Cymru ar a conlán féin?

Tá borradh áirithe faoin phlé ar neamhspleáchas na Breataine Bige le tamall anuas. Labhair Bill Breathnach le Rhun ap Iorwerth, ceannaire Plaid Cymru, faoi ghluaiseacht an neamhspleáchais agus faoi na deiseanna agus na dúshláin atá roimh a pháirtí.

Ceannaire Plaid Cymru, Rhun ap Iorwerth. Grianghraf: Rob Norman
Ceannaire Plaid Cymru, Rhun ap Iorwerth. Grianghraf: Rob Norman

Spreag an Breatimeacht an-chuid cainte faoi aontacht na hÉireann agus neamhspleáchas na hAlban. Cé gur mó an aird ar cheist na hAlban agus nach bhfuil neamhspleáchas na Breataine Bige tar éis mórán plé a chothú ar an ardán idirnáisiúnta, beag ar bheag tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine sa tír atá ag díriú ar an gceist.

Tá sé mar aidhm ag Rhun ap Iorwerth atá ina cheannaire ar Plaid Cymru - páirtí náisiúnach na Breataine Bige - díospóireacht cheart a spreagadh faoin neamhspleáchas sa tír.

“Tá fás ann i measc líon na ndaoine atá sásta a bheith neamhspleách – agus tá tromlach ann i measc vótálaithe óga dar le han-chuid pobalbhreitheanna. Ach freisin tá fás ag teacht ar líon na ndaoine atá fiosrach faoin neamhspleáchas”, a deir ap Iorwerth.

Ceannaire Plaid Cymru, Rhun ap Iorwerth. Tá sé mar aidhm aige díospóireacht cheart a spreagadh faoin neamhspleáchas sa tír.
Ceannaire Plaid Cymru, Rhun ap Iorwerth. Tá sé mar aidhm aige díospóireacht cheart a spreagadh faoin neamhspleáchas sa tír.

“Is fiú breathnú ar an gcaoi ar éirigh linn an pointe seo a shroicheadh agus an fás suntasach atá tagtha ar an tacaíocht atá ann don neamhspleáchas. Bhí baint ag an vóta ar son an Bhreatimeachta leis, agus bhí tuairim dhifriúil ag daoine faoin gcaidreamh a bhí againne lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.”

Go deimhin, tá an chuma ar an scéal go dtacaíonn níos mó Breatnach ná riamh leis an neamhspleáchas.

Dar le pobalbhreith a rinneadh i mí Aibreáin, dúirt 41 faoin gcéad de na daoine a raibh tuairim shoiléir acu go vótálfaidís ar son an neamhspleáchais dá mbeadh reifreann ann.

I measc daoine óga idir 25 agus 34 bliain d’aois, bhí an tacaíocht i bhfad níos airde – dúirt 72 faoin gcéad go dteastaíonn uathu go mbeadh an Bhreatain Bheag neamhspleách.

Níl aon duine ag rá go mbeidh an t-aistriú sin éasca agus simplí. An rud a deir daoine cosúil liomsa ná gur chóir dúinn a bheith cróga le go mbeidh náisiún níos rachmasaí againn.

Is ábhar dóchais iad na torthaí sin d’ap Iorwerth, ach ag an am céanna tuigeann sé gur tionscnamh fadtéarmach é an neamhspleáchas.

Ní bheidh reifreann neamhspleáchais á lorg ag ceannaire Plaid Cymru má éiríonn lena pháirtí toghchán Thionól na Breataine Bige a bhuachan in 2026.

“Tá fonn orm go mbeidh reifreann ann am éigin. Ach níl an rogha agam i ndáiríre, is ag muintir na Breataine Bige atá an rogha,” a deir ap Iowerth.

“Ní féidir liomsa nó aon duine eile neamhspleáchas a bhrú ar an mBreatain Bheag.

“Mar dhuine atá pragmatach, tá fonn orm reifreann a bheith againn nuair is féidir linn é a bhuachan. Tá forbairt den scoth déanta againn, tá 25, 35, 40 faoin gcéad anois ag rá go bhfuil siad i bhfabhar an neamhspleáchais - ach ní bhuann tú reifreann leis sin amháin.”

Ar ndóigh, tá gaol idir an méadú seo ar thacaíocht don neamhspleáchas agus nahathruithe móra ar thírdhreach na polaitíochta sa tír.

Tá gach uile thoghchán sa Bhreatain Bheag buaite ag Páirtí an Lucht Oibre ó 1922 ar aghaidh. Ach tá laghdú mór tagtha ar thacaíocht an pháirtí ó chuaigh siad isteach sa rialtas i Westminster anuraidh, agus tá Plaid ag baint tairbhe as seo.

Mar sin féin, tá Reform UK, páirtí polaitíochta ar an eite dheas faoi cheannaireacht Nigel Farage, ag dul i bhfeidhm ar chuid mhaith den daonra freisin, go háirithe sna ceantair thionsclaíocha in oirdheisceart na tíre a bhfuil meath tagtha orthu.

Thaispeáin pobalbhreith i mí an Mheithimh go raibh tacaíocht 29 faoin gcéad ag Reform UK agus 27 faoin gcéad ag Plaid Cymru sa tír, le Páirtí an Lucht Oibre taobh thiar díobh ar 18 faoin gcéad.

“Tá an chontúirt ann go gceapann daoine nach bhfuil an dara rogha acu ach glacadh leis an mbochtanas”, a deir ap Iorwerth. Grianghraf: Oibreacha cruach Port Talbot. Bhí níos mó ná 4,000 duine ag obair sa monarchan go dtí Deireadh Fómhair 2024 nuair a dúnadh an foirnéis phléasctha dheireanach. Cé go bhfuil thart ar 2,000 fostaí fós ag obair ann, bhí tionchar tubaisteach aige an ar an ngeilleagar agus ar an bpobal. Grianghraf: Mike Kemp/Getty Images
“Tá an chontúirt ann go gceapann daoine nach bhfuil an dara rogha acu ach glacadh leis an mbochtanas”, a deir ap Iorwerth. Grianghraf: Oibreacha cruach Port Talbot. Bhí níos mó ná 4,000 duine ag obair sa monarchan go dtí Deireadh Fómhair 2024 nuair a dúnadh an foirnéis phléasctha dheireanach. Cé go bhfuil thart ar 2,000 fostaí fós ag obair ann, bhí tionchar tubaisteach aige an ar an ngeilleagar agus ar an bpobal. Grianghraf: Mike Kemp/Getty Images

Aithníonn ap Iorwerth go gcothaíonn easpa forbartha eacnamaíochta sa Bhreatain Bheag míshástacht i measc an phobail leis na seanpháirtithe polaitíochta.

“Táimse an-mhíshásta leis an status quo. Táimse thar a bheith míshásta leis an bhfáinne fí idir atá ann i Rialtas na Ríochta Aontaithe faoi stiúir Pháirtí an Lucht Oibre agus an Pháirtí Choimeádaigh, nach bhfuil acu acu oifigí áitiúla sa Bhreatain Beag,” ar seisean.

“Tá an chontúirt ann go gceapann daoine nach bhfuil an dara rogha acu ach glacadh leis an mbochtanas”, a deir ap Iorwerth.

“Tá marbhántacht eacnamaíochta feicthe againne mar chuid den Ríocht Aontaithe agus bímid ag smaoineamh an bhféadfaimis feidhmiú i mbealach difriúil dá mbeimis in ann ár gcinntí féin a dhéanamh.”

Ar ndóigh, tá olltáirgeacht intíre (GDP) per capita na Breataine Bige thart ar 25 faoin gcéad níos ísle ná mar atá sa Ríocht Aontaithe ina hiomláine.

Tá an bochtanas agus an éagothroime eacnamaíocha le feiceáil go soiléir ar fud na tíre freisin agus de réir figiúirí oifigiúla, tá rátaí bochtanais i measc leanaí sa Bhreatain Bheag ar na cinn is airde sa Ríocht Aontaithe.

An gcruthaíonn fadhbanna eacnamaíochta paradacsa ar leith do ghluaiseacht an neamhspleáchais sa Bhreatain Bheag áfach?

Senedd Cymru in Caerdydd. Grianghraf: iStock
Senedd Cymru in Caerdydd. Grianghraf: iStock

Cé go gcothaíonn easpa forbartha eacnamaíochta frustrachas le córas rialaithe na Breataine Móire, tá bearna 20 faoin gcéad ann idir an méid cánach a ghineann an Bhreatain Bheag agus an méid caiteachais phoiblí a fhaigheann sí ón Ríocht Aontaithe.

Admhaíonn ceannaire Plaid Cymru go gcaithfear díriú ar an gceist seo agus go mbeidh ar ghluaiseacht an neamhspleáchais plean sonrach a chur le chéile - ach tá dóchas aige gur féidir dul i ngleic leis an dúshlán.

“Deir roinnt daoine nach féidir leis an mBreatain Bheag níos mó cumhachta a ghlacadh chuici féin de bharr go bhfuil deacrachtaí eacnamaíochta againn,” a deir ap Iorwerth.

“Níl aon duine ag rá go mbeidh an t-aistriú sin éasca agus simplí. An rud a deir daoine cosúil liomsa ná gur chóir dúinn a bheith cróga le go mbeidh náisiún níos rachmasaí againn.”

“Tá na ceisteanna seo casta. Is minic a cheapann daoine gurb ionann an geilleagar agus buiséad an tí – bíonn méid áirithe ag teacht isteach agus méid áirithe ag dul amach agus caithfidh gach rud a bheith comhardaithe.”

“Agus glactar leis gur féidir leis an Ríocht Aontaithe na cuntais a chomardú agus ní fhéadfadh an Bhreatain Bheag é a dhéanamh. Bhuel, ní féidir leis an Ríocht Aontaithe iad a chomhardú agus is rud normálta é do thíortha easnaimh a bheith acu ina mbuiséid.”

Glacann ap Iorwerth leis chomh maith go mbeidh sé dúshlánach do ghluaiseacht an neamhspleáchais tacaíocht a fháil ó dhaoine a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu ach tá fonn air “cogadh cultúrtha” a sheachaint.

“Tá polaitíocht na féiniúlachta ann agus tá fás tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil féiniúlacht Bhreatnach acu seachas Briotanach”, a deir sé.

“Tá sé soiléir go bhfaigheann Plaid Cymru tacaíocht ó dhaoine a bhfuil féiniúlacht Bhreatnach acu don chuid is mó. Nuair a bhreathnaíonn tú ar phictiúir ó Ard-Fheis Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag le déanaí, áfach, bhí siad i ndáiríre á gclúdach féin le bratacha agus ní mhothaíonn Plaid Cymru go mbíonn orainne é sin a dhéanamh.”

“Is idirnáisiúnaí mé. Creidimse gur chóir do thíortha oibriú le chéile. Is í an Bhreatain Bheag mo bhunchloch agus is í an Bhreatain Mhór bunchloch pháirtithe na Ríochta Aontaithe.”

Síleann ap Iorwerth go bhfuil difríochtaí áirithe ann freisin idir ceisteanna náisiúntachta in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag - agus tá áthas air nach mbíonn an deighilt chultúrtha chéanna le feiceáil idir aontachtaithe agus náisiúnaithe ina thír féin, go háirithe mar a bhaineann sé leis an mBreatnais.

“Ní bhaineann an Bhreatnais le páirtí amháin – téann sí thar theorainneacha páirtithe polaitiúla agus is teanga í a thrasnaíonn gach deighilt pholaitiúil,” a deir sé.

Teach solais Twr Mawr in Ynys Môn, i dtuaisceart na Breataine Bige.
Teach solais Twr Mawr in Ynys Môn, i dtuaisceart na Breataine Bige.

“Tá comhaontú ann gur cheart dúinn obair chun an sprioc de mhilliún cainteoirí Breatnaise a bhaint amach.”

“Ach ba cheart dúinn a bheith níos misniúla agus clár soiléir a bhrú chun cinn le go mbeidh ár bpáistí go léir dátheangach. Ní mór dúinn na céimeanna a ghlacadh anois chun cothrom na féinne a thabhairt do na glúnta atá le teacht.”

“Bhí sé thar a bheith suimiúil éisteacht le Nigel Farage labhairt faoin ábhar seo. Dúirt sé gur chóir tacú leis an teanga ach nach raibh gá le spriocanna mar ní fhéadfaí an teanga a bhrú ar aon duine.

“Sin an cineál díospóireachta a bhí ann faoin mBreatnais blianta fada ó shin agus taispeánann sé nach dtuigeann a pháirtí tada faoin mBreatain Bheag.

“Ar ndóigh tá daoine ann atá i gcoinne na Breatnaise ach tá laghdú tagtha ar a líon.”

Cé nach bhfuil reifreann neamhspleáchais ar na bacáin go fóill sa Bhreatain Bheag, tá an chuma ar an scéal go mbeidh fórsaí nua polaitíochta ag teacht chun chinn go luath sa tír.

Mar gheall ar an easpa muiníne atá sa chóras faoi láthair, tá níos mó daoine ag casadh i dtreo náisiúnachas na Breataine Bige ar an eite chlé nó náisiúnachas na Breataine Móire ar an eite dheas.

Is dócha mar sin gur spléachadh ar an todhchaí a bheidh i dtorthaí an toghcháin do Thionól na Breataine Bige in 2026.

Foclóir: Borradh = growth; neamhspleáchas = independence; pobalbhreith = opinion poll; fáinne fí = vicious circle; marbhántacht eacnamaíochta = economic stagnation.