FOCLÓIR: Comhaontú Aoine an Chéasta - Good Friday Agreement; scaoilte saor - released; forálacha - provisions; trasteorann - crossborder; comhaid - records; státrúnaí - secretary of state; cuimsitheach - comprehensive.
Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998, bhí dóchas ar Rialtas na hÉireann go mbeadh claochlú mór ag teacht ar pholasaí na Breataine i leith na Gaeilge. Bheidís ag imeacht ón ‘sullen hostility’ a bhí acu don teanga agus bheadh cur chuige ‘positive, proactive’ acu feasta.
Sin de réir nóta stiúrtha a d’ullmhaigh Roinn an Taoisigh ar an ábhar seachtain sular síníodh an Comhaontú agus atá scaoilte saor anois ag an Chartlann Náisiúnta.
Chuir na heagrais Ghaeilge fáilte mhór roimh na forálacha a bhí sa Chomhaontú ó thaobh na Gaeilge de. Bhí Foras na Gaeilge ar cheann de na heagraíochtaí trasteorann a bunaíodh, cuireadh dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais ó thuaidh i leith na scolaíochta lán-Ghaeilge agus tugadh geallantas go n-amharcfadh údaráis chraoltóireachta na Breataine ‘ar bhonn práinne’ ar bhealaí lena chinntiú go mbeadh TG4 ar fáil go forleathan ar fud na sé chontae. Ach léiríonn comhaid an stáit atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta an cur is cúiteamh a bhí ar bun ar chúl téarmaí sular baineadh an stádas sin amach don teanga.
Bhí siombalachas nach beag ag baint leis an Ghaeilge don phobal náisiúnach agus bhí toscaireacht na hÉireann iontach sásta faoin mhéid a cuireadh i gcrích sa Chomhaontú: ‘Taken cumulatively, these are potentially hugely significant developments, which seek to meet long-standing requirements of nationalists in terms of the principle of equality, but on a basis that threatens nobody.’
Ar ndóigh ní raibh aon tagairt d’Acht Teanga sa mhéid a aontaíodh agus admhaíodh ins an cháipéis stiúrtha a d’ullmhaigh Roinn an Taoisigh nach raibh achan rud bainte amach go fóill: ‘In overall terms, the commitments made by the British Government in the paper represent significant progress but they do not represent the complete fulfilment of the campaign for the Irish language.’ Dúradh go raibh Státrúnaí an Tuaiscirt, Mo Mowlam, agus an tAire Forbartha Polaitíochta, Paul Murphy, iontach báúil do cheist na Gaeilge sna cainteanna ach go raibh státseirbhísigh Oifig Thuaisceart Éireann níos doicheallaí ina ndearcadh. Measadh, áfach, go bhféadfadh Rialtas na Breataine a thuilleadh a ghéilleadh sula gcuirfí bailchríoch ar na cainteanna.
Seachtain tar éis shíniú an Chomhaontaithe chas an tAire Éamon Ó Cuív agus feidhmeannaigh ó Roinn an Taoisigh le hionadaithe pobail ó réimsí éagsúla de shaol na Gaeilge ó thuaidh. Bhí siad uilig ar aon fhocal go raibh bunús maith sa mhéid a aontaíodh chun polasaí cuimsitheach i leith na teanga a fhorbairt. ‘It is perhaps the first time that what has been achieved in this area has exceeded expectations on the ground,’ a dúirt Máirtín Ó Fainnín ón Rannóg Angla-Éireannach, sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Mhol Ó Cuív do na hionadaithe pobail moltaí réadúla a chur chun cinn, bunaithe ar an mhéid a bhí sa téacs a aontaíodh, agus go ndéanfadh Rialtas na hÉireann a dtréan díchill a gcuid polasaithe a chur chun cinn ins an idirthréimhse sula mbronnfaí cumhachtaí ar Chomhthionól cineachta Thuaisceart Éireann.
Lean an idirbheartaíocht sna míonna i ndiaidh shíniú an Chomhaontaithe faoi na ranna stáit agus na hinstitiúidí trasteorann a bhí le bunú.
I nóta rúnda de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, dúradh gur thug Mo Mowlam le fios do Rialtas na hÉireann go raibh Ceannaire Pháirtí Aontachach Uladh, David Trimble, ag maíomh go mioscaiseach go raibh an LeasChéad-Aire, Séamus Mallon, glan in éadan foras teanga ar leith a bhunú. Dúirt Mowlam nach raibh fírinne ar bith ansin ach gur mheas Mallon gur cheart go mbeadh cúrsaí teanga san áireamh in institiúid níba leithne a bheadh ag plé le cúrsaí ealaíon agus cultúir fosta.
Bheadh ceann de na hinstitiúidí curtha amú acu mura mbeadh sé ach ag plé leis an Ghaeilge amháin, dar le Mallon. Mheas Sinn Féin, áfach, go mbeadh an Ghaeilge báite in institiúid níba leithne. Mhol státseirbhísigh na hÉireann don Taoiseach, Bertie Ahern, dearcadh oscailte a léiriú ar an cheist nuair a bheadh sé ag castáil le páirtithe an Tuaiscirt ar an 2 Samhain, ach gur dócha gur institiúid ar leith don Ghaeilge a bheadh mar thoradh ar na cainteanna i ndeireadh ama.
Tuairiscíodh i lár mhí na Samhna go raibh na páirtithe uilig beagnach aontaithe anois go mbeadh sé cinn d’institiúidí ann, ina measc ceann a bheadh ag plé leis an Ghaeilge agus leis an Ultais. ‘Smother it with kindness,’ a mhol feidhmeannach in Oifig Thuaisceart Éireann do thoscaireacht na hÉireann i dtaca leis an Ultais. Bhí an institiúid Ghaeilge ar an cheann ba thábhachtaí i súile Shinn Féin, dar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Ar an 7 Nollaig, áfach, sheol Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Dermot Gallagher, teachtaireacht rúnda chuig Paddy Teahon i Roinn an Taoisigh ag rá go raibh leascheannaire Pháirtí Aontachach Uladh, John Taylor, ag cur a chos i dtaca maidir le hinstitiúid Ghaeilge a bhunú. Dúirt Gallagher go raibh Taylor ag bagairt go mbeadh ar na páirtithe Náisiúnacha rogha a dhéanamh idir foras trádála agus foras teanga mar nach mbeadh na hAontachtóirí ag glacadh leis an dá cheann!
Mhaígh ball dá pháirtí féin go príobháideach nach raibh i gcaint Taylor ach buaileam sciath: ‘Taylor has done the usual 180 degree turn that is necessary if we are to move forward.’ Mar sin féin, bhí Gallagher thar a bheith buartha faoin bhagairt don fhoras teanga agus mhaígh sé go mbeadh ar Rialtas na Breataine an fód a sheasamh go láidir ar an cheist. Theip ar iarrachtaí Taylor an institiúid Ghaeilge a chur go tóin poill agus bunaíodh an Foras Teanga chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Ultaise ar bhonn trasteorann.
* Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/ TG4 é Breandán Delap