Solas suaithinseach Rosalía

Tá stádas idirnáisiúnta Rosalía daingnithe anois lena halbam nua LUX

Rosalía. Grianghraf: Aldara Zarraoa/WireImage/Getty
Rosalía. Grianghraf: Aldara Zarraoa/WireImage/Getty

Meitheamh 2019: glaodh chun oifig an bhainisteora mé. Ciontaíodh mé den chéad uair (agus ní den uair dheireanach) as bheith róliobrálach leis an téarma “popcheol” ar sheinnliosta raidió. Aute Cutura le Rosalía ba chúis leis an gcruinniú. Mhaígh mé gurb ionann popcheol agus ceol atá i mbéal an phobail. Chruinnigh slua aisteach le Rosalía a fheiceáil ag féile Glastonbury an mhí sin.

Ní minic a shroicheann teangacha iasachta réimse phopchultúr an Bhéarla, faraor. De réir a chéile, áfach, bhláthaigh cáil Rosalía. Bronnadh ardú céime cultúrtha ar an amhránaí Catalónach nuair a eisíodh MOTOMAMI (2022). Anois, lena ceathrú halbam, LUX, léirítear lánchumas a glóir lena bhfuil traenáil ardscoile opera déanta aici, le foinn phop agus dordlínte troma. Tá aitheantas idirnáisiúnta daingnithe aici.

Chorraigh LUX saol an cheoil: agallamh le Zane Lowe, eagrán Switched On Pop, mionanailís le mórthionchairí ceoil ar an scéalaíocht, ar na físeáin, ar an domhain agus ar an ollfhuaim a chruthaigh Rosalía a bheag nó mór léi féin (ba ise a rinne 97% den léiriúchán dar léi). Sruthaíodh an t-albam 42.4 milliún uair ar lá a eisithe - an líon ab airde a bhain bean i dteanga na Spáinnise amach riamh in aon lá amháin.

Agus ar chairteacha na hÉireann? Ní ann di. Bhain an príomhshingil Berghain #32 amach an tseachtain seo . Casadh Berghain faoi chúig ar phríomhstáisiún raidió le coicís, ar chláracha istoíche. Is trua go bhfuil drogall ar na meáin thraidisiúnta ceol ilteangach a chasadh. Táimid ar cheann den fhíorbheagán tíortha Eorpacha nach gcasann ach ceol Béarla ar an raidió náisiúnta. Measaim gur éisteoirí maithe raidió muid mar Éireannaigh (3.48m éisteoir laethúil!) de bharr na fiosrachta agus na spéise atá againn sa saol mórthimpeall orainn. Déantar beag is fiú dínn nuair a thugtar le fios nach bhféadfaimis plé le teanga ná cultúr eile - go háirithe agus an zeitgeist chomh hidirnáisiúnta is atá inniu. Ní bhaineann seo le teangacha iasachta amháin. Cuimhnigh gurb é Better Way To Live le Kneecap a casadh thar aon amhrán eile dá gcuid ar an raidió - amhrán a bhfuil an chuid is mó dá liricí as Béarla. Cuimhnigh gur gearradh véarsa Gaeilge CMAT ó EuroCountry nuair a casadh ar aer ar dtús é.

Is taighdeoir díograiseach í Rosalía. Taifeadadh a céad albam, <i>El Mal Querer</i> (2018) dá tráchtas faoin gceol <i>flamenco</i>.

Is caint in aisce í seo áfach, ó scríobhadh LUX i gceithre chuid, i dtrí theanga dhéag - ní cosúil gur cruthaíodh é le cloí le rialacha na gcairteacha.

Is taighdeoir díograiseach í Rosalía. Taifeadadh a céad albam, El Mal Querer (2018) dá tráchtas faoin gceol flamenco. Bhain sí céim agus léirmheas lonrach Pitchfork amach leis. Fiosraítear ar LUX naoimh agus miotaseolaíocht ón tSín go dtí an Úcráin, le véarsaí in Araibis agus Eabhrais. Déantar machnamh ar chreidimh, mianta, diagacht agus reibiliúnaigh ban.

Ón gcéad rian, Sexo, Violencia, y Llantas, mínítear atá i ndán: ceol avant-garde a sháraíonn seánraí le téamaí daonna a rachaidh go croí ionainn, agus fuaimeanna a chuirfeadh iontas ar an éisteoir, le tionlacain an London Symphony Orchestra.

Baineann nach mór chuile amhrán le ban-naomh. Dúthracht ar leith a léirítear trí véarsaí chuile naomh a chasadh ina teanga féin: ar Reliquia, spreagtha ag Santa Rosa de Lima, canann Rosalía faoi chodanna di féin a fágadh in áiteacha éagsúla le himeacht ama; san amhrán Porcelana insítear i Seapáinis scéal Ryōnen Gensō a scrios áilleacht a haghaidhe le cead isteach i dteampall a thuilleamh.

Berghain an príomhshingil, faoi athbheochan i ndiaidh briseadh croí. Tagairt, ar ndóigh do chlub oíche clúiteach Bheirlín, ach míníonn Rosalía in agallaimh gurb ionann “berghain” agus gréasán fothalaimh cumarsáide idir crainn foraoise. Míníonn sí gurb ionann é agus an gréasán smaointeoireachta ina maireann daoine, muid uilig caillte agus i mbun cumarsáide sa lúbra céanna. Teachtaireacht fheiliúnach, ós rud é go n-éiríonn le LUX rud a dhéanamh nach bhfuil en vogue le gairid: impíonn sé orainn ár smaointe agus mothúcháin féin a fhiosrú agus a úsáid le dul i dteagmháil leis. Seachas scéal pearsanta a chur ar phláta órga le hiniúchadh a dhéanamh air, cruthaíonn Rosalía léarscáil as scéalta ban agus miotais ós na cianta atá imithe, mar uirlis lenár n-eispéireas féin a fhiosrú le súile úra.

D’fhéadfaí a rá go bhfuil taithí phearsanta ealaíontóirí á cur os comhair an phobail ó thús ama, ach tá ionchas ar leith do bhancheoltóirí go háirithe le gairid: fantar go mífhoighdeach ní hamháin ar an gceol ach ar fhonótaí agus comhthéacs a saoil phríobháidigh. Mar thoradh, bíonn na hamhráin róshonrach lenár scáth féin a aithint iontu scaití, nuair is an t-uilíochas a chinntíonn go mairfidh píosa ealaíne níos faide ná an ré ina gcruthaítear é.

Is deacair a rá ag an bpointe seo an mairfidh LUX sa zeitgeist, ach le linn ama ina bhfuil albam in aghaidh na bliana á eisiúint ar mhaithe le comhlíonadh conarthaí, is eisceachtúil na trí bliana (agus buiséad dochreidte ní foláir) a chaith Rosalía i mbun taighde, i mbun pinn agus taifeadta le saothar daonna, croíúil a chruthú. Is bua i gcoinne an chórais an cur chuige sin ann féin.