Bhí cáil ar dhialanna Sheáin Uí Ríordáin i bhfad sular léadh mórán díobh go poiblí. D’fhoilsíodh sé sleachta astu ó am go chéile ina cholún san Irish Times i 70idí na haoise seo caite, agus bhain Seán Ó Coileáin leas thar a bheith tairbheach astu ina mhórshaothar Beatha agus Saothar a foilsíodh sa bhliain 1982. Bhí an t-ádh linn, leis, nuair a chuir Tadhg Ó Dúshláine Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh amach deich mbliana ó shin, ar sleachta cliste iad a roghnaíodh chun meon an fhile ó bhliain go bliain a léiriú. Tá sé i gceist anois ag an scoláire Pádraig Ó Liatháin na dialanna go léir a fhoilsiú de réir a chéile agus is é an leabhar seo Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1&2, 1940 (Cló Iar-Chonnacht) an chéad ghála díobh. Tagann crith chos agus lámh agus eile orm nuair a chuimhním ar an obair atá roimhe amach!

Mar sin féin, ní foláir nó tá pléisiúr éigin á leanúint, óir is taitneamhach, inléite, soghluaiste, stílshnoite iad mar scríbhneoireacht, agus cé gur féidir leo a bheith dorcha, féinchráite, géarfhaoistiniúil agus go minic míchompordach tá léargais iontu ar aigne ghéar, mheon scagaitheach, intinn neamhspleách agus thar aon rud eile ar íogaireacht fhileata i leith an tsaoil. Agus is leathan fairsing a mbíonn idir chamáin phléite aige: mar a deir an t-eagarthóir sa réamhrá: ‘Bíonn an litríocht, an stair, an pholaitíocht chomhaimseartha, cúrsaí sláinte, drámaíocht áitiúil, an Ghaeilge, an Béarla, a ghaolta, Baile Bhuirne agus a cheantar nua faoi chaibidil go príomha.’ Is é sin le rá go lom gonta, is mór is díol spéise iad.
Mar theist ar sin ar fad tá innéacs ocht leathanach de dhaoine a bhfuil tagairt ann dóibh i gcorp na dialainne, lán nach mór 400 duine ar fad. Cuid acu seo, luaitear go minic iad mar a bheadh snáth ag dul tríd an saothar, Dónall Ó Corcora nach ionadh, an Pápa Pius XII agus Éamon de Bhalera go háirithe. Beifear ag fiafraí cad tá á dhéanamh ag Sir John Lavery anseo, nó Pehr Evind Svinhufvud Uachtarán na Fionlainne, nó an Cairdinéal Richelieu, nó cad é a mheas ar Yeats, nó ar Mhadame Gonne McBride, nó ar Phádraig Ó Duinnín? Bheadh ort triall ar thobar an leabhair leis na freagraí sin a fhionnadh duit féin.
toisc gur dialann phríobháideach í seo... tá níos macánta, níos neamhbhailbhe ná mar a bheadh ábhar ar tí a fhoilsithe.
Ach toisc gur dialann phríobháideach í seo (fág go bhfuil cúpla nod ann a thugann le fios go léifeadh daoine eile ar ball é) tá níos macánta, níos neamhbhailbhe ná mar a bheadh ábhar ar tí a fhoilsithe.
RM Block
Is é atá cráite leis féin ina chroí istigh go minic – ‘daibín suarach gan sláinte mar mise,’ níl ‘croí luiche’ aige, ‘táim ciapaithe ag an uaigneas’, ‘sprid bheo i gcolainn lofa’, nó racht níos faide fós: ‘Níl sláinte ná táinte agam. Níl creideamh ná críonnacht agam. Níl bó ná bean agam (gráin orthu mar mhnáibh, is iad a loiteann sinn! Níl cara ná comrádaí agam agus táim chomh mór san gan mhothú nach féidir liom gol ná gáire a dhéanamh.’
Tá nithe sa mhéid sin féin a ndéanann sé athlua orthu go rialta. ‘Tá ana-shuim agam ins na pápaí, bíodh is ná fuilim im Chaitliceach maith. Ní fheadar an bhféadfainn Caitliceach a thabhairt orm féin in aon chor.’ Mar chruthú ar sin, ‘Ní théim chun an Aifrinn in aon chor.’ Nó, ‘Sin cleas atá ages na Caitlicigh (cac madra orthu go léir)’ Ach ní fhágann sin nach bhfuil a aigne á sníomh le huafás nó le meabhrú an pheaca: ‘Do dheineas peaca tráthnóna inniu. Ní raibh mo dhóthain ann in aon chor. Ní raibh ann ach cúpla neomat, ach ar feadh na miontréimhse sin bhíos beo. Ní rabhas im fhear marbh a thuilleadh. D’éiríos ós na maraíbh.’
Má tá sé á chiapadh féin, déarfá gur mhó fós an t-ábhar ciaptha dó na mná. ‘Bhfuil a fhios agat cad tá ag déanamh tochais dom? Tá ná fuil bean agam. Easpa mná. Drochsmaointe im cheann.’ Ba dhóigh leat go raibh eagla air roimh bhean ar bith ar uaire: ‘Do thugas stracfhéachaint nó dhó i dtreo ina raibh cailín áirithe agus is dóigh liom gur rugas uirthi ag féachaint ormsa uair amháin. Ach ní raibh sé de mhisneach agam labhairt léi’ Ní hé nach raibh an mhian ná an miangas, an rachmall ná an ragús ann. I gcás mná áirithe, scríobh sé: ‘Níl sí dathúil ná toirtiúil agus dá bhrí sin níl aon mhaith inti. B’fhearr liom cailín maol feolmhar go mbeadh tóin mhaith thiar uirthi – cailín nach túisce a chífeá í ná go mba mhian leat breith uirthi san doircheacht agus í a fháisceadh go teann’, ach in áit eile ‘b’fhearr liom bheith ag seanchas le seanduine’ ná aon chaidreamh a bheith aige ‘leis na mnáibh.’ Tá tuilleadh. B’fhéidir nach deas le daoine é, ach cén duine atá deas nuair atá an t-anam á scríobadh?
Nochtar go soiléir an dúil dhomhain atá aige sa léitheoireacht. Cuireann filíocht Yeats draíocht air, P.G’ Wodehouse é ag gáire, tá meas aige ar ghearrscéalta Uí Chorcora, is mór aige Dante, tá dánta agus amhráin in Ceolta Uladh ar geal lena chroí iad. Formhór na léitheoireachta seo á dhéanamh aige sa leaba, áit a gcaitheann sé an lá faoi ghruaim agus faoi dhrochshláinte go minic ina sheomra codlata atá ‘ina oifig, agus ina leabharlann agus ina sheomra bídh chomh maith agus fós ina sanatorium.’
Ní mór smaoineamh nach raibh an dara cogadh mór barbartha ach ina thús nuair a chrom sé ar an dialann seo a bhreacadh agus is ann dó ar an gcéad leathanach féin – ‘Is mó Rúiseach rábach a bhí ina shaol agus ina shláinte um Nollaig agus atá ina chorpán fuar anocht sa tuaisceart. Imeoidh slua ar shlí na fírinne i mbliana.’ Mar sin dó siar amach i gcaitheamh na dialainne, nótaí beaga á scríobh aige faoina bhfuil ag dul ar aghaidh agus a thrácht aige orthu.
Cúis alltachta dúinn inniu go raibh oiread sin bá le Hitler i dtosach an chogaidh, ach b’in mar a bhí, agus níor thaise don Ríordánach é. I gcomhthéacs ár naimhdis le Sasana ba ea sin, gan amhras, agus tar éis dó tadhd a chur de mar gheall ar fhimíneacht na Breataine a bheith ag troid ar son Dé agus na sibhialtachta is ea a fhaighimid, ‘Ní dhéanfainn dabht díot, a Hitler!’ Ar an gcuma chéanna: ‘Tá na Sasanaigh ag troid ar son na saoirse fós: tá, más fíor bréag. Fiafraigh de Mhahatma Gandhi bocht cad é an saghas saoirse atá le fáil ó Sheán Buí.’ Agus ní fhágann sé ar lár a bhfuil ar siúl sa bhaile nó sa Dáil ach an oiread: ‘Tá an breallán san Dillon ag bladaireacht san Dáil i gcónaí.’
Dá bhrí sin, cé gurb aistear anama agus meabhrach atá ann ar an gcuid is mó, tá léargas eile tríd ar a bhfuil ar siúl sa tsaol lasmuigh den seomra, den fhuinneog, de leac an tinteáin ina bhfuil an duine seo ag fulaingt agus ag déanamh iontais.
Ait go leor, ní deir sé mórán in aon chor faoi chúrsaí spóirt, ach nótálann i mí an Aibreáin, ‘Do bhuaigh foireann Chorcaí ar fhoirinn Thiobraid Árann san iománaíocht i gCorcaigh inniu.’ Cheapas go gcaithfinn é sin a lua.