'Má táimid tar éis sinn féin a cheangal go heacnamaíoch, agus mó sa mhó, go polaitiúil, leis an Aontas Eorpach, ní gá go n-éileoidh sé sin mar iarmhairt go mbáfar sinn agus go n-imeoimid as," a dúirt an scoláire agus scríbhneoir, an Moinsineoir Breandán Ó Doibhlin ina aitheasc mar theachta Chomhdháil na nEaspag ag an Fhóram Náisiúnta um an Eoraip an tseachtain seo caite.
Leag sé béim ar leith ar chúrsaí teanga agus cultúir ina aighneacht. De réir théacs a chuid cainte, dúirt sé go raibh "an oidhreacht chultúrtha ar lagchosaint ó aimsir mheath na Gaeilge sa 19ú haois. Dá ainneoin sin, agus d'ainneoin na braiteoireachta atá ar siúl againn i leath seanteanga dhúchais na tíre, is tír dhátheangach sinn fós, go teoiriciúil ar aon nós, agus táimid íogair go leor i dtaca le bagairt ar bith ar an bhféiniúlacht sin."
Mar sin féin, ba chóir "brí úr a shéideadh isteach sna hiomais sin atá againn ó oidhreacht, ní amháin mar shaibhriú dúinn féin ach lena chois sin mar ár gcion féin de thógáil na hEorpa nua.
"Comhluadar is ea an tAontas Eorpach atá diongbháilte ó thaobh ilteangachais de agus, in ionad an comhluadar leathan sin a fheiceáil mar bhagairt ar ár sainteanga agus ár saindílseacht náisiúnta, b'fhearr dúinn ceacht sin an ilteangachais a fhoghlaim uaidhsean d'fhonn briseadh amach as an tsíceolaíocht aonteangach a fhágann sinn briotach go leor chun cumarsáide in aon teanga seachas Béarla."
Chuige sin, ba cheart "polasaithe ionraice dátheangachais a chur i ngníomh sa bhaile, conas modh agus meas a léiriú ar ár bhféiniúlacht agus diongbháilteacht chun í a chosaint, ag méadú sa chaoi sin ar an údarás a bheadh againn chun labhairt ar cheisteanna den chineál sin.
"Níor mhiste, mar shampla, an chiall cheannaithe atá againnn i dtaobh na n-easnamh a bhaineann le teanga neamhfhorleathan, d'ainneoin na tábhachta cultúrtha atá leis, níor mhiste í sinn a spreagadh chun aighneachtaí réadúla agus praiticiúla a dhéanamh i dtaobh an ilteangachais i gcúrsaí riaracháin na hEorpa."
Mhol sé laghdú ar líon na dteangacha oibre "mar aon le stádas agus feidhm chuí a aimsiú do theangacha nach bhfuil eolas orthu lasmuigh de theorainneacha a dtíre féin agus, san am céanna, modh agus aitheantas oifigiúil áirithe a chinntiú dóibh ag leibhéal" an Aontais.
Ag caint ar chúrsaí cultúir, mhol sé go ndéanfaí "scrúdú righin docht ar an tuairim atá againn de cad is oidhreacht chultúrtha dúinn, mar aon le léirmhíniú níos cruinne de na luachanna is bun leis. Ní gá go mbeadh sé seo ina bhagairt orainn; le fírinne, síor-fhéinscrúdú agus athmhíniú den chineál sin, is iad an baránta agus go deimhin an comhartha is fearr de chultúr beo, cultúr is túisce a nglacfar leis agus a ghabhfar chucu ag na glúnta atá ag éirí aníos.
"Sa chiall sin, an dícheall chun ionad a ghnóthú dúinn féin i gcomhthéacs níos leithne, ní gá gur contúirt a bheadh ann; ach a mhalairt sin, d'fhéadfadh sé beocht nua a chur inár ndiongbháilteacht chun maireachtáil beo mar phobal ar leith, ar acht sinn a chur de stró orainn féin ár gcultúr féin a shaothrú."
Dúirt sé gurbh é an "dúshlán a bhí roimh theanga labhartha na hÉireann friotal éifeachtach a chur ar an méid atá foghlamtha againn ónár dtaithí fhada féin ar an choilíniú agus ón troid ar son saoirse pholaitiúil agus eacnamaíoch.
"Caithfimid bheith réidh chun labhairt amach ar son na ndearóil agus na lag a bhfuiltear ag teacht i dtír orthu, agus trí mheán na bpolasaithe a chuirimid i bhfeidhm sa bhaile eiseamláir a thabhairt de na luachanna sin: modh do dhínit an duine, freagracht, comhpháirtíocht, tánaisteachas, beartaíocht atá oscailte, inchuntas agus ag teacht le chéile.
"Nó mar a deireadh an Fhiann fadó: "Glaine ár gcroí agus beart de réir ár mbriathar"."
THUG Ó Doibhlin le fios gur léirigh briseadh ar reifreann Nice don phobal gur theip ar "chuid cinnirí na sochaí chun fíordhoimhneacht agus leithead idéal na hEorpa a ligean lena n-ais agus chun fís níos bunúsaí a chomhroinnt leo ná díreach tuiscint ghaimbíneach don méid atá i gceist leis.
"Tá aon bhuncheist amháin le cur orainn féin, agus ar a laghad iarracht d'fhreagra uirthi le hoibriú amach. D'fhéadfaí í a chur mar seo: "Cén sórt beatha, indibhidiúil agus náisiúnta, atáimid á éileamh dúinn féin i dtaca leis an Eoraip atá á cruthú?" "
Ba den riachtanas athmhachnamh a dhéanamh ar iomais bhunaitheoirí na hEorpa má bhí an fhís sin le seachadadh do na glúnta a bhí le teacht. Ba ghá buniomais "a shuíomh i raon radhairc níos faide ó thaobh aimsire, i raon radhairc na n-ilchultúr úd san Eoraip atá níos sine ná na náisiún-stáit, agus nach bhfuil a dteorainneacha ag teacht lena dteorainneacha siúd.
"Más cuid lárnach den raon radhairc seo ár n-oidhreacht reiligiúnda agus spioradálta, níor chóir í a shamhlú ina bac ar fhorbairt leanúnach; is mó is dúshraith dhaingean dhobhogtha í don méid atá le tógaint againn le chéile.
"Is é atá ansin, d'aonfhocal, traidisiún beo Eorpachais a chruthú a mbeadh smior spioradálta ann agus a bheadh neartmhar go leor chun na glúnta atá ag teacht a aslach chun glacadh leis, mar is é sin an bhunteist ar thraidisiún beo ar bith.
"Is é an t-aslach seo an sine-qua-non síceolaíoch i bpróiseas an traidisiúin, agus tá lagú ar leith ag dul air i saol an lae inniu, mar a dtagann fórsaí iltíreacha gan dúiche gan dúchas idir an aos óg agus tionchar an teaghlaigh, an oideachais nó an chreidimh, fórsaí de chineál na teilifíse tráchtála, an popchultúr idirnáisiúnta agus faisin lucht comhaoise."
Mhol sé próiseas leanúnach faisnéise agus oideachais a chur ar fáil a dhéanfadh "agairt ar mhórchroí mhuintir na hÉireann, a bhainfeadh adhmad as ceachtanna na staire, seachas bheith ag tarraingt ar an lom-fhéinchúis ".