B’é Seosamh Mac Grianna adúirt uair éigin gur mhaith leis leabhar a scríobh a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna. Is dócha gur maith nár dhein, ach tuigimid dó. Ba leor leabhar a bhainfeadh craitheadh asat, a bhainfeadh de na boinn tú, a d’athródh d’intinn, a shoilseodh an tslí.
Fíorbheagán díobh sin a theangmhaíonn leat i gcúrsa do shaoil. Im chás-sa de, ceann díobh ba ea ‘The Great Silence’ le Seán de Fréine a léigh mé i mbliain na hardteistiméireachta dom. Is í an chéad gheit a bhain sí asam ná an cheist sin a ardaítear nuair a bhíonn rud chomh soiléir leis an maidin bhán leagtha os do chomhair: ‘Cén fáth nach ndúirt duine ar bith é seo riamh cheana?’
Tá de bhua ag an leabhar ná go bhfuil a theideal féin tagtha isteach sa dioscúrsa ar nós mar atá ‘hidden Ireland’ Daniel Corkery. Cé go mbaineann ar leith amháin leis an gciúnas sin a thuirling ar an tír nuair nár labhair tuismitheoirí le Gaeilge focal ar bith lena dteaghlach ar eagla go sealbhódh siad í mar mhalairt ar an mBéarla a bhí ag teacht de dhroim na gcnoc, tagraíonn go ró-áirithe do chiúnas na staraithe nach n-osclaíonn a ngob faoin athrú urlabhra ollmhór a tharla laistigh de chéad éigin bliain. Is é sin, leabhar is ea é a thug dúshlán na staraithe proifisiúnta, agus fós féin níl ach an chaolchuid féin díobh toilteanach dul chun cargála leis an gceist.
Bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath céim oinigh dochtúireachta ar Sheán de Fréine Dé Céadaoin seo caite mar aitheantas ar an obair saoil atá déanta aige mar scríbhneoir agus mar sheirbhíseach de chuid an stáit. San aitheasc a thug sé thug le linn shearmanas an bhronnta chuir an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh treise lena sheasamh mar scoláire neamhspleách.
Is ea, scoláire neamhspleách! Earra neamhchoitianta ar fad ar na saolta seo, nó saol ar bith eile, nuair atá formhór ár gcuid scoláirí ceangailte le hollscoil, nó le hinstitiúid léinn, nó le foras taighde de shaghas éigin. D’fhág sin go raibh sé saor d’fhonn a iomaire féin a threabhadh agus d’fhonn dul i ngleic leis na hábhair ba ghaire dá chroí. Ar an gcúis sin is iad grá agus cion agus tuiscint do na hábhair ab ansa leis a bhí á chomáint riamh anall seachas aon choiscéim eile a bhaint amach ar dhréimire an tsaoil.
Is mó sin saothar a chuir sé de ar an aistear sin. Cuimhním ar ‘Ciste Cúrsaí Reatha’ a chuir sé le chéile le Jim O’Donnell agus arb éard atá ann aistí gearra gonta ar théarmaí coitianta atá in úsáid go laethúil. Ach níl aon amhras ná go n-áireofar ‘Croí Cine’ mar phríomhshaothar dá chuid, leabhar a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1990, agus gur tháinig leagan níos iomláine agus níos cuimsithí de amach anuraidh.
Cuimhním go ndúirt Máirtín Ó Cadhain gur chóir do gach scríbhneoir Gaeilge foclóir an Duinnínigh a bheith le hais na leapan aige. Mo thuairim gurb é a dhála sin ag an leabhar seo é. Is é atá ann dréachta agus sleachta as litríocht na Gaeilge le míle cúig chéad bliain anuas, cuid acu go maith ar eolas, cuid mhór a bhí dearmadta againn, cuid eile úrnua friseáilte. Doras isteach ionainn féin atá ann. Lámhleabhar riachtanach den litearthacht chultúir don té a bhfuil aon teanntás aige ar a leithéid.
Ní fhéadfadh aon duine saothar mar seo a thiomsú seachas duine a bheadh ar maos sa litríocht agus a mheon tugtha aige go fíochmhar di. Tá an t-ádh linn duine ar nós Sheáin de Fréine a bheith inár measc; trua gan tuilleadh dá leithéid a bheith ann, ach b’fhéidir nach bhféadfadh sin.