Maraíodh an-chuid dreoilíní maidin inné, nó ba cheart go marófaí mura mbeadh go bhfuil an traidisiún uiscilithe agus daoine imithe le cineáltas Victeoiriánach le blianta beaga anuas.
Síntear an iomad míniúchán chugainn ar cad is brí le Lá an Dreoilín. Tá an chuid is mó díobh sin gan dealramh, mar a thuigfeá, mar is béaloideas iad. Ní fhágann sin nach bhfuil an béaloideas níos fírinní ná an stair, mar caint is ea an béaloideas agus scríbhinn is ea an stair. Is faide agus is fairsinge é an bladar mór béil seachas an meamram beag ribe sin sa chartlainn.
Cé go raibh traidisiún lá an dreoilín fada is fairsing ar fud na hEorpa nó nithe dá samhail, is in Éirinn agus sna críocha Gaelacha a neadaigh an fíoch in aghaidh an dreoilín bhoicht.
Is i gCiarraí is mó a mhair an traidisiún na héin is bídí agus is lú dochar a ghabháil is a chur chun báis le céasadh seachas in aon bhall eile sibhialta den tír. Agus is ann is mó a máirseáiltear le mórtas as a ngaisce, ag dúiseacht codlatánach na mbailte beaga as a suan agus taitneamh thar meán á bhaint acu as póit na Nollag.
Níor cheart a bheith ródhian orthu, áfach, mar bíonn cúis le gach sean-nós. Ceann de na cúiseanna a luaitear ná gurbh í bícearnach an dreoilín a scéigh ar Stiofán beannaithe gur dá dhroim a gabhadh, a céasadh agus a cuireadh chun báis é.
Is dóichíde ar fad, áfach, gur cumadóireacht fhollas earráideach í sin agus gur ceapadh leithscéal d’fhonn a gcuid maistíneachta agus bullaíochta a mhaitheamh dóibh. Ní chuimhneoidís ar a leithéid a dhéanamh don seabhac, mar shampla, ná don fhiolar, cé go mbíonn a gcuid feirmeoirí ar a ndícheall é sin a mharú go sleamhain le nimh.
Is léir go bhfuil dearmadta glan acu ná gur dineasáir de shaghas éigin ba ea sinsir an dreoilín uair dá raibh agus cá bhfios nach dtiocfadh a dtráth arís? B’fhéidir nach raibh ann ach eosinopterics nó liraenosaurus, ach b’fhíochmaire iad sin ná peileadóir Ciarraíoch ar bith.
Is é fáth a bhfuil an dreoilín á maslú ar shráideanna Chiarraí ná gur samhail é den leadradh a thugadh siad d'fhoirne eile mar bhia ghunna mhóir. Nó sin de réir an tseanchais sa seansaol fadó atá ag imeacht ó chuimhne na ndaoine anois. Ba léir nárbh aon dreoilíní iad an Dún ná Ard Mhacha ná Tír Eoghain nuair a cromadh ar na laochra aduaidh a bhascadh.
Tá a amhlachas céanna de mhíthuiscint ann maidir le cad is ciall le Boxing Day Shasana a bhfuil gabháltas déanta aige ar smuit de na meáin abhus. Lá le Stiofáin a bhíodh go coitianta air go fiú in oirthuaisceart Éireann go dtí gur teascadh an tír ina dhá chuid is gur déanadh oileán di.
Scéal gan dealramh éigin a bhaineann le bronntanais a thabhairt do na boicht an ciallú is coitianta ar an mbocsaing dé céanna. Ní hé sin a bhunús in aon chor. Is amhlaidh gur tagairt don dornálaíocht atá ann, nó daoine ag gabháil chun doirne ar a chéile.
Bhíodh an oiread sin tráchta ar shíocháin is ar ghrá is ar chineáltas is ar a bheith deas le chéile i rith na Nollag gur thuig daoine go gcaithfeadh siad scaoileadh lena gcuid mothúchán lándáiríre an lá dar gcionn. Cead feirge nó rachta a scaoileadh atá ann. Fág go samhlaítear le Sasana é agus na críocha i gcéin inar lonnaigh a sliocht, ar nós gach rud eile sa tsaol is abhus in Éirinn a thuismigh sé. Tá scoláirí idir thrí intinn, áfach arbh in Punchestown nó Áth na nDorn nó Béal Átha na mBuillí ba ea an tús sin.