Scríobh an t-úrscéalaí Sasanach H.G. Wells úrscéal dar teideal ‘The Shape of Things to Come’ a foilsíodh sa bhliain 1933. Cé gurb úrscéal a bhí ann, ní fhéadfaí gan smaoineamh gur tairngreacht a bhí ann ag an am céanna. Is cinnte gurb iad a thuara féin agus a chuid mianta féin a bhí ann in éineacht.
Ní mór smaoineamh gur scríobhadh é i dtosach 30í na haoise seo caite nuair a bhí Hitler go díreach tagtha i gcumhacht sa Ghearmáin agus gan cogadh cathardha na Spáinne a bheith tosnaithe fós. Is furasta seasamh siar nach mór céad bliain ina dhiaidh agus ár magadh féin a dhéanamh ina thaobh, agus is fíor gur corp magaidh a fhormhór ar fad.
Mar sin féin thug sé le fios go gcuirfí tús leis an dara cogadh mór sa bhliain 1940, (gan é ach bliain amú); go scriosfaí cathracha ón aer; go dtiocfadh ann d’fhomhuireáin a scaoilfeadh diúracáin ó bhall ar bith; go gceapfaí airm ollscriostacha agus daoine réidh ullamh lena gcur chun aimhleasa.
Níos iomrallaí, cé gur dhóigh leat gurbh iontu a bhí a dhóchas, mhaígh go seargfadh an náisiúnstát, go dtiocfadh deachtóireacht dhea-mhéiniúil i réim agus go n-imeodh gach reiligiún as, go háirithe Ioslam sa chéad áit, agus go mbeadh an Béarla ina theanga dhomhanda. Thógfadh tamall níos sia leis an gCaitliceachas a scrios (ní dhéanann trácht d’aon bhun ar an bProtastúnachas) agus faigheann sé tearmann in Éirinn atá, gan amhras, cúlráideach, primitíveach, ainnisbhocht.
Jennifer Zamparelli: ‘We bought a sauna five years ago. My neighbours probably think we’re mad’
Jogger whose leg was broken in alleged collision with e-bike on footpath takes prosecution
Amy Broadhurst: ‘I was on the Irish team, then on the British team, now I’m on no team'
Five things we learned from Ireland’s comprehensive Six Nations defeat to France
Is dána an mhaise do dhuine ar bith seachas Nostradamus agus Colm Cille an aimsir fháistineach a thuar, agus is mó sin leabhar a dhein iarracht ar cúis mhagaidh anois iad. Is cuimhin liom leabhar a léamh a raibh mórán cabaireachta faoi ag an am a raibh ‘The Coming War Between Russia and China’ air le Harrison Salisbury a foilsíodh in 1969. Údar mórcháile ba ea é a bhuaigh iliomad duaiseanna dá chuid iriseoireachta agus a chaith blianta ‘ag ciallú’ na Rúise don New York Times. Shílfeá go mbeadh fios a ghnó aige. Ní raibh. Fós, ar aon nós.
An leabhar is mó dá chineál a bhí i mbéal an phobail lenár linn is ea ‘The End of History and The Last Man’ le Francis Fukuyama, ar ghéill oiread sin don téis a bhí ann, go raibh an lá leis an daonlathas liobrálach feasta agus gur ina threo a bhí stair an domhain ag gluaiseacht riamh. Tá's againn cad a tharla dó sin.
B’fhéidir gur leor a thuiscint nach féidir an aimsir fháistineach a insint. Ach tá laige mhór eile ag na húdair thuasluaite agus ag leabhair eile dá samhail. Is den iarthar iad, claonta agus míthuiscintí an iarthair ginte iontu.
Sa bhliain 1950 bhí 20 faoin gcéad de dhaonra an domhain san Eoraip, 9 faoin gcéad san Afraic. Faoin mbliain 2050, atá ag druidim linn ar luas, ní bheidh ach 7 faoin gcéad san Eoraip agus nach mór 40 faoin gcéad san Afraic. Breis agus 60 faoin gcéad den domhan tá san Áise cheana féin.
In ainneoin ráitis laethúla Trump a chuirfeadh sceimhle anama ort, níl ann ach caochadh beag i gcúrsa mór an tsaoil. Nuair a bheidh deireadh le séideadh an bholgáin béice, má mhairimid, beidh sé níos soiléire go bhfuil ord nua domhanda ann, ach nach é an t-ord é a rabhthas ag súil leis. Ní linne an domhan feasta. Glactar leis.
In ainneoin na hath-armála scanrúil Eorpach atá molta, is iad turnamh an iarthair mar an t-aon mhór-ais ar a gcasann an saol, fara an t-athrú aeráide ina tháinrith, an dá ghné is tábhachtaí den chruth domhanda atá romhainn. Níl faic ar féidir a dhéanamh faoin gcéad cheann díobh agus is ró-eagal go bhfuil sé mós déanach tabhairt faoin dara ceann i gceart.