Cogadh agus cosaint

Gaza de ló is d’oíche, agus gan oiread airde air is a thabharfaí ar phúróg sa bhróg.

'Ag téisclim chun cogaidh atá aos armtha an lae inniu, agus a lucht tacaíochta daonlathaí agus neamhdhaonlathaí le chéile.' Grianghraf: Tobias Schwarz/AFP/Getty Images.
'Ag téisclim chun cogaidh atá aos armtha an lae inniu, agus a lucht tacaíochta daonlathaí agus neamhdhaonlathaí le chéile.' Grianghraf: Tobias Schwarz/AFP/Getty Images.

Feicimid na céadta grianghraf gach seachtain ar nuachtáin, ar irisí, ar an idirlíon. A bhformhór imíonn leo isteach i bpoll mór fairsing na díchuimhne, agus nach maith sin? Ach fanann fo-rud, go minic ar chúiseanna nach bhfuil iomlán soiléir.

Tá intuigthe cén fáth a bhfuil cuimhne ghléineach agam ar an soicind úd nuair a léim laom lasrach amach as cúl an Concorde Air France deiridh sin sular phléasc an t-iomlán, mar shampla.

Ceann eile a chuir uafás orm féin ba ea grianghraf de Ghroisní tar éis do na Rúisigh an áit a scrios bun barr sa bhliain 2000. Bean aonair ag siúl na slí, mála beag ina lámh aici, agus gan aon rud ina timpeall ach smionagar na bhfoirgneamh do gach leith. Gan neach beo eile le feiscint, mar is dócha nárbh ann dóibh.

Níor chuaigh grianghraf mar é i bhfeidhm ar an domhan mór mar a dhein, abraimis, an íomhá den chailín bocht Phan Thi Kim Phuc ar stialladh na héadaí di agus ar scalladh a craiceann le linn aer-ruathair bhuamála na Stát Aontaithe ar mhuintir Vítneam d’fhonn iad a shaoradh uathu féin. Chuir sin oiread masmais agus déistin ar dhaoine gur chuir cor mór i meon an phobail, nach mór an oiread céanna leis na málaí corpáin a bhí ag tuirlingt go tiubh abhaile.

READ SOME MORE

Is é eagla atá orm go bhfuilimid chomh cleachtaithe anois le grianghrafanna de chathracha scriosta gurbh ar éigean go n-ardaíonn fabhra ná go gcuireann muc ar aon mhala. Gaza de ló is d’oíche, agus gan oiread airde air is a thabharfaí ar phúróg sa bhróg.

Chonaiceamar cheana é, is ea, in Groisní, ach chomh maith leis sin in Mariopul, Mosul, Aleppo, Raqqa, Fallujah, Gaza agus eile lenár linn. Is é uafás diachrach an scéil gur thóg sé míonna fada na cathracha sin a leagadh le hairm ghránna choinbhinsiúnta.

Dhéanfaí an gnó céanna i bhfad níos gasta agus níos éifeachtaí agus níos críochnúla le bábóg de bhuama beag núicléach.

Tá an chuma air nach bhfuil eagla ar dhaoine rompu feasta.

Is í an tsamhail a luaitear leis na blianta seo ná go bhfuil siad dealraitheach leis an tréimhse roimh 1939; ach is cosúla go mór ár linn le 1914 nuair a bhí síocháin rófhada san Eoraip dar leis na míleataigh agus gur mhithid féasta fola eile.

Tá Mark Rutte, ceannasaí cogaidh Nato ag caint go síoraí ar thuilleadh airgid a chrú ó dhaoine d’fhonn innill bháis a cheannach mar mhalairt ar shláinte, oideachas, agus leas sóisialta a chothú. ‘Cosaint’ an leithscéal, cé gurb ionsaí is túisce a dhéanann Nato féin.

‘Cosaint’ an chúis a thug na Stáit Aontaithe nuair a scriosadar Vítneam; ‘cosaint’ a bheir ar Phutin tabhairt faoin Úcráin; ‘cosaint’ an trúig le hionsaí na comhghuaillíochta idirnáisiúnta ar an Iaráic; ‘cosaint’ an leithscéal a bhí ag na Seapánaigh Pearl Harbout a bhuamáil.

Is de shuimiúlacht gurbh í Roinn an Chogaidh a bhíodh ar Roinn Cosanta na Breataine Móire go dtí 1964. Ba mhacánta an focal ‘cogadh’ a chur isteach in áit ar bith a luaitear ‘cosaint’ i mbladar an lae inniu, mar is iad an dá mhar a chéile iad maidir le míleataigh an bháis é.

Ag téisclim chun cogaidh atá aos armtha an lae inniu, agus a lucht tacaíochta daonlathaí agus neamhdhaonlathaí le chéile.

Grinnfhéach ar na grianghrafanna thuasluaite. Féach anois orthu, mar ní fheicfidh tú grianghraf ar bith feasta a choíche ná go deo de chathracha scriosta ná de chnámharlaigh bheo ná de chuileoga féin ar chloch má dhéantar toil ár máistrí cogaidh atá ag cur ina luí orainn go gcaithfear íoc as an mbás ach nach dtiocfaidh an bás choíche chun baile chugat féin.

Óir, ní bheimid ann le féachaint orthu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar