Ceiliúradh Éigse na Brídeoige agus teacht an earraigh

Reáchtáiltear an Éigse in onóir Lá Fhéile Bríde agus tús an earraigh

Tadhg Ó Murchú i gContae Chiarraí in 1936. Grianghraf: Séamus Ó Duilearga/Cnuasach Bhéaloideas Éireann
Tadhg Ó Murchú i gContae Chiarraí in 1936. Grianghraf: Séamus Ó Duilearga/Cnuasach Bhéaloideas Éireann

FOCLÓIR: Laethanta cinn ráithe - quarter days; Uíbh Ráthach - Iveragh; nós - habit/tradition; réamh-Chríostaí - pre-Christian; seanchas - folklore; taispeántas - exhibition; réaltóireacht - astronomy.

Scéalaíocht mhaith agus cuideachta bhreá. Gnéithe lárnacha iad sin a bhain le nós na bothántaíochta agus le hoícheanta scoraíochta i saol na tíre le fada an lá.

Deis a bhíodh ann do dhaoine casadh ar a chéile, go háirithe chun éalú ón drochshíon le linn oícheanta fada dorcha an gheimhridh.

Ó aimsir an tseantraidisiúin réamh-Chríostaí anuas go dtí an lá atá inniu ann, cuireadh nós cheiliúradh mhórócáidí ar nós Imbolc - nó Lá Fhéile Bríde mar is fearr aithne air - ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

READ SOME MORE

Amanntaí, bhain an iliomad gnásanna uathúla, agus nósanna spleodracha, leis na laethanta cinn ráithe seo, le féilte na naomh, le hoilithreachtaí agus le hócáidí eile ceiliúrtha.

I bhféilire na nGael, tagann deireadh leis an ngeimhreadh ar Lá Fhéile Bríde agus cuirtear tús le ráithe an earraigh, leis an athnuachan agus an t-athfhás.

Bunaíodh Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach, i gContae Chiarraí, in 1993 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile agus ar thraidisiún na Brídeoige, gnás ar leith a bhaineann le Lá Fhéile Bríde.

De réir an traidisiúin, théadh slua Brídeoga, nó Biddies mar a thugtaí orthu uaireanta, ó theach go teach ag cleamaireacht, ag damhsa, ag ceol, agus ag spraoi. Bhíodh brídeog - samhail de Bhríd déanta as punann thuí - ina seilbh acu go minic agus ag brath ar nós na háite, bhídís gléasta in éide geala agus aghaidheanna fidil á gcaitheamh acu.

“Ar oíche na hoscailte, oíche Fhéile Bríde, beimid i gCathair Dónall agus tá an-seans go dtiocfaidh dream de na Biddies isteach ag pleidhcíocht, ag rince agus ag canadh,’ a dúirt Fíona de Buis agus í ag labhairt le Tuarascáil faoina bhfuil beartaithe d’Éigse na Brídeoige i mbliana.

Pléitear téama éagsúil ag an Éigse gach bliain. “Pléimid ábhair éagsúla a bhaineann leis an bpobal áitiúil – cúrsaí eisimirce agus inimirce, bliain amháin, Sceilg Mhichíl bliain eile,” a dúirt de Buis.

“Phléamar saol Dhónall Uí Chonaill, an Cumann Lúthchleas Gael, agus bliain eile phléamar an file áitiúil, Tomás Rua Ó Súilleabháin, a bhí comhaimseartha le Dónall Ó Conaill.”

An bailitheoir seanchais Tadhg Ó Murchú, a bheidh faoi chaibidil ag Éigse na bliana seo agus tá an tOllamh Ríonach Uí Ógáin le caint dar teideal ‘An Eideafón agus an Peann’ a thabhairt ar shaothar Uí Mhurchú.

Tá Éigse na Brídeoige imithe ó neart go neart le breis agus tríocha bliain anuas agus, leis an réimse leathan imeachtaí a reáchtáiltear, ní ionadh ar bith é go bhfuil méadú tagtha ar an líon daoine a mhealltar go Ciarraí theas ag tús mhí Feabhra.

Bíonn seanchaithe, scríbhneoirí, filí agus ceoltóirí ann, mar aon le daoine eile, chun seanchas agus oidhreacht shaibhir an cheantair a phlé agus a roinnt.

Ar ndóigh, cuirtear fáilte roimh dhuine ar bith ar spéis leo béaloideas agus scéalaíocht na háite agus na gceantar máguaird.

Agus níl aon amhras ach go bhfuil saibhreas béaloidis agus seanchais sa cheantar seo.

Sa leath uair nó mar sin, ar labhair bhur gcomhfhreagraí le de Buis, luadh scéalta agus daoine as Baile ‘n Sceilg, an Coireán, an Cillín Liath, Gleann Beithe agus Cathair Dónall i measc go leor áiteanna eile. Is i gceantar Uíbh Ráthaigh a chaith Tadhg Ó Murchú na blianta fada ag bailiú scéalta, dánta agus amhráin ó mhuintir na háite.

Tá a shaothar, a bhailigh sé idir 1935-1958, caomhnaithe i mbailiúchán Chnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath.

“Bhí cónaí ar Ó Murchú sa Choireán ach bhí rothar aige agus théadh sé timpeall le hediphone - seanghléas taifeadta fuaime - ar chúl an rothair aige,” a dúirt de Buis.

“Nuair a thagadh sé abhaile tar éis a bheith ag labhairt le daoine agus á dtaifeadadh, scríobhadh sé síos gach rud.”

“Bhí scríbhneoireacht álainn aige, agus tá 60,000 leathanach de scéalta, amhráin agus ceol ó Chiarraí i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.”

Taifeadadh scannán dubh agus bán faoin ediphone in 1941 inar taispeánadh Ó Murchú ag tabhairt cuairte ar sheanchaithe na dúiche chun iad a thaifeadadh.

“Níl ann ach dhá nóiméad déag, ach tá sé an-deas ar fad agus táimid chun é sin a thaispeáint ag an Éigse,” a dúirt de Buis.

Cuid lárnach den fhéile is ea an scéalaíocht ach beidh ceol le cloisteáil freisin.

Bhailigh Ó Murchú dhá amhrán déag ó sheanathair an amhránaí Tim Dennehy, arb as Uíbh Rathach dó ó dhúchas.

“Tá sé ag iarraidh beocht a chur ar ais sna hamhráin,” a dúirt sí.

“Bailíodh na hamhráin óna sheanathair, Pádraig Ó Ceallaigh, a raibh cónaí air i sráidbhaile Chill Rialaigh agus tá Tim chun iad a chanadh le bean ón gceantar – Róisín Mullarkey - a bhfuil guth álainn aici.”

“Cuid acu, is amhráin iad a bhfuil cur amach againn orthu, ach cuid eile is cinn iad atá sa chartlann ach nach bhfuil á gcanadh faoi láthair.”

I measc na n-imeachtaí eile a reáchtálfar beidh caint le Seán Mac an tSíthigh faoin réaltóireacht agus an béaloideas.

Tabharfaidh Mícheál Ó Leidhin caint dar teideal ‘Is Fearr Seachtain sa Phriaracht’ agus reáchtálfar seimineár dar teideal ‘Cad is fiú Béaloideas sa Saol Comhaimseartha’. Beidh Altan agus Pólca 4, agus go leor eile, i mbun ceoil.

Costas an-réasúnta de €50 atá ar thicéad don deireadh seachtaine.

Traidisiúin

Tá súil ag de Buis go n-eascróidh tionscadal nua as an Éigse chun go mbaileofar béaloideas an cheantair san aon áit amháin.

“Nílimid cinnte conas é sin a dhéanamh, ach ba chóir an comhrá a thosú,” a dúirt sí.

Caithfidh an t-ábhar a bheith ar fáil i bhfoirm shothuigthe ionas go mbeidh daoine in ann teacht air go héasca.

Tá cuid mhór den ábhar atá sa chartlann scríofa sa seanchló Gaelach, rud a fhágann é deacair le léamh, go háirithe do dhaoine óga.

“Tá muid ag súil leis an mbéaloideas a chur ar fáil ar shlí éigin, i bhfoirm leabhair b’fhéidir, nó i bhfoirm thaispeántais, nó ar shlí eile.”

Is oidhreacht í a bhaineann le ceantar Uíbh Ráthach agus creideann de Buis go láidir go bhfuil sé de cheart ag na daoine, go háirithe ag an nglúin óg, í a bheith acu.

“Maidir leis na scéalta a bhí ag [an seanchaí clúiteach] Seán Ó Conaill, baineann cuid acu le draíocht agus leis an saol eile,” a dúirt sí.

“Bíonn teacht ag na leanaí ar an-chuid leabhar [ar an ábhar céanna] atá an-tarraingteach, ach táimid ag súil go mbeidh teacht acu ar a leithéid óna gceantar féin.

“Tá go leor rudaí eile is féidir a dhéanamh ó thaobh na healaíne agus na drámaíochta de leis na scéalta sin.”

Reachtálfar Éigse na Brídeoige ón 31/01/25-02/02/25. Ticéid: eventbrite.ie

Breis eolais: eigsenabrideoige.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.