaí alt atá scríofa aige, i nGaeilge agus i mBéarla, ar ghnéithe éagsúla den chultúr thar na blianta.
In 2022, d’fhoilsigh sé Dhá Leagan Déag: Léargas Nua ar an Sean-Nós, bailiúchán aistí a d’eascair as comhdháil a reáchtáladh in Ollscoil na Gaillimhe in 2015.

Is cosúil gur ghríosaigh óige Uí Laoire é i dtreo an traidisiúin agus an cheoil. Bhí an ceol le Lillis beagáinín ón chliabhán agus ’fhoghlaim sé na hamhráin faoi choimirce Áine Nic Giolla Chearra. Ach is nuair a bhí Ó Laoire ag éisteacht leis an Ollamh Breandán Ó Madagáin a cuireadh an tsnáthaid ina chroí i dtreo fhocla na n-amhrán.
Leag Ó Madagáin béim ar an fhilíocht agus ar an cheol mar aonad san amhránaíocht, rud nach raibh coitianta i gcúrsaí oideachais san am. Is trí theagasc Uí Mhadagáin a thuig Lillis gur amhráin a bhí san fhilíocht a d’fhoghlaim sé ina óige. “Thuig mé a laghad agus a bhí ar eolas agam ó cheol mo chontae féin. Mhúin sé na hamhráin dúinn. Sin nuair a thosaigh mé ag cur suime sa cheol traidisiúnta i gceart. Dúirt sé gur cheol a bhí san fhilíocht, dúirt sé gur cuireadh béim ar na focla agus go dtearn daoine neamart sa cheol.
“Dúirt sé gur múineadh na hamhráin ar scoil amhail agus nach raibh ceol ar bith leo. Bhí sin fíor, nó bhí muidne ag déanamh filíocht na Gaeilge don Mheánteist agus don Ardteist. Bhí Dónall Óg againn don Mheánteist, cuir i gcás, agus bhí a fhios againn gur amhrán a bhí ann ach níor cuireadh ceol riamh leis sa rang Gaeilge.
“Feall atá ann ar an fhilíocht má tá ceol léi agus nach dtugtar aitheantas don cheol sin. Chuaigh an tuigbheáil sin i bhfeidhm ar mo shamhlaíocht ar bhealach nach dteachaigh go leor eile,” a mhínigh Ó Laoire.
Sin an t-am a thosaigh sé dhul i mbun na hiomaíochta. Ghlac sé páirt i gcomórtas sean-nóis a bhíodh ann do na mic léinn san Ollscoil i nGaillimh. Bhí spreagadh ann ó tharla go raibh duais airgid leis an chomórtas. Tháinig sé sa tríú háit agus gan ach triúr iomaitheoirí sa chomórtas. Ina dhiaidh sin, thum an scoláire é féin sa traidisiún a bhí ann ó thús agus d’éirigh leis an duais is mó in Éirinn don amhránaíocht thraidisiúnta i nGaeilge a bhaint dhá uair: Corn Uí Riada, in 1991 agus 1994. Bronnadh gradam ceoil TG4 air in 2020 mar amhránaí na bliana.
Anois, is mó i suíochán an mholtóra a fheiceann muid an t-amhránaí ag Oireachtas na Gaeilge agus é ag éisteacht go dílis leis na ceoltóirí a thagann ós a chomhair amach.
Agus é ag guí gach rath ar na hiomaitheoirí a bheas ag dul san iomaíocht ar an ardán mór fairsing i gCill Airne ag Oireachtas na bliana seo, is é an chomhairle a chuireann sé orthu nó go mbeadh “ciall, croí, anam agus brí” ina cuid ceoil - comhairle atá fréamhaithe i ndúchas agus i dtraidisiún na n-amhránaíochta leis na cianta.
Foclóir:
aitheanta = recognised
déagóir = teenager
Faoi stiúir = under the direction of
Cliabhán = cradle
Snáthaid = needle
Iomaitheoirí = competitors



















