Mise agus Mé Féin

Dán le hÉabha Mae Riggott, An Spidéal, Co na Gaillimhe, aois 15

Photograph: iStock
Photograph: iStock

Is mise mé féin, ní haon duine eile

Mé féin ‘is mo chuid smaointe

Ní smaointe dhaoine eile

Is mise a bhíonn sásta

READ MORE

Leis na rudaí a dhéanaim

Ní dhéanaim aon rud

Ag leanúint dhaoine eile

Is mise mo dhuine féin

Agus déanaim mar is maith liom

Nílim chun an t-éadach céanna

Le gach duine a chaitheamh

Ná an stíl ghruaige chéanna

Le gach duine eile a dhéanamh

Nílim chun siúl i líne

Mar gurb in an rud

A dhéanann an duine os mo chomhair

Déanaim agus déanfaidh mé mar is mian liom

Ní aon duine eile mé

Ach mise agus mé féin