Is cuimhin liom go raibh léachtóir leamh amháin agam adeireadh maidir le scríbhneoir ar bith, seo iad a chuid dátaí. Ní hé go raibh léachtóir leamh amháin agam mar bhí scata. Agus cé gur drochnós é dátaí a chaitheamh sa phus ag mic léinn a shíleann gur stair de chuid na meánaoiseanna is ea Bob Dylan agus gur tháinig Napoleon i dtír i gCill Ala roimh ionradh na Lochlannach, mar sin féin caithfear comhthéacs éigin a sholáthar.
Mar sin, seo iad a chuid dátaí: saolaíodh é sa bhliain 1821 agus thug sé a anam leis go dtí pé áit a ghabhann anamnacha dá leithéid trí scór bliain ina dhiaidh sin.
Is ea Feodar Micileóvich Dostáibhscí atá ann ar ghealaigh an lá bán agus dorcha air 200 bliain ó shin an mhí seo. Is é a chreid go daingean in anam na Rúise, agus má tá a leithéid d’earra ar bith le cur i gcás, níorbh fhéidir a shéanadh ná gurbh ann a bhí.
Beidh clostrácht ag daoine ar na húrscéalta móra uaidh, ‘Coir agus Pianós’ agus ‘Na Deartháireacha Caramasobh’ go ró-áirithe. Mura bhfuil siad léite agat is tú atá dall ar intinn imeall Eorpach ár linne. Ar intinn an duine stoite a mbíodh an Direánach cráite ina thaobh, ach go deas.
Ónár dtaobhne de, chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Phádraic Ó Conaire agus ar Mháirtín Ó Cadhain, agus tá siad beirt admhálach ann. Ina chás siúd, thum sé isteach in aigne an duine agus níorbh fholláin gach a bhfaca sé ann. Bhí go leor de na toibreacha inar shnámh sé iontu lofa agus morgtha go bun.
Is í an cheist atá á síorchur aige, 'cad a dhéanfaimid leis na diabhail sin go léir atá istigh ionainn?' Malairt is ea a chuid úrscéalta ar an úrscéal béascnaíochta nó ar an úrscéal sóisialta nuair is tábhachtaí an tslí a dtiteann ciarsúr ar an bhfaiche leadóige ná cogadh ar son na sibhialtachta. Abair, Jane Austen agus a camthaí leamha, chick-lit do dhaoine a bhfuil céim acu.
Ní hé is tábhachtaí go siúlann sé na pasáistí dorcha sin in anam an duine, ach go dtaispeánann dúinn go bhfuil siad ann agus nach gceileann orainn iad. Is ag cur gill leis an mbeatha atá a chuid carachtar, geall nach bhfuil aon tsiúráil ann go dtiocfar slán as.
Gabhann Dostáibhscí faoin talamh isteach i bpluaiseanna an duine. Rud dodhéanta don tsíceolaíocht nach bhfuil inti ach fiaclóireacht ar barra suas is anuas leis an uaimheolaíocht seo. Scríobh an machnóir mór George Steiner leabhar a raibh 'Tolstoy or Dostoievski' mar ainm air inar áitigh sé nach bhféadfá tuiscint i gceart do lán na beirte acu. Chaithfí taobhú le duine seachas a chéile.
Is é a bhí i gceist aige ná buneolas ar an duine. Cheap Tolstoi go bhféadfaimis sinn féin a shlánú trí athruithe chun feabhais ar an gcóras sóisialta: rialtas níos cothroime, uisce níos glaine, dlíthe gan cháim, cearta daonna, carthanacht fhorleathan. Shéan Dostáibhscí é sin: bhí an duine cam, bhí ár meabhair lochtach, bhíomar botúnach go héag, as adhmad snaidhmthe an duine ní fhéadfaí maide díreach a dhéanamh.
Ba chruinne mar leabhar é dá scríobhfadh sé 'Freud or Dostoievski.' Níor thuig an soidéalach mór ó Vienna go bhféadfadh an duine scata smaointe agus raidhse cúiseanna agus scaoth d'ábhair a bheith ag clascairt le chéile san aon anam amháin, agus nár ghá go mbeadh aon chonradh síochána eatarthu.
Is ea, ar mh’anam, ‘an t-anam.’ Dá luafaí an focal in scéal inniu bheadh pusléirmheastóir éigin ann a chuirfeadh gobghlas ort.