Deannach na nAingeal

Is léir nach músclaíonn úrscéal de chuid an lae inniu aon cheist mar sin.

Shakespeare
Shakespeare

Ceann de na stíleanna ealaíne is ansa liom féin is ea stíl bharócach reiligiúnda na Spáinne ar a gáifeacht, ar a spiagaí, ar a glóire dul thar fóir. Caolchúis ar bith ní bhaineann léi, ach i do phus go dathannach fuilphúscach. Nuair a léirítear an chros chéasta, mar shampla, ní cheileann ar aon tslí barbarthacht na Róimhe, ceann de na himpireachtaí ba ghránna dar mhair riamh.

Is í an fhadhb a bhaineann léi, áfach, ná nach bhfuil inti inniu ach ealaín. Bhí tráth ann nuair a chuir sí eagla a gcraicinn agus sceimhle anama ar dhaoine, lucht creidimh thar amhras go háirithe. Earraí iarsmalainne anois í don chuid is mó, go fiú nuair is istigh i gceartlár ardeaglaise a bhíonn.

Is é sin le rá, má bhí barántúlacht ag baint léi ina ham agus ina hionad féin, ar éigean gur féidir sin a cheangal léi inniu. Is é a dhála sin é ag na healaíona ar fad, an litríocht féin san áireamh. Conas is ceart dul i ngleic le hábhar atá stoite as a phréamhacha dúchais agus as a fhearann ceart cóir idir linn agus loc?

Is léir nach músclaíonn úrscéal de chuid an lae inniu aon cheist mar sin. An té a léifeadh, abraimis An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín, nó Skippy Dies Paul Murray, bheadh a fhios aige gur ag plé le hurlár is le tuiscintí is le teanga an lae inniu atáthar, samhlaíocht ann nó as.

READ SOME MORE

Ní hamhlaidh atá nuair a ghabhtar siar cúpla glúin. Is deacair blas a fháil ar úrscéalta Béarla na hÉireann a scríobhadh sa 19ú haois, seachas Carleton, agus fós tuigimid gurb earra stairiúil atá aige siúd.

Nuair a bhíos san Afraic tráth chonaic mé léiriú ardscoile cailíní de ‘The Taming of the Shrew’ Shakespeare. Fág i leataobh gurb ait leat go léireodh aon scoil an dráma céanna, bhraitheas rud éigin thar a bheith ciotrúnta faoi mhná óga Yoruba ag labhairt i mBéarla na 16ú haoise faoi ábhar a bhaineann le béaloideas na hEorpa.

Baineann an deacracht sin le léiriú ar bith de chuid Shakespeare, áfach. Tá rud éigin níos neamhbhailí féin ag baint le leaganacha nua-aimseartha dá chuid drámaí a stáitsiú (chonaic mé Macbeth á lámhach, mar shampla), ach dá ndéanfaí iad a chur os ár gcomhair mar a tharla sa Globe lena linn, is beag ciall a bhainfimis astu ach an oiread.

Déanadh iarracht dráma dá chuid a léiriú suim bhlianta ó shin i gcanúint agus le blas Bhéarla a linne, ach mar a dúirt duine de na haisteoirí, ‘Cén fáth nach ndéanfaimid i mblas Chorcaí é agus a bheith réidh leis?’, óir is dealraithí bunfhoghair Bhéarla na hÉireann anois le Béarla Shakespeare ná le Béarla Shasana de dheasca gur ag an am sin a chéad lonnaigh an teanga i mbailte na tíre.

Dá léifí úrscéalta Shéamuis Uí Ghrianna os ard anois ar RnaG ach i gcanúint Mhúscraí, an mbeadh éigean á dhéanamh orthu? Nó an bhfuil aon intinn inniu a thuigeann an Fhiannaíocht sa cheart, seachas mar áilleagán nó le teann fiosrachta?

Is í an fhírinne lom go dtéann an ealaín as dáta, ach nach dtéann sí as. Síothlaíonn cuid éigin di anuas óna foirm bhunaidh anuas chugainn trí na blianta. Súitear rud éigin aisti. Gabhann tríd an scagaire atá againn ar fad toisc go bhfuilimid daonna. Fós, maireann a bhfuil de dheannach na n-aingeal i gcónaí inti. Tuigimid scéal Giolgamais na Bablóine ó cheithre mhíle bliain ar ais chomh maith le rud ar bith a breacadh dhá chéad bliain ó shin toisc go n-aithnímid saol na linne seo ann.

Paradacsa é ná toisc go ngabhann an ealaín as dáta gurb é sin a fhágann gurb earra buan atá inti.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar