Aililliú! Dea-scéalta!

Suas go dtí 40í na haoise seo caite d’fhaigheadh seachtar as céad leanbh bás sula sroichfidis aois a haon agus comóradh a lae breithe.

Is minic ráite go mbíonn an iomad de dhrochscéalta tragóideacha ar nuacht an lae. Mar fhreagra ar sin maítear nach nuacht a bheadh ann gur thuirling 90,000 eitleán slán ar fud an domhain inniu is nach raibh timpiste ar bith ar an M50. Fós féin, tá rud éigin ginte ionainn an scraith dhorcha a iompáil aníos, lándeimhin a dhéanamh go bhfuil an saol ar tuathal.

Ní ardóidh an méid seo a leanas croí lucht na cáinseoireachta, na cnáimhseála agus na casaoide ach is dona liom a fhógairt go bhfuil an saol ag dul i bhfeabhas agus tá súil nach n-iompóidh bolg na fírinne do ghoile. Tá an stát seo breis bheag agus 100 bliain d’aois agus tá feabhas tagtha ar gach aon tomhas is féidir a dhéanamh maidir le beatha, le sláinte, le hobair nó le hoideachas daoine. Mairimid cúig bliana fichead níos sia ar an meán anois ná mar a dheineamar nuair a bhí príosúnaigh á lámhach mar chuid dhleathach den chogadh cathartha. Suas go dtí 40í na haoise seo caite d’fhaigheadh seachtar as céad leanbh bás sula sroichfidis aois a haon agus comóradh a lae breithe. Faoin mbliain 2000 bhí ráta 95.5 faoin gcéad de leanaí a tháinig slán óna gcéad bhliain dá mbeatha tar éis a saolaithe, agus táimid ar cheann de na tíortha is sábháilte ar domhan anois i gcás páistí ina dtús dóibh.

Cé go raibh an feabhas sin ag dul ar aghaidh go comhghnách i ndiaidh ar ndiaidh, tháinig léim mhór i ngach gné den dea-scéal sin le fiche éigin bliain anuas. Ní bhfaigheann ach a leath oiread bás de dheasca timpistí oibre anois seachas mar a bhíodh i dtosach na haoise seo. Tá oideachas tríú leibhéil anois ag leath den phobal fásta, nuair nach raibh ach scolaíocht dara leibhéal ag an gceathrú cuid de dhaltaí sular tugadh saoroideachas meánscoile isteach. Tá nach mór lánfhostaíocht inniu againn tar éis oiread sin taithí a bheith inár measc ar na scuainí dóil gan trácht ar an mbád bán, agus táimid i bpríomhléig eacnamaíochta an domhain de réir meastóireachta ar bith go fiú nuair a dhéanaimid suaitheadh idir an Olltáirgeacht Intíre agus an Olltáirgeacht Náisiúnta.

Má leanaim orm mar seo beidh sibh chomh mór neamhshuim anseo leis an reifreann cheana. Ach tá a amhlachas sin fíor, leis, faoi go leor de thíortha bochta an domhain, a rabhamarna ina measc ar feadh i bhfad. Agus toisc go raibh cabaireacht gan chríoch faoi reifreann an deireadh seachtaine ar feadh tamaill fada gan áireamh agus a raibh d’impleachtaí ann nó gan a bheith ann, is fiú a áireamh go raibh tofa againne ceann stáit baineann níos sia i réim ná nach mór gach tír eile ar domhan. An Bhanglaidéis (tír Mhoslamach) agus an Íoslainn an dá thír eile chun tosaigh orainn sa chás sin.

READ MORE

Sa bhliain 1950 bhí trí cheathrúna de phobal an domhain faoi dhianbhochtaineacht, meastar gur lú na 10 faoin gcéad an t-áireamh sin anois. Sa tSín amháin, tógadh 800 milliún amach as an ainnise laistigh de thríocha bliain. Sa tréimhse chéanna sin tá níos mó daoine seolta isteach thar tairseach an tríú leibhéil oideachais ná mar a déanadh le trí mhíle bliain anuas le chéile.

An chuid is mó den fheabhsú seo, is amhlaidh gur tharla san áit a dtugaimis ‘an tríú domhan’ go maslach air agus ‘deisceart domhain’ inniu, cé nach laisteas den mheánchiorcal atá go leor acu. Is de shuimiúlacht, agus táimid cruinn air, go síleann óige na hIndia, na Síne, na hIndinéise, na Nigéire go mbeidh siad níos fearr as ná a dtuismitheoirí, nuair a dhealraítear air gurb í a mhalairt sin tuairim óige an iarthair ramhair.

Ní hé mo dhearmad filleadh ar an duairceas an tseachtain seo chugainn.

Read More

Recommended