Dialannaí ildánach

Tá an-léargas ar an saol roimh an nGórta Mór le fáil in Cín Lae Amhlaoibh

Cín Lae Amhlaoibh: 'Cluinim an smólach inniu'. Grianghraf: iStock
Cín Lae Amhlaoibh: 'Cluinim an smólach inniu'. Grianghraf: iStock

‘Tír shaibhir agus daoine bochta. Ceist agam ort. Cad as seo?’

Ní ráiteas é sin ó thráchtaire polaitiúil ná ó thráchtaire eacnamaíochta de chuid na linne seo, ach abairt a bhreac Amhlaoibh Ó Súilleabháin ina dhialann ar an 13ú lá d’Aibreán 1827, sea, nach mór dhá chéad bliain ó shin. Ceist í arbh fhéidir a chur go furasta inniu agus b’fhéidir nach bhfaighfí freagra chomh soiléir agus a fuair an Súilleabhánach.

Saothar neamhchoitianta ar fad is ea an dialann nó an cín lae a choimeád sé agus é ina chónaí i gCallainn i gContae Chill Chainnigh idir na blianta 1827 agus 1835. Neamhchoitianta agus éagsúil sa mhéid is gur tearc ar fad na scríbhinní próis tuata atá againn sa Ghaeilge sa 19ú haois roimh an ngorta, agus níos neamhchoitianta fós gur dialann phearsanta atá ann ar a shaol, ar a dhálaí pearsanta féin agus mar shíneadh orthu ar imeachtaí na linne inar mhair.

Amhlaoibh Ó Súilleabháin
Amhlaoibh Ó Súilleabháin

Níorbh fhiú é a léamh anois ar na cúiseanna sin amháin mura mbeadh sé suimiúil, agus suimiúil thar fóir. Fág gur Ciarraíoch ó dhúchas é Amhlaoibh Ó Súilleabháin ‘ó Loch Léin na bhfearann bhféarmhar oileánach aoibhinn aerach’ d’fhág sé an ball sin chun curtha faoi i gCallainn nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois. Múinteoir scoile ba ea é a raibh siopa aige chomh maith agus fear gnó déanta fairis sin a bhíodh ag ceannach sa bhaile agus ag díol i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. B’ildánaí ná sin é, ámh, mar bhí suim thar meán aige sa dúlra - feithidí, éanlaith, luibheanna go háirithe – bhailigh sé lámhscríbhinní, scríobh sé scéalta, bhí sé go gníomhach in obair Uí Chonaill, agus is féidir a rá gur duine de mhaithe an bhaile é a dhein a chion ar son na mbocht agus na muintire a bhí dearóil, agus abair go rabhadar sin iomadúil líonmhar. Cuireadh an dialann ar fad i gcló do Chumann na Scríbheann nGaedhilge (The Irish Texts Society) sa bhliain 1912-13, ach dhein Tomás de Bhaldraithe leagan ciorraithe de na sleachta ba spéisiúla as in Cín Lae Amhlaoibh (1970) agus tá fáil air i gcónaí.

Deir sé gur cluiche ‘cogúil’ é an iomáint, rud atá fíor i gcónaí buíochas le Dia…̦

Tá an dá shruth tríd an gcín lae, é féin agus imeachtaí a linne, agus is díol spéise iad araon. Duine é Amhlaoibh a bhí mór leis na daoine ‘is tábhachtaí’ sa bhaile. Is mó sin cur síos aige ar bhéile breá a chaitheamh i dtigh an tsagairt, béile a chuirfeadh súlach le d’fhiacla: ‘Bhí dhá bhreac bhreátha mhéithe mhilse thathagacha againn, ceann acu chomh mór le mion bhradán. Bhí uibhe cearc cruabhruite agus asparagas bruite tumtha in im leáite ar leamhnacht bhruite agus salann, againn. Bhí fíon Phort na nGall agus scailtín, chomh maith is d’ólas ariamh, agus dar ndóigh, níor chuireamar i gcrúiscín é chun clocha a chaitheamh leis.’

Caoineann sé go diachrach a bhean a fuair bás, dhóigh a mhac Amhlaoibhín ‘a choisín i gcorcán uisce fiuchta ag dul a chodladh dó’, agus in áit eile tá sé ag dul ag snámh leis san abhainn i dteannta lena leanaí eile, tugtar súil dhubh dó in aighneas thí tábhairne (agus a bhfuil cur síos breá aige air), caitheann sé oíche i bPort Láirge ach bhí frídíní sa leaba ann a chuir ó chodladh na hoíche é, agus is iomaí sin siúl a dhein sé ag faire áilleacht na tíre agus aoibhneas an dúlra: ‘Tá an peidhleacán buí go líonmhar agus an tsailchuach. Lus na gcoinnle gorm, ní fheicim ach aon cheann amháin. Tá bláth suibh na talún go niamhrach umhal cois gach claí anois...Cluinim an smólach inniu. Creidim go bhfuil sí ag tosach arís ar shuirí chun ál óg eile do bheith aici. Tuig gurb é an coileach a chanann don chearc...’

Ina theannta sin tá fo-scéal ann mar gheall ar chailín aimsire a thugann sé isteach chun aire a thabhairt do na leanaí tar éis bhás a mhná. Maraed Soinseán atá uirthi, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin, deir sé linn in aon abairt ghonta amháin go raibh leanbh aici. Is gairid ina dhiaidh sin go bhfágann sí an teach, rud atá intuigthe agus leanbh dá cuid féin aici le haire a thabhairt di; ach tamall ina dhiaidh sin briseann sí fuinneoga i dteach Amhlaoibh. Pioc eile ní deir sé ina taobh. Fágtar ceisteanna an amhrais ag sonadh inár gcloigeann, más go drochmheabhrach féin iad.

 ‘Nach mór an trua clanna Gael ag iarraidh saoirse mar dhéirc ina dtalamh dílis féin.’ Grianghraph:   Illustrated London News/Hulton Archive/Getty Images
‘Nach mór an trua clanna Gael ag iarraidh saoirse mar dhéirc ina dtalamh dílis féin.’ Grianghraph: Illustrated London News/Hulton Archive/Getty Images

Fág an duine féin as an áireamh, dearann sé pictiúr gléineach dúinn de shaol na tíre sna blianta sin ar thairseach an ghorta, pictiúr ón taobh istigh, pictiúr ón talamh aníos, pictiúr dílis aon áite amháin ach gur dócha é a bheith cosúil go maith le go leor ball eile. Tá an bhochtaineacht go rábach, an foréigean go coitianta, píléirí an dlí gnóthach, cluichí agus caitheamh aimsire dúchais á gcleachtadh go binn, na tiarnaí talún i réim, an pholaitíocht Chonallach faoi lánseol agus na daoine corraithe.

Tá trácht gléineach aige anseo, mar shampla, ar aonach a raibh ‘lucht prioc-insa-lúb agus lucht méaracán na pise, lucht scuaibín agus lucht roth an mhí-áidh ann, agus céad cleas eile nach fiú a bhfaisnéis.’ Tá an chuma air go raibh seo gach giob chomh fiáin le hAonach Bhearna na Gaoithe agus b’fhéidir níos fearr. Bhí cleachtaí eile ann a d’imigh as le fás na measúlachta agus an Victeoiriánachais ar nós gríosadh tarbh agus comhrac Coiligh, agus go deimhin bhí an baol ann go n-imeodh an íde chéanna ar an iomáint.

Deir sé gur cluiche ‘cogúil’ é an iomáint, rud atá fíor i gcónaí buíochas le Dia, agus lá go raibh ‘na camáin is na cromáin go gnóthach’ gur tháinig an sagart agus chuir sé ‘scaipeadh ar lucht na hiomána. Bhíodar ag imeacht roimhe mar scata caorach roimh leon.’

Thabharfaí duine den mheánaicme Chaitliceach ar Amhlaoibh inniu, meánaicme a bhí ag stracadh le teacht aníos sa tsaol in ainneoin na gconstaicí a bhí ina gcoinne ach a bhí á scaoileadh uidh ar n-uidh. Tuigeann sé go maith an bhróg atá ag luí go trom orthu, rialtas Shasana. ‘Nach mór an trua clanna Gael ag iarraidh saoirse mar dhéirc ina dtalamh dílis féin.’ Dá éagmais sin, tá deachúna na heaglaise bunaithe agus an pobal ag iarraidh ‘maithiúnas nó lagadh sa deachú ón minister Gallda,’ ach tá fuar acu toisc gur ‘beag an chabhair dul chun dlí leis an diabhal agus an chúirt in Ifreann.’

Bíodh go raibh sé ar a dhícheall báis cabhrú leis an bpobal bocht ar mhórán slite is lag ar fad é a mheas ar chuid acu a bhfuil ‘cóip na sráide’ aige orthu, nó ‘gramaisc’ nó ‘grathain na sráide’, ‘na móinteánaigh agus na sléibhteánaigh shalacha gan meas gan múineadh.’ Agus fairis sin, finné é ar an bhfaicseanaíocht gan chéill a bhí réimiúil go maith sa cheantar lena linn.

Duine é a choimeád súil ghéar ar an bpolaitíocht idirnáisiúnta, ach is ó na nuachtáin a fuair sé bunús an eolais sin de dhealramh. Ina choinne sin, piocann sé míreanna astu ar spéis linn i gcónaí iad.

Mar sholaoid nótálta ar sin: ‘Is clos dom gurb í an teanga Ghaelach is teanga mháthartha i Montsarat san hIndia Thiar ó aimsir Oilibheir Cromaill a dhíbir cuid de chlanna Gael go dtí an Oileán sin Montserrat. Labhartar an Ghaeilge ann go coiteann le daoine dubha agus bána. Maise mo ghrá croí na díbeartaigh bhochta Ghaelacha. Cé acu dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael’.

Cé déarfadh nach mana ardoiriúnach an méid sin d’Éirinn an lae inniu?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar