‘Teanga neamhpharlaiminteach’

Beidh deis ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais agus ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha a léiriú go bhfuiltear dáiríre faoi thodhchaí na teanga san AE.

Cuireadh síneadh ama an mhí seo le maolú ar sheirbhísí ateangaireachta agus aistriúchán na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa, áit ar reáchtáladh an chéad chruinniú go hiomlán sa teanga an Mháirt seo caite.

De réir na rialacha, ní mór seirbhísí a bheith ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ach cé go bhfuil ardú mór tagtha ar líon na n-aistritheoirí agus na hateangairí atá fostaithe ó 2021 nuair a cuireadh deireadh le maolú na Gaeilge sa AE, níl soláthar cuí ar fáil fós sna hinstitiúidí ar fad.

Tá eisceacht i bhfeidhm sa Pharlaimint anois don Ghaeilge go dtí 2029 nó go dtí go méadaítear líon na foirne. Déanfar athbhreithniú ar an staid gach sé mhí.

READ MORE

Ní chuireann ach Ollscoil na Gaillimhe oiliúint ar fáil san ateangaireacht chomhdhála i nGaeilge.

Is ar bhallstáit atá an fhreagracht oiliúint a chur ar ghairmithe, lena n-áirítear ateangairí comhdhála. Tá sé ráite le fada gur gá tabhairt faoi cheist na hoiliúna go córasach má táthar chun seirbhísí teanga cuí a chur ar fáil.

Níl ach méid áirithe ama fágtha i gcumhacht ag an rialtas seo. Deis é sin don Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, agus don Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, dáiríreacht a léiriú faoi thodhchaí na teanga san AE agus iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach.

‘Tá ár dteanga á marú os ár gcomhair’

Ní raibh Seachtain na Gaeilge ach díreach thart nuair a fuair Tuarascáil nóta ó léitheoir darb ainm John Rogers faoin neamhaird a tugadh ar fhreagra i nGaeilge a thug an Tánaiste Mícheál Martin ar cheist faoi chinneadh Leo Varadkar éirí as a phost mar Thaoiseach.

“Bhí mé ag féachaint ar an nuacht inné ar RTÉ 1,” a dúirt an tUasal Rogers sa nóta.

“Bhí preasagallamh ar siúl leis an Tánaiste tar éis óráid an Taoisigh.”

“I dtreo an deiridh cuireadh ceist as Gaeilge air ach nuair a thosaigh an Tánaiste ag freagairt i nGaeilge, chuaigh RTÉ Nuacht ar ais go dtí an stiúideo.”

Luaitear na rialacha neamhscrite cainte ó am go chéile a cheadaíonn úsaid na Gaeilge i gcómhthéacsanna áirithe ach má táthar chun na gnásanna teanga sin a cheansú, beidh gá le cur chuige misniúil, dána, agus nuálach ó na meáin.

Mar a deir an tUasal Rogers: “Níl a fhios agam cad eile [is féidir a] rá. Níl a fhios agam cad eile [is féidir a] dhéanamh.”

“Tá ár dteanga á marú os ár gcomhair.”

Read More

Recommended