Foclóir: Réiteach - resolution; géarchéim - crisis; cruinniú - meeting; go grinn - closely; iarfhostaithe - former employee; eisceachtúil - exceptional; áisíneacht - agency; eatramhach - interim.
Níl réiteach ar bith fós ar an ghéarchéim airgeadais in earnáil na Gaeilge.
Tuigtear do Thuarascáil gur lean “dianphlé” idir oifigigh an Fhorais agus na ranna urraíochta agus airgeadais chuí i rith na seachtaine, agus go bhfuil cruinniú beartaithe an tseachtain seo ag oifigigh an Fhorais leis an Aire nua Gaeltachta, Dara Calleary.
D’aontaigh bord Fhoras na Gaeilge, seachtain ón Aoine seo caite, glacadh le buiséad agus gearradh siar ar scéimeanna, ar cheanneagraíochtaí agus ar thionscadail i saol na Gaeilge toisc go bhfuil bearna €817,945 i mbuiséad na bliana seo.
Michelin star awards 2025: Three new stars for Carton House, Ballyfin and Lignum
‘He has broken me twice’: Former garda jailed for six years for sexually assaulting woman at Garda station
Scottish media bemoans ‘toothless Scotland’ after Groundhog Day-esque Six Nations loss to Ireland
‘It was the worst house in Dublin 4’: Turning a derelict redbrick into a home
Agus iarrachtaí ar bun chun an bhearna sin a líonadh, tuigeann Tuarascáil go bhfuiltear ag breathnú “go grinn” ar an socrú reatha faoina n-iompraíonn Foras na Gaeilge costas iomlán phinsin a n-iarfhostaithe, ar bhealach nach ndéantar de ghnáth sa státseirbhís.
“Ceist í sin atá eisceachtúil i gcomparáid le heagrais Stáit eile,” a dúirt foinse le Tuarascáil.
“Pléitear le [costas na bpinsean] go lárnach sa státseirbhís ionas nach mbeadh tionchar aige ar bhuiséad reatha eagraíochta.”
Nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 mar institiúid trasteorann, ghlac an ghníomhaireacht nua freagracht as cúramaí pinsin a bhain le Bord na Gaeilge.
Tá méadú suntasach tagtha ar an méid a chaitear ar phinsin le blianta beaga anuas, de réir mar a d’imigh daoine ar scor. Tuigtear gur íocadh suas is anuas le €200,000 ar phinsin in 2009 nuair a bhí seachtar imithe ar scor. Faoi 2024, agus 30 iarfhostaí imithe ar scor, íocadh os cionn €700,000 ar chostas na bpinsean.
Cé go bhfuil ardú as cuimse tagtha ar chostais an Fhorais, tá ciorruithe buiséid 2008 nach mór fós i bhfeidhm.
Fiú dá bhféadfaí costas na bpinsean a íoc ó chiste lárnach an Stáit, agus go sábhálfaí thart ar €700,000, ní leor an tsuim sin chun bearna bhuiséid na bliana seo a líonadh.
Agus fiú dá líonfaí an bhearna sin go hiomlán i mbliana, tá arduithe pá ag teacht chun cinn sa státchóras an bhliain seo chugainn, rud a tharraingeoidh an cheist anuas arís.
I gcroílár na deacrachta tá an socrú casta maoinithe trasteorann. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid: cuireann Rialtas na hÉireann 75 faoin gcéad den mhaoiniú ar fáil agus is ó Rialtas na Breataine a thagann 25 faoin gcéad.
Imríonn an socrú sin tionchar suntasach ar rialachas na Gaeilge ar fud na hÉireann. Mar shampla, maireann bliain airgeadais Roinn Pobail an tuaiscirt ó mhí Aibreán go Márta agus níl buiséad na Roinne sin socraithe go fóill don bhliain 2025-26.
“Dá réir, ní féidir buiséad an Fhorais Teanga a dheimhniú nó go mbeidh sé sin socraithe,” a dúirt urlabhraí Roinn na Gaeltachta le Tuarascáil.
“Leanfaidh oifigigh na Roinne ag plé na ceiste seo lena gcomhghleacaithe sa Roinn Pobal ó thuaidh féachaint chun buiséad aontaithe an Fhorais Teanga a chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas san earrach.”
Mar nod, b’fhéidir, go bhféadfaí teacht ar bhealach indíreach chun maoiniú a chur ar fáil go heatramhach, dúirt an t-urlabhraí: “Leanfaidh an Roinn uirthi ag breathnú ar bhealaí eile chun tacú le cláir oibre na heagrais teanga agus pobail, ag brath ar thoradh na gcainteanna ar bhuiséad an Fhorais Teanga.”
Léiriú lom ar leochaileacht earnáil na Gaeilge a bhí ann nuair a dúirt Leas-Chéad-Aire an Fheidhmeannais ó thuaidh, Emma Little-Pengelly, an tseachtain seo caite nach dtacaíonn sí le moladh a cheadódh don Rialtas ó dheas breis airgid a íoc leis na háisíneachtaí trasteorann – fiú mura mbeadh gá an fhreagracht 25 faoin gcéad a chomhlíonadh.
“Tá sé craiceáilte gur féidir le Leas-Chéad-Aire ar an bhFeidhmeannas ó thuaidh stop a chur le maoiniú breise do ghrúpaí pobail i Longfort nó in Inse Chór,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
“Caithfidh rud éigin athrú maidir leis seo. Tá muid ag caint faoi seo ó 2016 agus níl na rialtais thuaidh nó theas tar éis tabhairt faoi,” a dúirt de Spáinn.
Reáchtálfaidh Conradh na Gaeilge tionól géarchéime in oifigí Unite, ar Shráid na Mainistreach, BÁC, ag meán lae Dé Máirt le freagra an phobail a phlé ar “20 bliain de dhí-infheistiú.”
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis