Osclaíonn Bríd an doras do Sheáinín. Agus an doras ag dúnadh ina ndiaidh cloiseann an bheirt na seanghloineacha ag crith sa gcófra. Tá boladh an tí fós beo beathach. Tógann na gasúir isteach anáil mhór mhillteach agus is é boladh uathúil chumhrán mhilis a seanmháthair atá fós san aer. Déanann an t-urlár fúthu an chreach chéanna is a rinne sí ariamh. Piocann Bríd suas ceann de na frámaí atá ar leac na tine.
“Taispéain dom é, a Bhríd!” a deir Seáinín, agus é suite ar an taobh eile den seomra ar sheanchathaoir luascaidh adhmaid a sheanmháthar. Síneann sí chuige an grianghraf den bheirt acu i mbachlann Mhamó. Sileann deora ó shúile Bhríd agus glanann sí a haghaidh go bog le muinchille a geansaí.
“Tá sé thar am go dtosóidh muid ag glanadh na háite seo, a Sheáinín,” a fhógraíonn Bríd go borb. “Fanfaidh mise taobh isitgh ag pacáil, agus is féidir leatsa cruth éicint a chur ar an ngarraí, tá an claí créafóige sin imithe as smacht chomh maith!”
Faigheann Bríd bosca ollmhór cairtchláir. Bailíonn sí suas na mugaí agus na plátaí uilig i dtosach agus cuireann sí síos sa mbosca iad go cúramach. Leanann an cailín óg ar aghaidh ag folmhú an tseantí agus ag cur i dtaisce na gcrúiscíní agus an phluid a chniotáil a seanmháthair.
RM Block
Tagann cumha aisteach aniar aduaidh ar Bhríd. Sánn sí a haghaidh isteach sa bpluid teolaí agus tugann sí deis cheart di féin caoineachán a dhéanamh an babhta seo.
Déanann sí athchuimhneachán ar na laethanta fada lán de ghrá agus gáire a chaith sí féin agus a deartháir óg sa seanteach seo, agus í ina suí sa seomra suite áit a mbíodh a seanmháthair ag insint na seanscéalta dóibh. Tuigeann Bríd nach bhfuil sí baileach réidh slán a fhágáil leis an seanteach go fóilleach. Ritheann sí amach chuig Seáinín a bhí ag gearradh an fhaiche, “Níl mé réidh!” a bhéiceann sí air – Casann Seáinín dó an lomaire agus tugann sé barróg mhor chroíúil dá dheirfiúr.
Go tobann cloistear carr na máthar. Glaonn sí isteach ar an mbeirt ógánaigh. “Tá dea-scéala agam daoibh a ghásúir,” a adhmhaíonn sí le lonradh ina súile. Breathnaíonn an bheirt ar a chéile is iad chomh sásta le cuach i nead na gcomharsan. Síneann Bríd sall a lámh chuig Seáinín, ag breith greim docht daingean air. Leagann an mháthair síos píosa páipéir ar an mbord mín adhmaid os a comhair.
“Tá mearbhall orm, pictiúr de theach Mhamó?”
“Sea! D’éirigh liom é a cheannach...ní chaithfidh muid an seanteach a dhíol!” a deir sí le gliondar ina croí. Ní raibh cíos, cás ná cathú orthu don chéad uair le ráithe, ó cailleadh a seanmháthair.
Mhothaigh an bheirt faoiseamh mór millteach.
Ní hé cailliúint an tí a bhí ag cur fuadar imní faoina gasúir, ach an smaoineamh go mbeadh a mbaile croíúil teolaí a bhí lán le cuimhní cinn agus scéalta críonna díolta le stráinséir gan aithne ná eolas ar luach pearsanta sheanteach Mhamó.
Tá Fighting Words na Gaeltachta maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
This story was published in The Irish Times Fighting Words magazine, a collection of stories, poems and essays by young and international writers




















