“Más rud é go raibh imní ar pháiste bheadh tú ag iarraidh an strus sin a laghdú, ach ní bheifeá a rá leis an bpáiste, ‘Bhuel, ní gá duit matamaitic a fhoghlaim’ agus déarfainn gur beag tuismitheoir a bheadh ag lorg a leithead ach oiread”
Déanann an tOllamh Pádraig Ó Duibhir cur síos ar an bhfadhb atá ann, dar leis, sa chur chuige atá ann sa chóras oideachais do dhíolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge.
Síleann an tOllamh go bhfuil éagothromaíocht éigin i gceist leis an nós atá ann díolúintí a bhronnadh ar dhaltaí a bhfuil riachtanais foghlama orthu agus, dar leis go dtaispeánann sé nach bhfuil an córas oideachais ag déanamh iarracht chuí freastal orthu.
“B’fhéidir go mbeadh roinnt daoine den tuairim nach bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach sin agus go mbeadh sé níos fearr an strus a laghdú”, a deir sé.
RM Block
“Ach bíonn daoine i dteagmháil liom ag rá go bhfuil díomá orthu gur bronnadh díolúine orthu agus iad ar scoil agus anois tá áiféala orthu. Níor thuig siad, b’fhéidir go mbeadh spéis acu sa Ghaeilge agus iad ina ndaoine fásta agus braitheann siad gur chaill siad amach ar rud éigin.”
“Má bhaintear na páistí seo ar fad amach as an rang Gaeilge, ní bhíonn ar na múinteoirí Gaeilge uas-sciliú agus dul i dtaithí ar na dúshláin seo.”
Tháinig tús le córas na ndíolúintí don Ghaeilge sna 1970idí chun cuidiú le daltaí le riachtanais áirithe a bhíodh ag freastal ar scoileanna speisialta agus ar iarradh orthu freastal ar ghnáth-scoileanna.
“Bhí siad scoite amach ón gcóras agus go traidisiúnta níor múineadh Gaeilge sna scoileanna speisialta sin”, a mhíníonn an tOllamh.
Dar leis an Ollamh nach bhfuil díolúintí feiliúnach ach amháin i gcásanna eisceachtúla nuair nach bhfuil sé de chumas ag dalta gnáth-churaclam in aon ábhar a leanúint.
Áfach, de bharr teipeanna eile sa chóras, cuireann sé seo tuilleadh brú ar dhaltaí, a bhfuil riachtanais eile nach bhfuil chomh tromchúiseach acu, glacadh le díolúintí, fiú má tá sé ar a gcumas Gaeilge a fhoghlaim.
“Bhí grúpaí fócais le daltaí agus tuismitheoirí agus múinteoirí, ach an rud a tháinig amach as go soiléir ó na daltaí ná go n-aithníonn siad go bhfuil sé tábhachtach Gaeilge fhoghlaim, gur mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim”, a deir an tOllamh Ó Duibhir.
“Is breá leo nuair atá deiseanna acu Gaeilge a labhairt agus cur leis na scileanna labhartha ach ní raibh siad sásta leis an gcur chuige reatha.”
“Is dóigh go bhfuil méid áirithe den taithí dhiúltach atá ag scoláirí ag cur le líon na ndíolúintí chomh maith. Má mhothaíonn tú, ‘Tá an rud seo deacair. Níl mé ag baint taitneamh as. Is cur amú ama é’, b’fhearr leat díolúine a fháil.”“Tá sé in am don chóras éisteacht leis na múinteoirí agus na scoláirí faoi céard iad na rudaí a spreagann iad.”
Dar leis an Ollamh, tá easpa dáiríreachta ann ag teacht ón mbarr, rud a chruthaíonn easpa measa don teanga in áiteanna áirithe sa chóras oideachais.
Is é a thaithí féin go mbíonn drochmheas ag ábhair oide agus múinteoirí áirithe sa chóras bunoideachais ar an nGaeilge agus nach mbíonn an deis acu tuiscint cheart a fháil ar an gcultúr a bhaineann leis an teanga.
“An grúpa daoine seo atá le bheith ina múinteoirí gairmiúla, conas is féidir leo dearcadh chomh bocht sin a bheith acu i dtaobh ceann de na hábhair a bheas á múineadh acu? Ar leibhéal amháin tá sé an-mhíghairmiúil go mbeadh drochmheon acu faoi ábhar ar bith”
“Is dóigh go bhfásann sé sin as cuid den mheon a fuair siad féin sa chóras scolaíochta b’fhéidir agus gur rud é atá mórthimpeall orthu.”
Dar leis an Ollamh, cruthaíonn na heasnaimh atá ann sa chóras bunoideachais tuilleadh fadhbanna nuair a théann daltaí ar aghaidh chuig an meánscoil.
Deir sé, “Rud a bhí suimiúil a tháinig as an taighde ná go raibh na múinteoirí iar-bhunscoile ag rá go raibh an-éagsúlacht i gcaighdeán na bpáistí a bhí á múineadh acu i mbliain a haon.”
“Is dócha an tuiscint a bhí le baint as sin ná go raibh jab an-mhaith a dhéanamh ag roinnt bunscoileanna agus ní raibh jab chomh maith céanna á dhéanamh ag bunscoileanna eile.”
“Ní dhéantar aon mheasúnú sa bhreis ar chúirteanna ó chigirí. Seachas sin, níl aon mheasúnú á dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna.”
“Bíonn trialacha caighdeánacha Dhroim Conrach sa Bhéarla agus sa Mhata, ach ní bhíonn aon rud sa Ghaeilge ach amháin sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Dar liomsa, ní féidir é sin a chosaint.”
Bíonn cineál fáinne fí sa chóras oideachais agus nuair a ligtear do chaighdeán na Gaeilge titim, cruthaíonn sé seo tuilleadh deacrachtaí don chóras sa todhchaí mar bíonn sé níos deacra do mhúinteoirí nua a chuaigh tríd an córas ard-chaighdeán a bhaint amach.
Deir an tOllamh, “Má théann tú siar go traidisiúnta, abair suas go dtí na 1960idí, bhíodh Gaeilge ana-mhaith ag na múinteoirí bunscoile mar gheall gur tháinig siad trí chóras oideachais ina raibh an-bhéim ar an nGaeilge.”“Bhíodh na cúrsaí sna coláistí oideachais féin trí mheán na Gaeilge ach ó na 1960idí ar aghaidh, laghdaíodh é agus gach 10 mbliana bíonn laghdú agus laghdú ar chumas na n-ábhar oide.”
Níl an tOllamh ródhóchasach faoi chaighdeán na Gaeilge sna bunscoileanna lán-Bhéarla agus dar leis nach bhfuil an rialtas ag tabhairt na tacaíochtaí cuí do mhúineadh na teanga.
“Nuair a deir an tAire Oideachais go mbeidh laghdú ar an nGaeilge mar ábhar ach go mbeidh múineadh na Gaeilge níos láidre ná mar a bhí – seafóid atá ann”, deir sé.“Beidh tionchar aige sin ar na páistí atá ag dul trí na bunscoileanna i gceann 10 mbliana, 15 bliana nuair a bheidh siad sin ag dul isteach sa choláiste oideachais. Ar an iomlán, ní bheidh siad chomh maith leis an dream a chuaigh isteach 10 mbliana ó shin mar tá níos lú teagmhála acu leis an nGaeilge.”“Ní féidir leat an t-am a laghdú, an tacaíocht a laghdú agus a bheith ag súil leis na torthaí céanna.”
Freisin, dar leis an Ollamhgo bhfuil an easpa solúbthachta ann do mhúineadh na Gaeilge ag cur isteach go mór ar an gcumas atá ag daltaí le riachtanais speisialta an teanga a fhoghlaim.
Deir sé, “Ba chóir go mbeadh scoláirí ag foghlaim na Gaeilge ag an leibhéal is airde is féidir. In Éirinn tá díolúine buan againn. Is é sin, go mbronntar díolúine ort agus sin é, níl deis agat filleadh ar fhoghlaim na teanga arís.”
“In áiteanna eile is rud an-eisceachtúil é díolúine a bheith ann. Abair le haghaidh scoláirí ag teacht ó thar lear, bíonn cúpla bliain acu ina ndéanann siad staidéar ar an teanga.”
“Ní bhíonn siad ag súil b’fhéidir go sroicheann siad an caighdeán céanna, ach tugtar an deis [dóibh]. Feictear an díolúine mar rud sealadach.”
Ina theannta sin, deir an tOllamh nach bhfuil fírinne ar bith ag baint leis an seasamh oifigiúil atá ag an Roinn Oideachais go dtugtar deis do gach dalta teagmháil éigin a bheith acu leis an nGaeilge, fiú má tá díolúine acu.
“Chomh luath is a bhronntar díolúine ar dhalta, ní ghlacann siad páirt i ranganna Gaeilge. Ceapaim nach bhfuil sé maith go leor go mbíonn an Roinn ag rá os comhair coiste Dála, ‘Tá sé ráite againn sa churaclam gur cheart go mbeadh siad fós ag déanamh Gaeilge’.”
“Tuigeann siad nach bhfuil sé seo ag tarlúint, tá an cumhacht acu rud éigin a dhéanamh faoi sin dá mba mhian leo.”
Foclóir:
Tuismitheoir = parent
díolúintí = exemptions
scoite = disconnected
fáinne fí = vicious cycle
drochmheas = contempt
uas-sciliú = upskilling
teagmháil = contact













