Ceithre cinn d’úrscéalta atá scríofa ag Micheál Ó Conghaile agus is de shuimiúlacht go bhfuil siad ar fad éagsúil go maith lena chéile. Bíodh sin mar atá, bíonn cúraimí áirithe ag gluaiseacht tríothu ar fad, an teacht in inmhe, an seansaol agus an saol nua ag aighneas lena chéile, an éigse leis an amhránaíocht, faoistin an duine agus cúrsaí creidimh féin. Tá cúram sin an chreidimh ríofa siar síos trína shaothar ó na gearrscéalta tosaigh, tríd an tsraith de scéalta aoracha Bíoblabhunaithe a bhfuil Diabhlaíocht Dé orthu, agus thar aon áit eile san úrscéal is déanaí uaidh, An Bhlaosc sa mBois.

Machnamh lán céad fiche is a cúig éigin leathanach atá ann ar uafás pháistí Thuama, na dílleachtaí bochta a bhfuarthas a gcnámha i ndabhach séarachais ann. Ceann de scanaill mhóra na hÉireann é seo agus is é dúshlán an scríbhneora chruthaithigh conas tabhairt faoi. Is é a dhéanann sé ná seasamh siar. Ní fheicimid an t-uafás ina lánghránnacht bharbartha ach trí scéal aon chloiginn amháin, agus é sin á aithris ag duine eile. B’fhéidir gur gá an bhearna seo a bheith ann, óir tá an fhírinne féin rósceimhliúil chun breith air.
Dán grá is ea cuid mhaith den scéal, dán grá á aithris ag fear dá dheirfiúr féin a bhí cúig bliana níos sine ná é ach a fuair bás san uileloscadh i dTuaim dá Ghualainn. Dán grá dá cheantar dúchais féin é chomh maith céanna, óir cromann sé ar chloigeann a dheirféar atá fachta aige a thabhairt timpeall ar a fhóda dúchais, fóda nach bhfaca sí riamh, agus ba iad ba dhual di. Cuid den insint is ea an liodán de logainmneacha a thaispeánann sé di agus ar dlúthchuid dá shaol féin iad: ‘Cnocán na Seangán mar a mbíodh sé ag déanamh bolg le gréin. Garraí an Chnocáin mar a mbíodh sé ag spraoi agus ag déanamh falach bíog leis féin is é ina ghasúr. Ina aonar, Carraig an Tobair mar a mbíodh braon fíorusice le fáil chuile shamhradh cuma cén triomach nó teas mór a thiocfadh. An Garraí Réidh a bhí saor ó charraigeacha is cnocáin is a mheall ógánaigh an bhaile le cluichí peile is báire a imirt ann sul má bhí páirc cheart sa bparóiste.’
Is maith mar a thuigeann fear inste an scéil gurbh fhéidir gurb é a mhalairt a thiocfadh a bheith ann, gurbh eisean an cloigeann agus ise ag caint leis…
Agus ina dhiaidh sin ‘An Garraí Ard, Garraí na gCaorach, An Garraí Domhain, Garraí na bhFataí mar a mbíodh fear bréige déanta aige ann’, agus Cosán na nGabhar agus Carn na mBeannacht , agus ‘Ghluais sé leis thar Gharraí an Chladaigh is Carraig na bhFaoileán nó gur shroich sé íochtar an bhóithrín i mbéal oscailte an bhóithrín’ agus tuilleadh go bhfuil nach mór sniogtha aige.
RM Block
Tá mar a bheadh a saol á thabhairt ar ais aige di, smut ar smut, radharc ar radharc. Is álainn agus is truamhéalach in éineacht an scríbhneoireacht ina heachtraí faoi leith, is cuma é ag cuimhneamh dó nach bhfuair sí riamh caoi mar phléisiúr ‘marcaíocht ar dhroim asail’ nó ní mór ná briseadh croí nuair a thóg sé an bhlaosc amach as a phóca agus go ndeir sé leis, ‘Féach glioscarnach na gréine ar an bhfarraige nach bhfaca tú cheana ariamh, is áilleacht an taobh seo tíre...an tírdhreach siar uainn. Na cuanta is na crompáin, an fraoch corcra atá ar na cnocáin. Na blátha bándearga creaga. An fheamainn bhuí in íochtar trá is an chaisíneach dhubh ar na carraigeacha uachtair. An gaineamh geal mín trá gan smál…nach álainn go deo an uair í amuigh anseo’.
Is den áilleacht agus den fhilíocht an briseadh áfach. Tá scéal seachas scéal cloiginn á thaispeáint san insint. Briseann an réalaíochas gránna isteach nach foláir dó a dhéanamh. Tá an réamhscéal le hinsint fós. Agus is chuige sin an dara cuid den úrscéal a dhéanann duine den chloigeann agus a líonann isteach bearna na haimsire arb é poll na reacaireachta é.
Fear inste an scéil, deartháir an chloiginn, tá a mhearbhall féin air siúd. Agus cé nach é a scéal siúd scéal an leabhair is é a thuigeann seansúlacht an tsaoil. Ar leith amháin fiafraíonn go cráite de féin cad ina thaobh nár uchtáladh í ar nós na mílte gan áireamh eile, agus bheadh ceithre scór is cúig bliana d’aois anois aici, nó cén sort gruaige a bheadh uirthi, nó cad é dáiríre an saol gránna a bhí aici, ‘Sna seomraí móra fuara ina raibh sraitheanna fada de chliabháin ina mbíodh páistí ag caoineadh is ag screadach de shíor, cuid acu nach raibh in ann caoineadh níos mó’.
An abairt deiridh sin, is é an t-aon chur síos réalaíoch amháin é ar an áras gránna de dhílleachtlann ina raibh a dheirfiúr, ach is cumhachtach ina huaigneas í. Go deimhin, tá an dá bhrí ag rith leis an mír dheiridh den abairt, ‘cuid acu nach raibh in ann caoineadh níos mó’. Is é sin, bhí deireadh na ndeor caite acu agus iad tirim ina súile istigh, nó neachtar acu, is marbh a bhí siad.
Ar an leith eile, tá a scéal féin agus é infhillte i scéal a dheirféar. Is amhlaidh go bhfuair a mháthair dhílis féin bás le linn a bhreithe ionas nárbh eol riamh dó í. Ach is amhlaidh go raibh bean eile de chuid na comharsan a bhfuil Bidí uirthi a nochtann dó cad a tharla na laethanta cinniúnacha sin. Is í a bhí ann nuair a tháinig an sagart go mustarach chun an tí agus gur thug sí aghaidh a craois air, ‘D’iompaigh mé ar an sagart agus colg orm. Tá chuile shocrú a bhí le déanamh sa teach seo déanta agamsa le máthair an pháiste seo, beannacht Dé lena hanam dílis, de réir mar a theastaigh uaithi is gur thoiligh sí féin. Coinníodh tusa do ladar amach as an scéal seo. Bhí tú anseo cheana chúig bhliana ó shin, faraor. Níl aon duine ag dul ag taisteal go Tuaim ar rothar ná i gcarr anocht, ná amárach, ná aon oíche eile. Ná aon lá eile.’
Sa chás is gur dráma tuaithe sa lá atá inniu ann bheadh an slua ina seasamh ag tabhairt bualadh bos di. Ach ní mar sin a bhí, cé go raibh daoine aonair agus codanna den phobal i gcónaí ann a sheas i gcoinne an méid a tuigeadh gur tíorántacht chléire agus meatacht thuata a lig leis an saol sin.
Ní hé ceacht na linne atá á chur abhaile ag an údar, áfach, ach an traigéide dhaonna. Is maith mar a thuigeann fear inste an scéil gurbh fhéidir gurb é a mhalairt a thiocfadh a bheith ann, gurbh eisean an cloigeann agus ise ag caint leis dá n-iompódh an chinniúint ar chuma eile. Agus é ag caint léi, ós rud é gur monalóg léi sciar maith den leabhar, deir sé, ‘Tá brón orm a stóirín … Brón mór agus dearmad glan déanta agam go raibh tú liom, agus gur ormsa amháin a tháinig siad i gcabhair is nach ortsa. Dá mba ar mo chrann a thitfeadh. Dá mba mise a shaolófaí i dtosach i d’áit-sa is tusa in m’áitse.’
Is mar seo a léirítear gur scéal grá atá in An Blaosc sa mBois siar amach, ach scéal grá faoi chúinsí uafara agus uaignis ina bhfuil aon duine amháin ag iarraidh lá amháin, lá singil aonair amháin a thabhairt suas don deirféar nach raibh riamh aon aithne aige uirthi, nach bhfuil aige di ach a cloigeann.
Tá an léirmheas seo cóirithe as sliocht sa leabharMicheál Ó Conghaile: An Fear a Dhéanann Gaisce, cnuasach aistí a chuir Ciarán Mac Murchaidh agus Seán Mac Risteaird in eagar is a d’fhoilsigh Arlen House inné.
FOCLÓIR: Úrscéalta = novels
aighneas = argument
teacht in inmhe = coming of age/maturing
blaosc = skull
garraí = field
meatacht = decline/decay


















