Tá cosaint thraidisiúnta ag páirtithe rialtais ag tréimhsí fothoghchán agus leithscéal réidh acu gur minic a thugann an pobal sonc do na páirtithe i gcumhacht ach nach cúis imní é sin. Deirtear go bhfuil an dílseacht fós ann agus go dtiocfaidh na vótóirí ar ais ag am an olltoghcháin. Ach an fíor sin i gcónaí? Beidh ceisteanna móra ag go leor de na páirtithe i ndiaidh na dtorthaí ó Bhaile Átha Cliath Láir agus Gaillimh Thiar, ach beidh lón machnaimh ag Fianna Fáil go háirithe.
Dar ndóigh, beidh grinnscrúdú á dhéanamh ag gach páirtí ar na feachtais agus ar aon chúis imní nó dóchais a tháinig amach astu, ach do bhaill Fhianna Fáil beidh comhráite míchompordacha de dhíth faoi na torthaí tubaisteacha a bhí ann don pháirtí.
Níor éirigh le hiarrthóir an pháirtí i nGaillimh Thiar Cillian Keane ach 8.8% den vóta chéad rogha a bhaint amach. Cás níos measa a bhí i mBaile Átha Cliath Láir agus an toradh is measa riamh faighte ag an pháirtí le 4.2% den vóta chéad rogha ag John Stephens. Cibé rud faoi shúilíochtaí nó nósanna vótóirí le linn fothoghcháin, drochlá a bhí ann don pháirtí nuair nach dtiocfadh leo figiúirí dúbailte a shroicheadh.
Go nádúrtha, agus páirtí polaitíochta ag streachailt chun vótóirí a mhealladh, cuirtear ceisteanna maidir le ceannasaíocht an pháirtí ar dtús. Tá ceisteanna faoi cheannasaíocht Mhicheál Martin ardaithe le roinnt míonna anuas ach gan aon ghníomh déanta mar gheall orthu, go dtí seo cibé.
RM Block
Cibé drogall a bheadh ar bhaill an pháirtí dúshlán an Taoisigh a thabhairt, is mó an drogall a bheadh i gceist agus dualgais idirnáisiúnta á láimhseáil acu ag an am céanna.
Tá liosta fada dúshlán roimh Martin agus bhí baol ann go gcuirfeadh aon cheann acu deireadh lena cheannasaíocht: ón droch-fheachtas Uachtaránachta anuraidh go dtí na hagóidí faoi chostas breosla tráth na Cásca, tá ceisteanna leanúnacha anois ann mar gheall ar threo an pháirtí agus an cumas atá iontu an pobal a thabhairt leo. Agus géarchéim thithíochta fós ag cruthú deacrachtaí, daoine óga den tuairim nach féidir leo saol a chruthú dóibh féin sa tír, agus scoilteanna ag tarlú i ngach gné den speictream polaitíochta, tá dúshláin gan réitigh ag teacht aníos d’Fhianna Fáil le linn na hama.
Beidh cosaint nó constaic (ag brath ar an dearcadh atá agat) ag baint le haon dúshlán ceannasaíochta go ceann tamaill. Beidh Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa ag Éirinn ó thús mhí Iúil go dtí deireadh na bliana. Tréimhse lán imeachtaí, cruinnithe agus poiblíochta a bheidh ann do Rialtas na hÉireann ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Cibé drogall a bheadh ar bhaill an pháirtí dúshlán an Taoisigh a thabhairt, is mó an drogall a bheadh i gceist agus dualgais idirnáisiúnta á láimhseáil acu ag an am céanna.
Sin ráite, nuair a thiocfaidh deireadh leis an Uachtaránacht seo ag deireadh 2026, tá seans láidir ann gur tús an deiridh a bheidh ann do Mhicheál Martin chomh maith.
Le breis agus cúig bliana déag caite ag Martin sa ról, shamhlófá go mbeadh pleanáil comharba de shaghas éigin ag tarlú laistigh den pháirtí ar aon nós, fiú dá mbeadh cinnteacht ghlan ann maidir le ról Martin sa ghearrthéarma.
Chuir Martin tús lena thréimhse cheannasaíochta in 2011. Deir sé go bhfuil sé i gceist aige a bheith ina cheannaire ar Fhianna Fáil ag an chéad olltoghchán eile. Seans maith, mar sin, faoin am sin, go mbeidh daoine óga ag caitheamh a gcéad vóta nach raibh ar an tsaol fiú nuair a ceapadh Martin sa ról sin.
Labhraítear go minic ar na ceannairí úra féideartha sa pháirtí agus cé hé nó hí an duine a chuirfidh tús le rás ceannasaíochta sa deireadh. Agus leithéidí Jim O’Callaghan, Jack Chambers agus Dara Calleary ag fanacht, tá meascán taithí, fuinnimh agus scileanna i measc uaisle an pháirtí, agus ní bheidh siad sásta fanacht go deo le hathrú ceannasaíochta, go háirithe agus na soilse rabhaidh ag splancadh mar atá faoi láthair.
Ag Ard-Fheis Fhianna Fáil an mhí seo caite bhí atmaisféar deas dearfach ann go poiblí agus an páirtí i mbun ceiliúrtha ar 100 bliain ó bunaíodh é. Mar sin féin, ní féidir le ballraíocht an pháirtí neamhaird a thabhairt ar an treocht reatha gan bagairtí móra a chruthú dóibh féin sa todhchaí. Beidh siad airdeallach faoi sin.
Tá athruithe ollmhóra tagtha ar shaol na hÉireann ó ceapadh Micheál Martin mar cheannaire agus tá dearcadh an-éagsúil ag daoine óga ach go háirithe ar cad atá uathu ó pholaiteoirí agus ó pháirtithe. Léiríonn rath na nDaonlathaithe Sóisialta agus na feachtais láidre a bhí ag go leor páirtithe beaga le gach saghas dearcaidh polaitíochta go bhfuil na nósanna vótála atá ag daoine ag athrú, agus nach féidir glacadh leis a thuilleadh go bhfuil dílseacht do na mórpháirtithe cinntithe.
Is léir ó thorthaí na míosa seo caite nach bhfuil ag éirí le Fianna Fáil dul i bhfeidhm ar an phobal faoi láthair, agus gur gá dóibh tosaíochtaí an pháirtí a shoiléiriú, sin agus bealaí nua a aimsiú lena dteachtaireacht a chur trasna. Beidh sé i bhfad níos deacra é seo a dhéanamh leis an duine céanna fós i gceannas.
Foclóir:
dílseacht = loyalty
ceannasaíocht = leadership
comharba = successor
vótóirí = voters
dúshlán = challenge
géarchéim = crisis
tithíocht = housing
iarrthóir = candidate
todhchaí = future
















