Tuar na bhFothoghchán

Tá éiginnteacht ann i dtaca leis na fothoghcháin ag teacht aníos agus go leor iarrthóirí láidre gob ar ghob

Is dáilcheantar casta é Baile Átha Cliath Láir. Níl dabht ar bith go bhfuil claonadh ann i dtreo na heite chlé. Grianghraf: Sam Boal/Collins
Is dáilcheantar casta é Baile Átha Cliath Láir. Níl dabht ar bith go bhfuil claonadh ann i dtreo na heite chlé. Grianghraf: Sam Boal/Collins

Níl mé ag tarraingt na gcos ach tá sé rídheacair aon tuar críochnúil a dhéanamh ar thorthaí na bhfotoghchán ag an tráth seo.

Agus tá sé níos deacra buille faoi thuairim a dhéanamh na laethanta seo mar a bhí san aimsir a chuaigh thart.

Reáchtáladh 134 fhothoghchán ó bhunú an Stáit agus tá péire eile ar na bacáin anois. Ar feadh an chuid is mó de stair na Dála, ní raibh sé ródheacair rogha na coitianta a phiocadh amach. Dá bhfaigheadh TD bás bheadh gach seans ann go mbeadh duine ón bpáirtí céanna ag dul i gcomharbacht air nó uirthi, agus seans maith ann chomh maith gur mac nó iníon a bheadh i gceist.

Rud amháin a thugtar faoi deara ó na blianta sin ná go bhfuair go leor Teachtaí bás agus iad in oifig. Mar shampla, idir 1970 agus 1980 bhí ceathrar déag san iomlán.

Tá daoine ag maireachtáil níos faide anois agus tá an dul chun cinn le feiceáil i gcúrsaí sláinte. De bharr sin, tá líon na mbásanna in oifig laghdaithe go mór idir an dá linn.

Is deacair patrún soiléir a aithint le blianta beaga anuas. Braitheann gach fothoghchán ar a chúinsí féin. Luaitear go minic gur theip ar pháirtithe an rialtais fothoghchán a bhuachan ar feadh beagnach 30 bliain, idir 1982 agus 2011.

Má bhreathnaímid ar an 26 bliana anuas ón mbliain 2000, ní raibh ach seachtar TD a fuair bás in oifig - rud atá go maith.

Ag féachaint ar na fothoghcháin ó 2000 i leith, tá torthaí éagsúla feicthe againn. Tá sé deacair aon slat tomhais láidir a aimsiú a thabharfas treoir do dhuine maidir le toradh. An t-aon rud ná má fhaigheann duine bás in oifig, tá níos mó d’fhéidearthacht ann go rachadh duine ón bpáirtí céanna (go háirithe duine atá gaolta) i gcomharbacht air nó uirthi.

In 2019, toghadh ceathrar Teachtaí Dála go Parlaimint na hEorpa - ceann amháin ó Fhianna Fáil, beirt ó Independents 4 Change, agus duine amháin ó Fhine Gael.

As na folúntais sin, chuaigh dhá shuíochán chuig Fianna Fáil, ceann chuig an Comhaontas Glas, agus ceann chuig Sinn Féin. Níor éirigh le haon pháirtí a thogh na feisirí go parlaimint na hEorpa na suíocháin Dála a choinneáil.

Nuair a tháinig folúntas eile chun cinn in 2021 tar éis d’Eoghan Murphy ó Fhine Gael éirí as ón Oireachtas, ba í Ivana Bacik ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhuaigh é. An raibh sí ag snámh in aghaidh an easa? Beagáinín. Ní raibh déanta go maith ag a páirtí ar feadh seal fada roimhe sin ach b’iarrthóir thar a bheith láidir í Bacik agus d’éirigh léi an ceann is fearr a fháil ar James Geoghegan ó Fhine Gael. Bhí Fine Gael i gcumhacht ag an am. Ní chabhraíonn sé sin riamh le hiarrthóir. Chomh maith leis sin, ní raibh Geoghegan chomh haitheanta i súile an phobail is a bhí Bacik.

Is deacair patrún soiléir a aithint le blianta beaga anuas. Braitheann gach fothoghchán ar a chúinsí féin. Luaitear go minic gur theip ar pháirtithe an rialtais fothoghchán a bhuachan ar feadh beagnach 30 bliain, idir 1982 agus 2011.

Ach ní hé sin an t-aon fáth. Tá polaitíocht agus an saol chomh scaoilte sin agus ina phíosa nach bhfuil intuarthacht ag baint le toghcháin a thuilleadh.

I gcomórtais ina bhfuil go leor iarrthóirí, is féidir le duine gan choinne teacht chun airde an phobail i gcoitinne agus luas a chur faoi nó fúithi go sciobtha.

I gcás na bhfothoghchán atá romhainn - i mBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar - braithfidh a lán ar na feachtais féin agus ar bhuanna na n-iarrthóirí. Duine a thagann chun cinn mar iarrthóir tréan agus téagartha, le bua na cainte, beidh gach seans aige nó aici an deis a thapú chun an duais a bhaint amach.

Is dáilcheantar casta é Baile Átha Cliath Láir. Níl dabht ar bith go bhfuil claonadh ann i dtreo na heite chlé.

Tá ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, lonnaithe ansin ach ní hí Janice Boylan an t-iarrthóir is mó ar thug sí tacaíocht di. Mar sin féin, bheadh a lán daoine ag súil go mbuafadh Sinn Féin an suíochán go háirithe mar gheall ar McDonald.

Tá rogha an iarrthóra ríthábhachtach dar ndóigh, agus is í an cheist an mbeidh Boylan láidir agus tarraingteach go leor chun an suíochán a bhuachan.

Dealraíonn sé gurb é Daniel Ennis ó na Social Democrats an té is mó atá chun tosaigh faoi láthair. Tá a pháirtí ar mhuin na muice faoi láthair, má chreideann tú na pobalbhreitheanna.

Cé nach bhfuil Ennis i mbun na polaitíochta le fada, is cainteoir den scoth é agus scéal láidir aige mar cheannaire pobail, a sheas go láidir in aghaidh ciníochais. Tagann sé ó chroílár an cheantair agus is duine den lucht oibre é. Ag an am céanna ní bheidh fadhb aige vótaí a tharraingt ó na ceantair mheánaicmeacha.

I mBaile Átha Cliath Láir, an mhistéir is mó ná é seo a leanas: cén chaoi sa diabhal a éireoidh le Gerry Hutch?

Fuair sé sciar mhaith vótaí san olltoghchán, ach ní raibh sé in ann aistrithe a mhealladh. D’fhéadfadh an fothoghchán a bheith níos deacra dó. Beidh tacaíocht leathan de dhíth air ar fud an dáilcheantair agus beidh deacracht aige in áiteanna ar nós Baile Phib agus Glas Naíon.

I nGaillimh Thiar, meastar gurb é Noel Thomas rogha an ghnáthphobail. Rinne sé go maith san olltoghchán in 2024, agus bhí sé gníomhach sna hagóidí maidir le breosla le déanaí. Beidh air tacaíocht láidir a fháil sa chathair - rud nach mbeidh éasca. Agus ní thaitníonn a sheasamh maidir le hinimirce agus dídeanaithe le roinnt daoine. Mar sin, tá éiginnteacht ann i gcónaí.

B’fhéidir gurb é Fine Gael an páirtí leis an iarrthóir is mó le rá, Seán Kyne, ach bíonn sé deacair ag páirtithe rialtais fothoghcháin a bhuachan.

I measc iarrthóirí na heite clé, beidh sé suimiúil a fheiceáil an mbeidh siad in ann vótaí a aistriú eatarthu féin go héifeachtach. An seasfaidh ‘An Tonn Clé’ go buan?

Tá cúinsí áitiúla ann chomh maith. I nDeisceart Chonamara, tá roinnt drogall léirithe i leith Mark Lohan ó Shinn Féin, iarrthóir nach labhraíonn Gaeilge. An gcuirfidh sé sin as a riocht é?

Ag deireadh an lae, braithfidh gach rud ar na feachtais agus ar ábaltacht na n-iarrthóirí iad féin a chur in iúl agus in aithne don phobal. Má éiríonn le duine luas a chur faoi nó fúithi go luath sa fheachtas, tá gach seans ann go mbeidh siad dosháraithe.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times