Téimis sa mheitheal

Beidh géarghá leis an chomhar má tá muid chun teacht fríd na fómhair atá romhainn amach

Ní fios cén tionchar a imreoidh El Niño ar aimsir na hÉireann. Grianghraf: Ollscoil Mhá Nuad
Ní fios cén tionchar a imreoidh El Niño ar aimsir na hÉireann. Grianghraf: Ollscoil Mhá Nuad

Inniu an chéad lá de Mheán Fómhair, mí na buainte agus na bainte, na barraíochta agus na breise. An t-Sultain a thugann ár gcairde Albanacha ar an tréimhse, is é sin seal saille, babhta blonaige, mórthráth méathrais. Agus is é Medi atá ag bundúchasaigh na Breataine Bige ar an mhí, focal arb é ‘buain’ is brí leis agus a shíolraigh ón tseanfhréamh chéanna is a shíolraigh an téarma ‘meitheal’ s’againn féin. Is furasta na buíonta fear agus ban a shamhlú agus iad ag dul chun oibre sna páirceanna méithe, ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, lá breá fómhair fadó. An comhar, an cúram, an cnuasach.

Tá go maith agus níl go holc ach is mór idir na séasúir inar tháinig na focail sin chun cinn an chéad lá riamh agus na ráithí ró-athraitheacha atá anois againn. Go deimhin, dá mbeadh meithleacha sin an tseansaoil beo inniu is baolach nach n-aithneodh siad an fómhar atá le baint i mbliana.

Ar fud na hEorpa tá an tóin tite as barra agus as an táirgeadh bia ar scála nach bhfacthas le cuimhne na gcat, ná na scológ féin. An teas agus an triomach is cúis le mórchuid na gcaillteanas ar ndóigh, sin agus na tinte a bhfuil breis agus 6,300 ciliméadar cearnach - nó limistéar ar fairsinge é ná Contae caithréimeach Mhaigh Eo agus Lú curtha le chéile - loiscthe acu ó cheann ceann na mór-roinne le dornán míonna anuas, stráicí dorcha de thalamh feirme san áireamh.

Tá na híomhánna scanrúla feicthe againn uilig: falscaithe ag gluaiseacht ar luas lasrach, tithe dóite go talamh ag bladhmanna bráchthine, scamhóga plúchta ag an deatach dhubh.

Is cosúla iad le radharcanna ó scannán tubaiste faoin apacailipsis ná seatanna ó thuairiscí nuachta nó físeáin phearsanta ar na meáin shóisialta.

Ar bhealach, áfach, is sna figiúirí tura atá an t-ábhar imní agus uafáis is mó le fáil, go háirithe mar réamhbhlaiseadh ar an mhéid atá romhainn i dtaca le hinmharthanacht ár gcóras bia de.

Ar fud na hEorpa tá an tóin tite as barra agus as an táirgeadh bia ar scála nach bhfacthas le cuimhne na gcat, ná na scológ féin.

Tóg, mar shampla, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann - nach foireann sacair iad, dála an scéil - a d’fhógair le déanaí go bhfuil laghdú 40% tagtha ar an bharr prátaí in áiteanna áirithe sa tír (na Déithe idir sinn agus an drochrud).

Is amhlaidh an scéal thar lear. Tá 35% de bharr gráin bhuí na Fraince seargtha ar a ghais ghortacha, 40% de na piseanna imithe le grian agus slad déanta ar 60% den bhrocailí. Tá an leathchuid den bharr gráin i lár na Spáinne fágtha gan bheocht agus suas le 70% de thailte talmhaíochta na hIodáile spallta leis an tart. Ós ag caint ar an íota mé, tá an cheathrú cuid d’eorna shamhraidh na Gearmáine caillte cheana féin agus an leannlus lánbhlasta ag streachailt go mór. Gan trácht fiú ar na fíonchaora ionúine atá ag dul i ndísc i bhfíonghoirt ó La Rioja go La Champagne, rud atá ag déanamh buartha do ghrúpaí saineolaithe agus ‘sain-ólaithe’ (maith domh é) i ngach áit idir Gaillimh agus Graz.

Bhí drochthorthaí ann roimhe seo gan amhras ach ba mhinic a d’iompórtáil na tíortha a bhí gann i mbianna éagsúla cibé ábhar a bhí uathu ó réigiúin eile san Eoraip nach raibh buailte chomh holc céanna leo. Níl an rogha sin chomh hiontaofa céanna i mbliana, ar an drochuair, óir tá na teochtaí arda ag dul i bhfeidhm ar gach cearn den ilchríoch agus a gcuid trioblóidí féin ag an uile dhuine.

Cuir sa mheá fosta an tuar go leanfaidh an adhaimsir níos faide amach san fhómhar de bharr thionchar an mhaicín dhána úd, El Niño, agus thiocfadh dó go gcuirfí tuilleadh brú fós ar fheirmeoirí agus ar sholáthróirí, agus ar an bhiashlabhra dá réir.

Ní féidir linn a mhaíomh ach oiread go bhfuil deargionadh orainn faoin deargchríonadh thart orainn mar sin é go díreach atá á réamhinsint ag eolaithe aeráide le fada. Is é atá ann nach raibh muid ag iarraidh éisteacht leo, nó go raibh muid róghnóthach, nó nach raibh muid in ann an baol a shamhlú. Ba cheart go mbeadh sé sin giota beag ní b’éasca anois.

Tá gach cuma ar chúrsaí gur dúshlánaí a éireoidh an gnáthshaol dúinn ar fad sna blianta atá le téacht, maidir leis an tsoláthar bia agus leis an iliomad gnéithe eile de shochaí an domhain mar is eol dúinn í.

Ní gá gurb ionann easpa cinnteachta faoin todhchaí agus easpa misnigh áfach.

Cé gur líonmhar na lochtanna atá orainn mar speiceas, níl díth seiftiúlachta ina measc. Na sinsir sin a bhaist na hainmneacha ar na séasúir, a shaothraigh an talamh agus a tháinig slán, ba dhream acmhainneach iad. Agus tá a gcuid fola go fóill ag preabadh inár gcuislí inniu.

Is iomaí matalang a tháinig rompu i gcaitheamh na gcianta ach léirigh siad miotal, chuir siad le chéile agus tháinig siad fríd, in ainneoin na n-ainneoin. Daoine neamhspleácha solúbtha a bhí iontu nach raibh ag brath ar earraí iompórtáilte ón taobh eile den phláinéad ach a chuaigh i ngleic leis na dálaí saoil a bhí os a gcomhair amach.

Níl aon amhras orm ach go mbeidh cuid den neamhthuilleamaíocht agus den teacht aniar sin ag teastáil uainne, ó thaobh smaointeoireachta agus gníomhaíochta de, sa tréimhse atá romhainn.

Ár nglasraí féin a fhás sna gairdíní agus ar na balcóin; béilí a réiteach le comhábhair áitiúla shéasúracha; uisce báistí a bhailiú; crainn a phlandú; tithe a athchóiriú; stocaireacht a dhéanamh ar son na hinbhuanaitheachta; brú a chur ar na hollchomhlachtaí scriosacha; an comhrá a choinneáil ag imeacht… níl sa mhéid sin ach sampla fíorbheag de na bearta a mbeidh gá leo.

Beidh meithleacha de dhíth. Beidh gá leis an chomhar. Beidh orainn na síolta a chur, agus na meonta a ullmhú, le haghaidh na bhfómhar atá fós le teacht.

Foclóir:

méathras = fatn

falscaithe = wildfires

bladhmanna = flames/blazes

seiftiúlacht = resourcefulness/ingenuity

matalang = disaster/challenge

neamhthuilleamaíocht = self-sufficiency/independence