Na Peirsigh as Gaeilge ar stáitse i mBaile Átha Cliath

Léiriúchán nua ar an traigéide Ghréagach, Persae, ceann de na drámaí is ársa dá bhfuil ann.

Foclóir: Peirsigh - Persians; iomráiteach – celebrated; síol – seed; leanúnachas – continuity; éigse – learned; comhbhá – sympathy; fearacht – like/similar to; fáthchiallach – allegorical; caoineadh – keening; cór – chorus; angar – distress.

Meallann scéal scéal eile, a deirtear. Agus ar bhealach, sin go díreach a tharla leis Na Peirsigh, léiriú nua ar an traigéide Ghréagach, Persae, ceann de na drámaí is ársa dá bhfuil ann.

Ar bhua na Gréige ar fhórsaí na Peirse ag Salamis in 480 RC a bhunaigh an scríbhneoir Gréagach Aeschylus an dráma, ocht mbliaina i ndiaidh an chatha, sa bhliain 472 RC.

Cuirfear tús le caibidil nua i stair an dráma chlasaicigh seo nuair a léireofar leagan Gaeilge de ar stáitse den chéad uair riamh mar chuid de cheiliúradh ar an 120 bliain ó bhunaigh Lady Gregory agus WB Yeats Amharclann na Mainistreach in 1904.

READ MORE

Is annamh a léirítear drámaí i nGaeilge ar stáitsí Amharclann na Mainistreach, rud atá ina ábhar clamhsáin ag pobal na Gaeilge le fada an lá. Ach mar sin féin, is cinnte go bhfáilteofar roimh an léiriú seo.

Aistriúchán leis an scríbhneoir agus an file iomráiteach Nuala Ní Dhomhnaill atá sa leagan úr Gaeilge seo, atá á stiúradh ag an stiúrthóir aitheanta Conor Hanratty.

I measc aisteoirí an dráma, tá Bríd Ní Neachtain, Caitríona Ní Mhurchú, Timmy Creed, Marion O’Dwyer, Brendan Conroy agus daoine eile nach iad.

Podchraoladh

D’eascair an léiriú is déanaí den dráma ó thionscnamh de chuid Hanratty le linn dhianghlasáil Covid-19 nuair a bhí ar amharclanna na tíre na doirse a dhúnadh.

Is dráma é Na Peirsigh “le líon mór aisteoirí ag bogadh, ag aisteoireacht agus ag canadh le chéile,” mar a deir Hanratty, agus ba léir nach bhféadfaí a leithéid de thogra a léiriú ar stáitse le linn na géarchéime.

Ach, an té a bhíonn ag síorfhéachaint ar an ngaoth, ní chuirfidh sé síol, mar a deirtear, agus is amhlaidh gur thuig Hanratty é sin.

Socraíodh ar leagan fuaime a thaifeadadh agus eisíodh sraith de dheich gclár mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath in 2020.

D’éirigh go geal leis an bpodchraoladh, agus beidh cuid de na haisteoirí a ghlac páirt sna taifid sin ar stáitse in Amharclann na Péacóige an babhta seo, rud a chreideann Hanratty a rachaidh chun tairbhe don léiriú.

“Tá saghas leanúnachais ann. Samhlaím gur chuireamar gairdín lán síolta leis an bpodchraoladh,” a dúirt sé.

Cé go bhfuil breis agus 2,500 bliain caite ón uair a cloíodh cabhlach rí na bPeirseach, Xerxes, i gcath Salamis, agus ó chéadscríobhadh é, níor bhain imeacht na haimsire aon phonc den dráma.

Spreag an dráma díospóireacht i measc na foirne nuair a d’aithin siad, le linn na gcleachtaí, cosúlachtaí idir scéal na Gréige agus scéal na hÉireann

“Bhuel, is dráma é seo faoi náisiún beag oileánda atá faoi bhagairt ag a chomharsana impiriúla le fada an lá,” a dúirt Hanratty.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé ródheacair teacht ar chomhchosúlachtaí idir gnéithe d’eispéiris na hÉireann agus na Gréige,” a dúirt sé.

“Bhíomar ag plé an scriosta atá á mhothú ag pobal na Peirse, agus, mar shampla, na cosúlachtaí láidre le hÉirinn tar éis an Ghorta.”

“Is é saibhreas an téacs seo ná go n-iarrann sé - b’fhéidir go n-éilíonn sé fiú - comhbhá le peirspictíochtaí iolracha,” a dúirt sé.

Ach tá cosúlachtaí eile ann freisin.

Dar ndóigh, bhí cultúr na hÉireann faoi thionchar litríocht na hEorpa tráth dá raibh, agus is léir go raibh eolas maith ag éigse na nGael ar an ré chlasaiceach.

Is minic, mar shampla, a luaitear Mac Rí na Gréige sa seanchas agus Eachtar (Hector) taobh le Conall Cearnach san fhilíocht.

Mhínigh Hanratty go bhfaca sé an dráma Persae go minic le linn dó a bheith sa Ghréig, áit ar thug sé cosúlachtaí idir é “agus ár dtraidisiún fileata féin” faoi deara.

Fearacht foirm fileata Aisling pholaitiúil na nGael, tá gnéithe fáthchiallacha le sonrú i saothar Aeschylus.

“Is minic a fheicimid an t-aisling agus an caoineadh inár bhfilíocht féin, agus mar sin, cheap mé gur smaoineamh a bheadh ann iniúchadh a dhéanamh ar chonas an dráma seo agus ár dteanga a chur le chéile,” a dúirt sé.

Gnás nua

Cuireadh tús leis an gcleachtadh don léiriú is déanaí ag deireadh mhí Eanáir. Naonúr d’fhoireann aisteoirí atá sa dráma san iomlán (ochtar sa chór agus an rí), agus is léir go bhfuiltear ag tabhairt go fonnmhar faoin gcúram.

Cuirtear tús leis an dráma nuair a thagann teachtaire (Timmy Creed) ar an láthair. Tá an dráma suite i bpríomhchathair na bPeirseach agus craobhscaoileann an teachtaire an nuacht do cheannairí impireacht na Peirse gur cloíodh Rí Xerxes sa chath agus gur maraíodh a dheartháir.

“Tá an ról atá agam ana-shuimiúil,” a dúirt Creed, agus é ag comhrá le Tuarascáil agus é ar sos ón gcleachtadh.

“Tagann mo charachtar ar an stáitse agus bíonn monalóg 25 nóiméad aige. Gaeilge fhileata atá in aistiriuchán Nuala Ní Dhomhnaill, agus cé gur dhúshlán a bhí ann ar bhealach, mheall sé sin mé,” a dúirt Creed.

“Tá an dráma lán le mothúcháin mhóra agus tá an caoineadh agus an aisling mar chuid mhór de freisin.”

Mar is eol dúinn ó dhrámaí agus scannáin fhíse a thugann léiriú ar ár an chatha, ní minic a léirítear an léirscrios a fhágtar ina dhiaidh, idir chogadh, ghorta agus ghalar. Is a mhalairt atá fíor sa dráma seo áfach, áit a ndéantar dianmhachnamh ar thragóid an chogaidh. Agus chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, bhain Aeschylus úsáid as an teachtaire mar chleas nuálach drámaíochta nuair a léiríodh den chéad uair riamh é, 2,500 bliain ó shin.

“Nós nua a bhí ann teachtaire a thabhairt ar stáitse chun nuacht a chraobhscaoileadh agus lean scríbhneoirí eile leis an nós ina dhiaidh sin,” a dúirt Creed.

“Thosaigh sé sin leis an dráma seo,” a dúirt sé.

As sin amach, ba nós le húdair úsáid a bhaint as teachtaire a thagadh ar stáitse le cur síos a dhéanamh ar chath nó ar thragóid nó ar eachtra éigin eile a tharla i gcéin. Bíonn an cór ar an stáitse i gcaitheamh an ama agus seasann na haisteoirí isteach agus amach as de réir mar is gá.

“Tá ana-chuid gluaiseachta ann,” a dúirt Creed.

“Ní bhíonn siad ag canadh ach déantar fuaimeanna éagsúla le linn an dráma. Is caoineadh de chineál atá i gceist, agus déanann an cór caoineadh síos tríd,” a dúirt sé.

Tuigtear dóibh gur bhotún ag na Peirsigh é iarracht a dhéanamh leathnú a dhéanamh ar a bhforlámhas.

“Is saghas deasgnátha atá ann amhail is go bhfuil iarracht éigin á dhéanamh acu chun na fadhbanna atá acu a réiteach.”

Ní mórán a dhéanann staidéar ar scoil ar an léann clasaiceach a thuilleadh ach ní bheidh sé sin ina bhac ar an lucht féachana - is eol don saol comhaimseartha angar scéal Aeschylus.

“Tá trácht ann ar an bhforéigean agus ar chogadh agus, go láthair na huaire, feiceann muid é sin sa saol atá thart orainn,” a dúirt Creed.

“An seanscéal atá ann ar shlí amháin, bíonn daoine ag fulaingt de bharr an fhoréigin agus déantar caoineadh i ndiaidh na ndaoine atá imithe.”

* Léireofar Na Peirsigh/Persians as Gaeilge le fotheidil Bhéarla ar Stáitse na Péacóige, Amharclann na Mainistreach, 6 Márta-6 Aibreán. Breis eolais: abbeytheatre.ie.

  • See our new project Common Ground, Evolving Islands: Ireland & Britain
  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here

Read More

Recommended