Caint neamhphairliminteach

Is deacair teacht ar leaganacha Béarla de chuid de na maslaí is binne agus is fileata a bhfuil fáil orthu sa Ghaeilge.

An Taoiseach, Micheál Martin.
An Taoiseach, Micheál Martin.

Bhí sioscadh is trí chéile sa Dáil le déanaí toisc go ndúirt an Taoiseach gur ‘ag insint bréaga’ a bhí Mary Lou. De réir nós imeachtaí na Dála níl cead bréaga a chur i leith duine eile sa seomra, nó ar shleasa an tseomra féin. Tá liosta d’fhocail is de mhaslaí a bhfuil teir orthu a úsáid, a bhfuil focail áille ar nós ‘scumbag’ agus ‘corner boy’ ina measc.

Fágann sin deacracht sa chás is go mbeadh aon phlé ar an litríocht in aon cheann de sheomraí an Oireachtais, óir cad a dhéanfaí dá luafaí an focal ‘yahoo’ a chum Swift ach a bhfuil bac air i ndíospóireacht iomchuí. Tá ‘Bligeard Sráide’ ar leabhar suaitheantasach filíochta le Michael Davitt agus ar dócha gurb é an nath is gaire atá againn do ‘corner boy’ sa Ghaeilge. Chaithfí a bheith cúramach conas a luafaí é sa chás neamhdhóchúil go luafaí filíocht ar chor ar bith ar urláir ár dtithe rialtais.

Is é an bac atá ar na focail áirithe seo a chuireann sceimhle ar dháoine ná gur ‘caint neamhphairliminteach’ iad. Ní fios cad as a dtáinig an tuiscint seo ach ní as traidisiún pairliminteach na Gaeilge í.

Sna pairlimintí móra atá againn inár litríocht féinig is beag den ‘chaint phairliminteach’ atá iontu. Dá labhrófaí mar a labhair Mathún Mórthónach nó Giolla Bréige Ó Braimpléisce nó Sir Domhnall Ó Plobarnáin nó Seán Séideánach Ó Smutacháin in Pairlement Chloinne Tomáis, an aoir iontach sin orainn féin ón 17ú haois, ní fada go gcuirfí corc iontu. Cé nach bhfuil a n-amhlachas céanna de chaint neamhiomchuí in Parliament na mBan, ní sampla maith de chaint phairliminteach í ach oiread; agus is neamhphairlimintí go mór gach a ndeir Síomón Smólsmáca agus Domhnall ‘Seag é’ Ó Raithile agus Piaras Prineanta Mac Torpacháin agus Tadhg ‘Tit ar Toll’ Ó Preicealláin gan ach an chuid is neamháiféisí de phearsana Párliment na bhFíodóirí san 19ú haois a áireamh. Tá trí chéad bliain de chaint neamhphairliminteach álainn na hÉireann againn iontu sin.

READ SOME MORE

Go deimhin, is deacair teacht ar leaganacha Béarla de chuid de na maslaí is binne agus is fileata a bhfuil fáil orthu sa Ghaeilge. Is cinnte go bhfuil gach saghas duine díobh sa Dáil i gcónaí. Ní minic a bhím ag féachaint ar ná ag éisteacht leis na díospóireachtaí Dála mar is é beatha dhuine a thoil, ach níl aon dul agam ach ar a laghad claibseach agus gaotaire agus meigeadán nó beirt, nó triúr, a chloisint ó fhána an rialtais. Táid siúd ann, leis, atá róleisciúil le teacht isteach sa teach iad féin, liairnaí díomhaoine agus liopastáin agus seilmideálaithe, ach is dócha nach bhféadfaí iad a mhaslú toisc nach mbeadh siad ann.

Is fíor go bhfuil an bearrthachán agus an badhbaire agus an sceanadóir dulta in éag toisc go mbíonn a bhformhór ar a dteileafóin phóca le linn na cainte, ach ní fhágann sin nach bhfuil an gleacaí milis sleamhain agus an cúigleálaí ciúin agus an sliúdrálaí slabach ina measc i gcónaí.

Nár bhreá leat go gcuirfí le spraoi na Dála ach priocsmut beag éigin ag éirí ina sheasamh ag fiafraí: ‘Ar mhiste leis an Aire bodhránach, an scrúile searbh sin, an sruimile sramach saothartach sin, an súmaire draoibe a d’fhás aníos i bpoll caca na hÉireann, ar mhiste leis a chonablach goirgeach a shuathadh uair amháin d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an gceist nár fhreagair sé ón tóirse gaoithe thall, nó an amhlaidh go mbeidh sé ina chaibirlín cnagbheirthe choíche agus ina ghruamaire gránna go deo?’

Beag an seans. Táimid róbhéasach ar fad. B’fhéidir gur cheart dár gcuid pairliminteoirí smut dár litríocht féin a léamh seachas a bheith ag lúitéis roimh ‘mháthair na bpairlimintí’, mar dhea, dar leo.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar