“Tá mé stiúgtha a Mham, an mbeidh béile againn anocht?”
“Ní bheidh a stór, nach bhfuil ‘fhios agat go bhfuil muid bocht”
Nach uafásach an scéal é, daoine gan pingin
Gan iad in ann leigheas a cheannach nuair a bhuailtear iad tinn
Ní fhéadfadh gur fadhb airgid í leis an méid forbartha atá déanta
Ach is tragóid mhór mhillteach í, agus tá an saol seo claonta?
Is brionglóid agus taibhreamh na rudaí nach bhfuil ann
Don dream úd atá ar an trá fholamh agus atá fágtha gann
An dtiocfaidh athrú ar an domhan seo nó an mbeidh muid sáinnithe arís?
An mbeidh na daoine bochta fágtha, gan luach dí ná cíos?
A chairde agus a chlann, sin deireadh le mo chuid cainte
Ach smaoinigh ar céard a dúirt mé agus bíodh agat do shláinte