Tonnta: Gaillimh le ceiliúradh mar chathair dhátheangach

Altan agus Liam Ó Maonlaí le seinm i bhféile úrnua a chuirfidh deiseanna ar fáil do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, beag beann ar a gcumas.

Foclóir: tírdhreach – landscape; feathal – distinguishing feature; iorras – promontory; anallód – olden times; dearthóir – designer; tionscadal – project; fréamhú – take root.

Ag tuile agus ag trá a chaitheann an fharraige an lá. Agus nach fíor don nath? Is de bharr síor oibriú na farraige agus an tionchar a bhíonn aige sin ar an tírdhreach a thagann na hathruithe as a n-eascraíonn go leor d’ainmneacha bailte agus feathail chósta na tíre seo.

Aithneoidh léitheoirí áiteanna a bhfuil na focail dumhach (cnocán gainimh), guaire (cnocán gainimh ar thalamh), caladh, inbhear, trá nó iorras san ainm acu.

Ní hamháin go bhfuil dlúthghaol ag an bhfarraige le tírdhreach na hÉireann ach tá sí fréamhaithe freisin i ndúchas, i ngnásanna agus i gcultúr an phobail. Spreag sí an iliomad amhrán, dánta agus scéalta le himeacht aimsire - ón anallód go dtí an lá atá inniu ann.

READ MORE

Corraíonn an mhuir mhór bhraonach rud éigin i gcnámha an uile dhuine: ‘tá gach uile shórt sa bhfarraige, tá an t-ór agus an t-airgead agus an beo agus an marbh ann’.

B’fhéidir nach aon iontas é mar sin gurbh í a spreag an t-ainm a baisteadh ar fhéile nua ceoil agus ealaíne atá beartaithe do chathair na Gaillimhe le linn deireadh seachtaine na féile Bríde i mí Feabhra.

“Caithfidh mé a rá go ndeachaigh muid siar agus aniar agus siar agus aniar agus muid ag iarraidh ainm a fháil,” a dúirt Bríd Ní Chonghóile, príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge agus stiúrthóir na féile.

“Bhí muid ag iarraidh go meallfadh an t-ainm daoine, go mbeadh siad in ann nascadh beagnach paiseanta a dhéanamh leis, gur focal amháin a bheadh ann, ach go mbeadh cumhacht dá chuid féin aige – mar aon le ‘fuinneamh’ agus le ‘gluaiseacht’.”

“Ar deireadh, mar go raibh an t-am ag imeacht, chuaigh muid i dteagmháil leis an dearthóir Ray McDonnell. Is é a mhol ‘Tonnta’ a thabhairt mar ainm ar an bhféile.

“D’fhear nach bhfuil mórán Gaeilge aige, tá tuiscint an-mhaith aige ar an teanga, agus ar an gcineál ruda a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh leis an bhféile seo,” a dúirt Ní Chonghóile.

“Nuair a shamhlaíonn tú brí an fhocail, ní shamhlaíonn tú rud atá socair, ach rud a bhíonn ag athrú go síoraí, agus sin atá uainn leis an bhféile le cúnamh Dé – go mbeidh sé de shíor ag athrú ar bhealach maith agus go mbeadh meáchan leis,” a dúirt Ní Chonghóile.

Tionól Ceilteach

Ón bhFéile Pan Ceilteach a d’eascair an smaoineamh don fhéile Tonnta. Reáchtáladh an tionól Ceilteach sin i nGaillimh idir 1991 agus 1994. Deis a bhí ann ceol, rince agus gnásanna na dtíortha Ceilteacha a chur os comhair an phobail.

Tuigeadh an luach a bhí leis do leas na teanga sa chathair agus mar a deir Ní Chonghóile, “ba mhór an trua nach raibh muid in ann é a choinneáil nó nach raibh ár bhféile féin againn i nGaillimh.”

“Chuidigh an fhéile sin go mór Gaillimh le Gaeilge a fhréamhú sa chathair. Bhí sé níos éasca orainn dul i gcion ar lucht gnó ó thaobh úsáid na Gaeilge de mar go raibh tú ag rá leo go raibh na daoine seo ag teacht go Gaillimh de bharr go mbíonn Gaeilge á húsáid sa chathair.”

“Bhí na hóstáin lán, na tithe tábhairne lán, agus an chathair beo bríomhar le paráideanna agus le himeachtaí - uilig mar gheall go raibh an Ghaeilge in úsáid sa chathair,” a dúirt sí.

“I bhfianaise stádas dátheangach na cathrach, ba chóir go mbeadh féile againn,” a dúirt Ní Chonghóile.

“Beidh an fhéile seo luachmhar dúinne chun tógáil ar an obair atá déanta cheana féin.”

Thosaigh Gaillimh le Gaeilge ag obair ar ar an tionscadal i lár mí na Samhna.

“Tharla sé chomh tapaidh sin. Tá sé mar a bheadh meitheal ann anois.”

“Tá chuile dhuine taobh thiar de,” a dúirt sí.

“Chuireamar plean le chéile agus ina dhiaidh sin tháinig an Chomhairle Cathrach agus Fáilte Éireann isteach agus bunaíodh comhpháirtíocht le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe [cuideachta a d’eascair as Gaillimh 2020].”

Cumas teanga

‘Sé an bunsmaoineamh atá le Tonnta ná go gcuirfí deiseanna ar fáil do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh, beag beann ar a gcumas.

“An rud is mó atá muid ag iarraidh a dhéanamh le Tonnta, agus i bhfianaise an phlean teanga, ná go bhfuil muid ag iarraidh dul i gcion ar níos mó daoine, go háirithe iad siúd nach bhfuil ceangal nó nasc acu leis an teanga,” a dúirt Ní Chonghóile.

“Tá muid ag iarraidh níos mó deiseanna a thabhairt daofa, i chuile aois grúpa. Is cuma cén leibhéal cumais atá acu, beidh deis acu nasc a dhéanamh leis an teanga.”

Tá sé beartaithe freisin go gcabhróidh cainteoirí Gaeilge agus gníomhaíochtaí cultúir dátheangacha an sprioc sin a chur i gcrích.

“Tá muid ag iarraidh ar na Gaeilgeoirí cuidiú linn agus tá go leor de chairde Ghaillimh le Gaeilge ag cuidiú linn san fheachtas,” a dúirt sí.

“Teastaíonn uainn é a oscailt do chuile dhuine agus cabhrú leo fáil réidh leis an fhaitíos sin a mbíonn daoine ag caint air [maidir le labhairt na Gaeilge go poiblí].”

“Beidh na hócáidí dátheangach. Beidh freastal ar na Gaeilgeoirí agus ar na Béarlóirí ach beidh béim i gcónaí ar an nGaeilge agus beidh sí chun tosaigh i gcónaí,” a dúirt Ní Chonghóile.

Ach más féile cheoil, ghrinn agus craic atá beartaithe le Tonnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach, ní ar mhuintir na cathrach amháin atá an fhéile dírithe.

Beidh fáilte roimh mhuintir na Gaeltachta ó gach cearn, a dúirt sí.

“Tá an fhéile seo oscailte do chuile dhuine. Éinne a bhfuil suim acu i gcúrsaí ceoil, i gcúrsaí Gaeilge, san oidhreacht, beidh fáilte rompu.”

Ar Altan agus ar Liam Ó Maonlaí a bheas aghaidh fhormhór an phobail, ach tá go leor eile beartaithe lena gcois sin - reáchtálfar céilí mór ar an bhFaiche Mhór, beidh ‘Trad rave’ san Róisín Dubh, beidh taispeáintis grinn agus i measc go leor eile, beidh Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin, réaltaí an podchraoladh Beo ar Éigean, ag craoladh ón bhféile.

Creideann Ní Chonghóile go bhfuil féidirthearachtaí ar leith a bhaineann le féilte agus gur féidir dul i gcion ar dhaoine trí ócáidí mealltacha a reáchtáil.

“Má thógann tú Cúirt mar shampla - an obair atá déanta acu sa chathair ó thaobh daoine nach raibh an deis acu bheith ag plé le cúrsaí litearthachta nó b’fhéidir a cheap nach raibh aon bhaint acu leis suas go dtí sin, mar gur cheap siad b’fhéidir ‘ó tá sé sin do dhaoine atá ardnósach’.

“Tá athrú iontach ar [an meon] sin anois agus tá daoine nua ag teacht agus ag scríobh agus ag cumadh. Is iontach an rud é sin agus tá sé déanta tríd an bhféile sin.”

“Tá an rud céanna fíor faoi Fhéile Ealaíon na Gaillimhe. An fás agus an fhorbairt atá tagtha ar sin agus ar chúrsaí ealaíne agus an leathnú amach atá déanta air, tá muid ag súil go ndéanfaidh Tonnta an rud céanna don teanga.”

“Tá muid ag iarraidh go mbeidh Gaeilgeoirí na cathrach mar ambasadóirí againn ag rá –seo í an teanga, seo é an saibhreas, seo an acmhainn luachmhar atá againn idir an ceol, an drámaíocht, cainteanna, cartúin, ealaín – tá chuile rud ann!”

Breis eolais: tonnta.eu

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here

Read More

Recommended