Uachtarán agus rí

Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an gcumhacht a bhíodh ag ríthe fadó, gan trácht ar an údarás gan teorainn atá ag cuid acu fós faoi láthair.

"Léirigh cinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe gur miotas eile é deighilt na cumhachta idir an feidhmeannas agus an dlí féin." Grianghraf: Ash Ponders/The New York Times

Nuair a dhéantar portráid de rí ní fheictear ach an taobh amuigh de, agus sin é an baol. Bhí tráth ann nuair a cheap Dia na ríthe i gcoróin, agus nuair a d’athraigh sé a intinn b’éigean obair a sholáthar do lucht tua agus aos gilitín. Is róbhaol, áfach, go dtiocfaidh siad ar ais i bhfoirm amháin nó i gcruth eile.

Nó sin é an chuma atá air nuair a shocraigh an Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe go mbeadh saordhul ag an Uachtarán ó aon choir a chuirfí ina leith agus é nó í i mbun dualgais an stáit. B’ionann sin, mar a mhínigh an breitheamh Sonia Solmeyer, agus rí a dhéanamh den uachtarán. Mar is duine é rí atá os cionn an dlí, nó óna síolraíonn an dlí mar ghrásta anuas ón saol nó ó cheantar aineoil.

Tá polaitíocht na Stát Aontaithe scanrúil go leor faoi láthair agus iad ag iarraidh a gcrúba a leathnú aon áit a bhfuil stát le ceannach nó ionad míleata a lonnú gan chumhacht ríogúil a thabhairt don té a thoghfar mar uachtarán le toil chuid éigin den phobal. Oir, tá an iomad stát nó polaitbhurg ann faoi láthair a bhfuil rí, banríon, impire, banimpire, amir, saudán, tsar, caesar, prionsa, diúc nó barún ina bhun, gan a bheith ag cur leo.

Breis agus dhá scór stát as an dá chéad éigin díobh atá ar an domhan seo a bhfuil an rialtas primitíveach pribhléideach amach as scéalta béaloidis seo acu. Aisteach go leor, tá dosaen de na stáit réamh-nua-aoiseacha díobh seo inár gcríochaínn beag féin, an Eoraip fhorásach dhul-chun-cinniúil liobrálach daonlathach. An Afraic féin, an mhór-roinn is lú ina bhfuil na rialtais seo ar cheart iad a bheith dearmadta ag an stair acu, rud a fhágann gurb í is daonlathaí, bhuel, fág deachtóirí as an áireamh.

READ SOME MORE

Léirigh cinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe gur miotas eile é deighilt na cumhachta idir an feidhmeannas agus an dlí féin. Ná bacaimis leis na deachtóireachtaí sin inar léir gurb ionann toil an rialtais agus toil na mbreithiúna, ach de réir gach tuairisce tá neamhspleáchas an dlí ar na cumhachtaí réimiúla polaitíochta á leá go fiú sna stáit sin nach mbeimis ag coinne leis iontu.

San Eilvéis féin, tír níos miondaonlathaí reifreannbhách ná aon cheann eile inár dtimpeall, tá baint ag na páirtithe polaitiúla i gceapachán na mbreithiúna is airde. Cloisim sioscadh ó mo chuid foinsí i bPoblacht na Seice, na Polainne, agus gan trácht ar an Ungáir chomh maith céanna gurb é a ndála féin acu é. Agus má tholgtar galar i Meiriceá, níl aon chúis nach leathnódh sé aniar chugainn ach an oiread le country ‘n western nó an mac mór.

Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an gcumhacht a bhíodh ag ríthe fadó, gan trácht ar an údarás gan teorainn atá ag cuid acu fós faoi láthair. Ar fud na hÁise tá ríthe, mar atá in Brúiné, nó san Iordáin, nó san Araib Shádaisteach a bhfuil cumhacht absalóideach acu, faoi mar atá ag na monairc in Lichtenstein agus in Monaco againn féin. Tá ag an bPápa, leis, ach ar a laghad toghtar é siúd agus ní baol dúinn aon ionradh óna Gharda Eilvéiseach fós.

Ráiteas baoth a chloistear go minic is ea go bhfuil dream amháin nó eile ‘ar an taobh ceart den stair’ amhail is go raibh an stair ag gluaiseacht in aon treo amháin gan teip. Ní léir dom aon chúis nach dtiocfadh ríthe ná impirí ar ais le toil lúitéiseach.

Maidir liom féin de, ní hionann sin go bhfáilteoinn roimh aon duine de mhuintir Uí Néill lofa, Uí Bhriain bhréin ná Uí Chonchubhair chorbaigh le dul i gceannas arís mar Ard Rí anseo.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar