Le linn na míosa seo caite, fógraíodh tabhartas £3.6 milliún (thart ar €4.1 milliún) ón Rialtas s’againne go hOllscoil Cambridge le hOllúnacht Childers i Stair na hÉireann a bhunú.
Le linn a aithisc ar seoladh na hollúnachta, mhaígh an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil sé d’aidhm ag an ollúnacht úd ‘cur leis an tuiscint idir Éire agus an Bhreatain’, ‘tacú le taighde mionchúiseach, neamhspleách sa stair’ agus ‘aitheantas a thabhairt do cur chuige phearsanaithe stairiúil i stair na tíre a chuireann i gcuimhne dúinn an chastacht atá choíche i gcroílár ár sochaí’ (an dá Erskine Childers, an t-athair agus an mac, céimithe de chuid Cambridge iad beirt in aigne aige gan dabht).
Fógraíodh freisin go bhfuil an tOllamh Alvin Jackson ceaptha mar an chéad Ollamh sa togra.
Spreagann an tabhartas seo ceist, cén fáth Cambridge agus cén fáth ollúnacht sa stair? Is mion-cheisteanna iad, seans, agus an saol mar atá. Ach, mar a dhéanann go minic, léiríonn siad dearcadh níos leithne ar chúrsaí.
RM Block
Sár-staraí is ea Alvin Jackson agus an-fhoilseacháin aige thar na blianta ar stair na hÉireann, ina measc siúd leabhair le Preas Ollscoil Oxford ina bhfuil an-léargas ar stair na tíre, agus a gaol leis an Bhreatain. Níl aon cheist ach go bhfuil a cheapachán tuillte go maith aige.
Bhí an tOllamh Jackson roimhe sin ina ollamh sa stair in Ollscoil Dhún Éideann agus, mar a thaispeánann a shuíomh idirlín ansin, é ag obair agus ag maoirseacht mac léinn ar théamaí a bhaineann le stair na hÉireann. Ollscoil d’ardchaighdeán is ea Ollscoil Dhún Éideann, ceann de cheithre ‘ollscoileanna ársa’ na hAlban. Cén obair sa bhreis mar sin a bhéas ann le cur leis an ‘tuiscint idir Éire agus an Bhreatain’ in Cambridge seachas i nDún Éideann?
Tá Ollúnacht i Stair na hÉireann in Ollscoil Oxford freisin le fada ó bhí Roy Foster ann agus Institiúid de chuid an Léinn Éireannaigh (an stair san áireamh) beo bríomhar in Ollscoil Learphoill, mar shampla, freisin.
Mas é is aidhm dúinn ‘tuiscint idir Éire agus an Bhreatain’ a fheabhsú, nach fearr mar sin scéim scoláireachta do mhic léinn ón Bhreatain le teacht anseo, ar nós scéim Erasmus na hEorpa nó DAAD na Gearmáine?
Dar leis na cuntais is déanaí acu, tá breis is £2.7 billiún (breis is €3 bhilliún) á stiúradh ag dearlaic Ollscoil Cambridge agus a chuid Coláistí agus breis is £176 mhilliún (beagnach €202 mhilliún) dáilte acu ar thograí na hollscoile in 2024-25. Cén fáth Cambridge mar sin? Ní fheadair. Bhfuilimid fós sáinnithe i scothroghnachas na staire sa 21ú aois?
Agus ní fheadair cá bhfuil suim infheistíochta Rialtas na Breataine i stair na Breataine in ollscoil Éireannach? Ní ann di ach go bhfuil an Bhreatain fite fuaite sa stair s’againne ar bhealach nach ann dúinne i stair na Breataine. An gá dúinne mar sin aird a tharraingt orainn féin thall, infheistíocht a dhéanamh thall agus disciplín na Staire faoi bhrú anseo agus díospóireacht ar bun faoi cad atá i ndán do na Dána i gcoitinne inár n-ollscoileanna?
Agus cén fáth ollúnacht sa Stair? Tá ranganna Gaeilge seach-churaclaim ar fáil in Cambridge le déanaí. Ach tá Gaeilge cheana féin á mhúineadh i modúil mar chuid de chéim sa Léann Éireannach i Learpholl. Ó tharla go raibh Stair na hÉireann roimhe seo mar ábhair taighde in áiteacha sa Bhreatain, tá folús níos mó fós sa Ghaeilge. Chuirfeadh ollúnacht sa Ghaeilge níos mó leis an bhearna a líonadh. Ní tír gan stair nó tír gan teanga?
Ach an cheist is mó a bheadh agamsa ná seo, má tá maoiniú le tabhairt le cur le tuiscint idir an dá thír, cén fáth ollúnacht? Shílfeá go mbeadh tionchar i bhfad níos mó agus ar scála níos mó ag malartú mac léinn. Tá múnla samplach léirithe ag scéim Erasmus na hEorpa agus an cur chuige ar chomhthuiscint idir ghlúnta agus idir thíortha na hEorpa.
In 2024/25, bhí 2,950 mac léinn ón Ríocht Aontaithe ag freastal ar chúrsaí ollscoile sa Phoblacht, an 4ú cohórt ba mhó i ndiaidh na hIndia, Mheiriceá agus na Síne. Is ón Tuaisceart a bhformhór siúd. Leis sin, cé go bhfuil líon na mac léinn idirnáisiúnta méadaithe go mór, tá líon na mac léinn ón Bhreatain anseo imithe i laghad mar gheall ar an Bhreatimeacht. Ag an am céanna, tá líon na mac léinn idirnáisiúnta i gcoitinne imithe i méid go mór (ardú breis is 10% sa bhliain anuraidh amháin).
I gcomparáid leis an 2,950 sin, tá beagnach 6,000 mac léinn ón Phoblacht s’againne ag déanamh staidéir ar ollscoileanna sa Bhreatain (suimiúil go leor, 105 acu in Ollscoil Cambridge), 1,660 ag Ollscoil na Banríona agus 2,290 in Ollscoil Uladh sa Tuaisceart. ‘Sé sin le rá, tá i bhfad níos mó mac léinn ón dlínse seo ag dul ó thuaidh agus soir ná mar a thagann ó dheas agus aniar chugainne. Sin in ainneoin táillí acadúla níos saoire anseo faoi socrú a rinneadh i ndiaidh an Bhreatimeachta go n-íocfadh mic léinn ón Ríocht Aontaithe ‘táillí an Aontais Eorpaigh’ anseo fós.
Is cosúil go bhfuil imtharraingt ár gcomharsain is cóngaraí agus is casta linn fós, agus níos mó suime againn iontu siúd ná mar atá acusan ionainne.
Mas é is aidhm dúinn ‘tuiscint idir Éire agus an Bhreatain’ a fheabhsú, nach fearr mar sin scéim scoláireachta do mhic léinn ón Bhreatain le teacht anseo, ar nós scéim Erasmus na hEorpa nó DAAD na Gearmáine? D’fhéadfaí na céadta scoláireachtaí a chur ar fáil do mhic léinn ón Bhreatain le staidéir in ollscoil de chuid na tíre seo ar chostas €4 mhilliún. Bheadh sé sin ar scála agus bheadh tionchar i bhfad níos mó leis ná mar a bheadh le hollúnacht in Cambridge. D’fhéadfaí freisin feachtas bolscaireachta a chur leis chun saibhreas tarraingteach oideachas liteartha agus cultúrtha na tíre a thaispeáint agus bheadh airgead le spáráil as €4 mhilliún.
Chomh maith le cur le ‘tuiscint idir Éire agus an Bhreatain’, léireodh sé freisin muinín sa ‘taighde mionchúiseach, neamhspleách’ againn féin seachas thar lear. Infheistíocht leis inár n-oideachas féin atá faoi bhrú. Agus d’fhéadfaí freisin ‘aitheantas a thabhairt do cur chuige phearsanaithe stairiúil i stair na tíre a chuireann i gcuimhne dúinn an chastacht atá choíche i gcroílár ár sochaí’, mar atá le scoláireachtaí Fulbright SAM, Erasmus an Aontas Eorpaigh, nó De Chastelain agus Craig Dobbin Cheanada.
Ar an lá céanna agus ar an leathanach céanna ina raibh tuairisc na scoláireachta in Cambridge sa nuachtán seo, bhí scéal faoi bhanc bia do mhic léinn bunaithe ag Adam Mullins, mac léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe. Tháinig Adam chugam le mo linnse san Ollscoil agus ní raibh uaidh ag an am ach spás páirceála dá veain seachadta. Lean sé leis ina dhiaidh sin agus tá an tseirbhís aige ag freastal anois ar na céadta mic léinn. Gan an gá atá a líonadh aige a lua, is sampla é Adam de chur chuige na glúine nua de mhic léinn. Tá dearcadh daonlathach acu, gan meas a thabhairt don ard-nós, ag déanamh maitheasa don líon is mó daoine beag beann ar údarás, ná ar stádas. Tacaigh leis an óige agus tiocfaidh sí.
Ní mór dúinn tacú leo agus scaoileadh leo seachas a bheith sáinnithe i gcéimlathas atá caillte.
Is léir, óna chúlra agus ó chianaibh, go bhfuil suim láidir ag an Taoiseach san oideachas, sa stair agus sa taighde. Ach seo deis tacú le cur chuige daonlathach níos leithne agus infheistíocht a dhéanamh ionainn féin anseo seachas in áiteacha abhus, deis nár tapaíodh an t-am seo faraor.
Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus iarOllamh sa Chuntasaíocht in UCD é Ciarán Ó hÓgartaigh
Foclóir:
tabhartas - gift/donation
mionchúiseach - meticulous
ollúnacht - professorship
maoirseacht - stewarding
folús - vacuum
scoláireachtaí - scholarships
bríomhar - vigorous
in ainneoin - despite


















