Ní gá dom a mhíniú do léitheoirí dílse Scéal na buntáistí a bhaineann le sealbhú teanga: féidearthachtaí, bealaí smaointeoireachta, idé-eolaíochtaí atá le baint nuair a fhréamhaítear thú i dteanga nua nó athshealbhaithe. Is éasca dearmad a dhéanamh ar na céimeanna a bhaineann leis an bpróiseas foghlama sin agus cumas gnáthúsáide bainte amach. Is deas liom nuair a mheabhraítear dúinn bunús ár mianta idirghníomhú leis an saol ar bhealach ar leith. Meabhraíonn Naoise Dolan dom na cúiseanna seo, ó thosaigh sí ar a haistear athshealbhaithe teanga le blianta beaga anuas. Chuir sí an dá chois sa gcré agus rith sí léi go fonnmhar i dtreo saoil trí Ghaeilge.
Bhí ardán áirithe ag Naoise cheana agus cáil idirnáisiúnta ar a húrscéalta Exciting Times agus The Happy Couple. Cloistear a glór tomhaiste sainiúil go neamhbhalbh ina colún sa Guardian maidir le cúrsaí teanga, gníomhaíochais, polaitiochta, agus cás na Palaistíne go speisialta.

Beannaíonn sí dom in Iodáilis ar Shráid Thomáis agus muid ag cuartú caife, ag suí ar deireadh os comhair Catherine’s Bakery agus ag caint faoi ghreim Airbnb ar an gceantar. Is léir óna cabaireacht faoi chúrsaí ailtireachta, tithíochta, agus bainne coirce, gur bean leis an iliomad spéiseanna í, agus gur beag rud sa saol nach dtugann sí aird speisialta dó.
N’fheadar an mbeadh an tionchar céanna orm gan an teanga - cé gur féidir léamh faoi i mBéarla - ní chuirtear in iúl ar an mbealach céanna é. Feicim anois i mo chuid scríbhneoireachta go bhfuilim ag freagairt gach uair ‘an gá é sin? an bhfuil sin ag déanamh a phoist?
Tá cúpla teanga ar a cumas ag Naoise, rud a imríonn tionchar ar a modhanna oibre agus smaointeoireachta. Is údar spéise toradh na lionsaí seo trína féidir léi idirghníomhú leis an saol, agus mar a chuirtear i bhfeidhm iad mar a bheadh scagairí ar a cuid scríbhneoireachta. “Tá sé deacair deighilt a dhéanamh idir smaointe cultúir éigin agus teanga. Is dócha gur tháinig tionchar Bauhaus orm, théis dom Gearmáinis a fhoghlaim. N’fheadar an mbeadh an tionchar céanna orm gan an teanga - cé gur féidir léamh faoi i mBéarla - ní chuirtear in iúl ar an mbealach céanna é. Feicim anois i mo chuid scríbhneoireachta go bhfuilim ag freagairt gach uair ‘an gá é sin? an bhfuil sin ag déanamh a phoist?’. Is bealach thar a bheith Bauhaus é sin chun a bheith á smaoineamh!”
RM Block
“Nó nuair a bhím ag scríobh i mBéarla, toisc go bhfuil teangacha Gearmánacha agus Rómánsacha agam, bíonn tionchar ar na focail a úsáidim. Inferno, sin focal thar a bheith normálta san Iodáilis. Ach inferno i mBéarla, sin focal liteartha. Mar sin, tá pictiúr difriúil agam den fhocal sin agus mé á úsáid i mBéarla. B’fhéidir an príomhrud anois ná go bhfuilim níos cúramaí anois. Gach teanga eile a fhoghlaimím, bím níos cúramaí fós, mar tá aithne agam ar na bealaí ar féidir a bheith mícheart - nó míchruinn b’fhéidir níos mó ná mícheart - mar sin tugaim níos mó cúraim anois.”
Is údar sceitimíní dom a chloisteáil go bhfuil sí ag cur peann le pár (cleachtas a dhéanann sí de lámh!) le saothair Ghaeilge a scríobh. Is minic a chloistear ar na mallaibh daoine ‘ar bhreá leo an teanga a úsáid’ ach tá an sprioc sáraithe ag Naoise faoi thrí. D’fhiafraigh mé di céard a chuir an sifín siúil fúithi. “Ná Gearmánaigh is dócha!” a deir sí le gáire. “Bhí Gaeilge fheidhmiúil agam ach ní raibh suim agam inti, níor cheap mé go raibh aon bhaint idir an teanga agus mo shaol. Ach sa nGearmáin thug mé faoi deara gur polaitiúil é a bheith á labhairt agus á húsáid. Agus mé ar ais i mBaile Átha Cliath, le bheith ionraic, fáth ana-mhór ná gur maith liom na cainteoirí! Is daoine suimiúla iad. Tá an-eolas acu ar chultúrthaí i gcoitinne, ar litearthacht i gcoitinne. Thosaigh mé le ‘ba mhaith liom níos mó Gaeilge a labhairt’ ach anois, díreach na daoine is fearr liom, tá siad in Aerach Aiteach Gaelach!”
Dar liom go bhfuil an trasnáil pholaitiúil agus an bá atá ag na Gaeil, den chuid is mó, leis an saol mórthimpeall orthu ar an ngné is spreagúla den phobal ina maireann muid. Arís eile, áfach, tá Naoise théis céim níos faide a ghlacadh agus gnímh láidre a dhéanamh ar son na cúiseanna a bhfuil a croí inti. Is fiú gach gníomh agus gach glór ar ndóigh, ach is rud eisceachtúil é dul chomh fada le suímh aighnis mar a rinne sí trí pháirt a ghlacadh sa mionchabhlach - Global Flotilla Sumud - ar bhád a thaisteal chomh fada le Gaza féin. Tá míniú praiticiúil aici ar an gcinneadh áfach - “Anailís! Bhí daoine a bhraith b’fhéidir riachtanas mothúchánach, rud éigin a dhéanamh, pé rud. Domsa ní mar sin a bhí sé. Díreach cheap mé ‘okay, caithfidh mé triail a bhaint as rudaí eile roimhe, agus ansin mura bhfuilim in ann aon éifeacht a fheiceáil, caithfidh mé a bheith páirteach sa rud seo’ - ní raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh in aon chor dar ndóigh… Tá Gníomh ar son na Palaistíne ag déanamh an-obair anseo, so ba mhaith an rud tacú leis seo, m’ardán a úsáid le níos mó airde a tharraingt air seo freisin. Ach i gcoitinne, is é m’anailís nach féidir agus nach fiú aon rud a dhéanamh leis an Rialtas, agus gur fearr ár rudaí féin a dhéanamh le haon éifeacht a bhaint amach.”
Beidh Naoise ag labhairt ar na hábhair seo, agus ar théama an ilteangachais agus scríbhneoireacht i dteanga nach dúchasach duit í ag ócáid de chuid Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath ag 17:00 Dé Domhnaigh an 17 Bealtaine. Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil ag ilfdublin.com.
Foclóir:
léitheoirí dílse = dedicated readers
idirghníomhú = interact
úrscéalta = novels
tomhaiste = measured
sceitimíní = excitement
eisceachtúil = exceptional














