An Pápa Zozimus II

Is fada ó bhí Pápa Sixtus ar bith againn, ón 16ú haois le bheith cruinn

Habemus Papam! Beidh pápa nua ann nuair a fheicfear deatach bán ag teacht as simléar na Séipéile Sistíní. Griangraph: Getty
Habemus Papam! Beidh pápa nua ann nuair a fheicfear deatach bán ag teacht as simléar na Séipéile Sistíní. Griangraph: Getty

Cén t-ainm a bheidh ar an bPápa nua? Ceist í atá ag múscailt neamhshuime i Meice agus i bPort Rois, ach sa saol Caitliceach a meastar go bhfuil billiún plus plus anam inti tá tochas cinn á dhéanamh lasmuigh de mhíola agus cúrsaí diagachta.

Bhris Proinsias oiread sin nósanna gur dócha nach leanfar díobh. Nuair a roghnaigh sé a ainm féin bhí gnás á bhunú aige, nó seantraidisiún á réabadh. Is é sin, gan leanúint d’ainmneacha Pápaí eile a tharraingt chuige féin, mar a dhein Eoineachaí, agus Beiniticteachaí, agus Leonachaí agus Piusachaí agus Pólachaí le cúpla céad bliain anuas.

Beidh le feiscint an t-ainm nua nár baineadh leas as cheana, nó ar a laghad leis na cianta, nó seancheann stálaithe a nochtfar lá an deataigh ghil. Agus tá rogha fhairsing le fáil.

Seachas an bóthar stálaithe, is féidir dul siar agus tarraingt ar an gclú a bhí ar chuid de na Pápaí tosaigh atá ligthe i ndíchuimhne, nó neachtar acu, ainm a roghnú nach raibh ar Phápa ar bith riamh roimhe seo.

READ MORE

Tuigim go maith nach mbeadh an Pápa nua dána go leor le Peadar II a ghairm de féin, ach dá ngabhfadh sé siar go dtí na bunfhréamhacha an mbeadh aon locht ar Linus II? B’é Linus an dara Pápa. Tá ráite gurbh eisean faoi dear do mhná a bhfolt gruaige a cheilt sa séipéal, rud a thaitneodh leis an taobh a samhlaítear coimeádachas leo; ach ceaptar gur mhairtíreach a bhí ann chomh maith, dán nach bhfuil oiread sin de na cairdinéil ag iarraidh faoi láthair.

B’fhéidir gurbh fhiú cuimhneamh athbheochan a dhéanamh ar an ainm Formosus a bhí ina Phápa san 9ú aois. Formosa b’ainm do Théaváin na Síne, ainm arb í ‘áilleacht’ is brí leis sa Phortaingéilis; is dócha nach raibh sé chomh hálainn sin nuair a tochailíodh a chorp aníos as an uaigh d’fhonn triail a chur air. De dhealramh chúisigh Stiofán VI, Pápa a tháinig ina dhiaidh é i mionnú éithigh, ach ní raibh Formosus bocht in ann é féin a chosaint agus daoradh é, in ainneoin go raibh sé marbh cheana. B’fhéidir gur mithid athshlánú a dhéanamh air.

Is fada ó bhí Pápa Sixtus ar bith againn, ón 16ú haois le bheith cruinn. Bhí cúigear díobh ann, ach níor tháinig Sixtus VI fós. Seans go gcomhlíonfadh sin tairngreacht éigin nach feas dúinn fós.

Cad mar gheall ar Everestus ó thairseach an dara haois go bhfuil le rá ar a shon gur saolaíodh i mBeithil é, rud a d’fhág teidealach ar an bpost é seachas go leor eile?

Is é is mó is díol suime linn abhus, sa chás is go dtoghfaí Pápa Éireannach nó de shliocht Ír is Éibhir ó bhall ar bith, an bhfuil aon seans ann go dtabharfadh sé an Pápa Pádraig air féin? Braithim blas áirithe ceolmhar ar Il Papa Patricius ag labhairt linn ón mbalcóin lasnairde.

Sa chás is nach mbeadh an Pápa Éireannach ag iarraidh ainm úrnua a tharraingt chuige féin d’fhéadfaí filleadh ar Zozimus a bhí ina Phápa sa chúigiú haois, nach mór comhaimseartha le Pádraig é féin. Bhí sé sáite i mórchuid díospóireachtaí diagachta lena linn ar nós Peliaganachas agus Prissilianachas nach bhfuil tú ar bís aon rud a fháil amach ina dtaobh anois.

Bheadh an-mheas air i mBaile Átha Cliath go háirithe toisc oiread sin cáile a bheith ar an amhránaí sráide Zozimus a ghabh timpeall ina róbaí fada gan a bheith neamhchosúil le cairdinéal ar bith agus bata siúil mar bhachall aige. B’é a chum an t-amhrán ‘The Finding of Moses’ a léirigh go raibh léann an Bhíobla go paiteanta aige chomh maith.

Sea, gan amhras, an Pápa Zozimus II, is é atá uainn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar